Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eseċiel 25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXV. Tairrġir air inneaċaḋ ṫeaċt ar iomḋa cineaḋ, ċionn preabaḋ anaġaiḋ na Nisraeliteaċ éttreóireaċ.

1 Ṫainic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ,

2 A ṁic an duine, suiġiḋ haġaiḋ air na Hammonítiḃ, agus tairrġir na naġaiḋ;

3 Agus abair ris na Hammoníteaċaiḃ, Eistiġ bríaṫar an Tiġearna DIA; Is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ go nduḃairt tú, Aha, a naġaiḋ mo ṡanctora, an tan do ṫruáilleaḋ í; agus a naġaiḋ ṫíre Israel, a nuáir do ḃí sí aonránaċ; agus a naġaiḋ ṫiġe Iúdah, an tan do ċúadar a ndoirsine;

4 Féuċ, air a naḋḃarsin seaċoduiġ mé ṫú do ċlannaiḃ a noirṫir mar ṡeilḃ, agus suiġeoċuid a bpáláis ionnad, agus do ḋéanuid a náitreaḃa ionnad: íosuid síad do ṫoraḋ, agus ioḃuid síad do ḃainne.

5 Agus do ḋéana mé stábla cáṁall do Rabbah, agus do na Hammonitiḃ áite luiḋe do ṫréaduiḃ: agus aiṫeontaói gur misi an TIĠEARNA.

6 Oír is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ gur ḃúáil tú do láṁa, agus gur ṗreab tú led ċosaiḃ, agus gur ġáirdiġ tú a ccroiḋe maille re haingiḋeaċt a naġaiḋ ṫíre Israel;

7 Féuċ, uimesin sínfiḋ misi mo láṁ amaċ ort, agus seaċoduiġ mé mar éadáil do na geintiḃ ṫú; agus géarrfa mé amaċ as an bpobal ṫú, agus do ḃéara mé ort dioġḃaḋ amaċ as na tíorṫaiḃ: agus scriosfuiḋ mé ṫú; agus aiṫeona tú gur misi an TIĠEARNA.

8 ¶ Is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ go nabair Moab agus Seir, Féuċ, atá tiġ Iúdah cosṁuil ris na geintiḃ uile;

9 Uimesin, féuċ, foisceola mé táoḃ Ṁóab ó na caiṫreaċaiḃ, ó na ċaiṫreaċaiḃ atá ar a imeal, glóir ṫíre, Ḃet‐Iesimot, Ḃaal‐meon, agus Ċíriataim,

10 Dfearuiḃ a noirṫir a naġaiḋ ċloinne Ammon, agus do ḃéara mé a seilḃ íad, ċor naċ ccuiṁneoċṫar na Hammonítiġ a measc na ccineaḋaċ.

11 Agus do ḃéara mé breaṫ air Ṁóab; agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA.

12 ¶ Is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ go ndéarnuiḋ Edom a naḋuiġ ṫiġe Iúdah do ġlacaḋ dioġaltais, agus gur ċiontuiġ go mór, agus gur ḋioġail é féin orra;

13 Ar a naḋḃarsin is marso a deir an Tiġearna DIA: Sínfiḋ misi fós mo láṁ amaċ ar Edom, agus géarrfa mé aiste amaċ idir ḋuine agus ḃeaṫaċ; agus do ḋéana mé áonránaċ í ó Ṫéman; agus tuitfid leis an ccloiḋeaṁ go Dédan.

14 Agus cuirfiḋ mé mo ḋioġaltas ar Edom lé láiṁ mo ṗobáil Israel: agus do ḋéanuid síad ann Edom do réir mfeirgesi agus do réir mo ċorruiġ; agus biáiḋ fios mo ḋioġaltais aca, a deir an Tiġearna DIA.

15 ¶ Is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ go ndéarnadar na Ṗilistiníġ dioġaltas, agus gur ḋioġladar maille ré croiḋe aingiḋe, dá scrios maille ré fúaṫ síoṫḃúain;

16 Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, sínfiḋ mé mo láṁ amaċ air na Ṗilistiniḃ, agus géarrfa mé as na Ċeretimiġ, agus scriosfa mé fuiġioll ċuáin na fairge.

17 Agus do ḋéana mé dioġaltas mór orra maille ré iomaiṫḃearuiḃ garg; agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA an tan leagfas mé mo ḋioġail orra.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan