Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eseċiel 24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXIV. Fó ḋá ċosaṁlaċt, do ḋeiṁniġeaḋ leirscrios Ierusalem; 15 noċ ṡáruiġeaḋ cuṁa na nuile ḋaoine.

1 A ris annsa náoṁaḋ bliaḋain, annsa deaċṁaḋ ṁí, air an deaċṁaḋ lá don ṁí, ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ,

2 A ṁic an duine, Scríoḃ ḋuit ainm an laói, eaḋon an laói ċéadnasa: do ṡuiġiḋ ríġ na Babilóine é féin a naġuiḋ Ierusalem san ló ċéanasa.

3 Agus laḃair cosaṁlaċt ris an ttiġ ċogṫaċ, agus abair ríu, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Cuir síos pota, cuir síos é, agus fós dóirt uisge ann:

4 Cruinniġ a píosaḋasin ann, eaḋon gaċ áonċuid maiṫ, an tsliasad, agus an slinnéun; líom é lé toġa na ccnáṁ.

5 Glac toġa an tréada, agus loisg fós na cnáṁa faói, agus taḃair air fiuċaḋ go maiṫ, agus fiuċaḋ sé a ċnáṁa sin ann.

6 Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; A ṁairg don ċaṫruiġ ḟuiltiġ, don ṗota aga ḃfuil an scim ann, agus naċ deaċaiḋ a scim as amaċ! taḃair amaċ é píosa air ṗíosa; ná tuiteaḋ crannċair ar ḃiṫ air.

7 Oír atá a fuil iona lár; do ṡuiġiḋ sí é ar ṁullaċ cairge; níor ḋóirt si air an ttalaṁ é, ḋá ḟolaċ lé luáiṫreaḋ;

8 Ċor go ttiuḃraḋ sé fa déara fearg do ṫeaċt a níos do ḋéanaṁ dioġaltais; do ṡuiġiḋ misi a fuil air ṁullaċ cairge, ċor naċ ḃféadfuiḋe a ḟolaċ.

9 Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; A ṁairg don ċaṫruiġ ḟuiltiġ! do ḋéana misi an teine mór.

10 Crúaċ connaḋ uirre, las an teine, díoṫaiġ a nfeóil, agus spíosruiḋ go maiṫ í, agus loisgṫear na cnáṁa.

11 Annsin cuir folaṁ é air a sméaróidiḃ, nó go raiḃ a ṗrás te, agus go ndoiġfeaḋ, agus go leaġṫar a ṡalċar ann, lé loisgṫear a scim.

12 Do ṫuirsiġ sí í féin lé bréuguiḃ, agus ní ḋeaċuiḋ a scim ṁór aisde amaċ: biáiḋ a scim annsa teine.

13 Atá úallaċus ann do ṡalċar: do ḃríġ gur ġlan misi ṫú, agus naċ raiḃ tú glan, ní glanfuiġear ód ṡalċar ṫú ní sa ṁó, nó go ttuga misi air mo ḋioġaltas socruġaḋ ort.

14 Misi an TIĠEARNA do laḃair é: tiucfa sé a ccríċ, do ḋéana mé é; ní raċa mé ar ccúl, ní mo ċoigeolus mé, ní mó ḃías aiṫreaċus orum; do réir do ṡliġṫeaċ, agus do réir do ġníoṁ béaruid síad breaṫ ort, a deir an Tiġearna DIA.

15 ¶ Mar an ccéadna ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ġa ráḋ,

16 A ṁic an duine, féuċ, beirim uáit mían do ṡúl le buille: giḋeaḋ ní ḋéana tú doilġios ní ċaóiḋfe tú, ní mó rioṫfuid do ḋéara síos.

17 Léig ḋíot éiġioṁ, ná déan cuṁa ar son na marḃ, ceangail trealaṁ do ċinn ort, agus cuir do ḃróga air do ċosaiḃ, agus ná foluiġ do ṗuisiniġe, agus ná hiṫ arán na ndaóine.

18 Marsin do laḃair mé ris na daoiniḃ air maidin: agus déug mo ḃean tráṫnóna; agus do rinne mé air maidin mar do haiṫniġeaḋ ḋíom.

19 ¶ Agus a duḃairt an pobal riom, Naċ inneosa tú ḋúinne cred atá ḋúinn is na neiṫiḃse, do ni tú marso?

20 Annsin do ḟreagair misi íad, Ṫáinic briaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ,

21 Laḃair re tiġ Israel, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, truáilleoċa misi mo ṡanctóir, oirḋearcus ḃur neirtesi, fonn ḃur súl, agus an ní is trúaġ lé ḃur ccroiḋe; agus ḃur mic agus ḃur ninġeana noċ do ḟágaḃair tuitfid leis an ccloiḋeaṁ.

22 Agus do ḋeantaoi mar do rinne misi: ní ḟoileoċuiḋe ḃur bpuisiniḋe, ní mó íostaói arán ná ndaóine.

23 Agus biáiḋ ḃur ttrealaṁ air ḃur cceannaiḃ, agus ḃur mbróga air ḃur ccosaiḃ: ní ḋéantaoi gul nó gearán; aċt beiṫí cnaóiḋṫe ar son ḃur néigceart, agus caóiḋfiḋe gaċ aon agaiḃ ar aġaiḋ a ċéile.

24 Marso atá Eseċiel na ċoṁarṫa ḋíḃ: do réir na nuile neiṫe dá ndéarna sé is marsin do ḋéantaóise: agus an tan ṫiucfas so, aiṫeontaói gur misi an Tiġearna DIA.

25 ¶ Mar an ccéadna, a ṁic an duine, naċ eaḋ ḃías annsa ló a mbéara misi a neart úaṫa, gáirdeaċus a nglóire, mían a súl, agus an ní air ar ṡuiġeadar a ninntin, a mic agus a ninġeana,

26 Iondus go ttiucfaḋ an té raċus as san ló sin ċugadsa, da ṫaḃairt ort a ċluinsion led ċlúasaiḃ?

27 Annsa ló sin foisceoltar do ḃéul don tí raċus as, laiḃeora tú, agus ní ḃiáiḋ tú balḃ ní sa ṁó: agus biáiḋ tú ad ċoṁarṫa ḋóiḃ; agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan