Eseċiel 23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXIII. Tre ṗeacaḋ ḟuaṫṁur, ḋearnaḋ eagluis na Niuduiġeaḋ na striopaiġ. 1 Ṫainic bríaṫar an TIĠEARNA ċugam a rís, ag ráḋ, 2 A ṁic an duine, do ḃádar días ban, inġeana áonṁáṫar aṁáin: 3 Agus rinneadar stríopaċus annsa Négipt; do rinneadar stríopaċus iona nóige: annsin do brúiġeaḋ a gcíċe, agus annsin do ḃrúiġeadar cíoċa a maiġdíonuis. 4 Agus do bé a nanmanna Aholah fa sine, agus Aholibah a deirḃṡíur: bá liomsa íad, agus rugadar mic agus inġeana. Is marso do ḃí a nanmanna; sí Aholah Samária, agus sí Aholibah Ierusalem. 5 Agus do rinne Aholah meirdreaċus a nuáir bá liomsa í; agus do ḃí sí roġráḋaċ air a háos gráḋa, air na Sírianáċaiḃ a coṁarsana, 6 Noċ do ḃí ar na néaduġaḋ a ngorm, na ccaiptíniḃ agus na ríaġlóiriġiḃ, íad uile na nóganaċaiḃ toileaṁla, na marcṡlúaġ ag marcuiġeaċt air eaċaiḃ. 7 Marso do rinne sí a stríopaċus ríu, leis an méid do ḃí na ḃfearuiḃ toġṫa san Nassiría, agus leis a nuile ar a raiḃ a mearġráḋ: do ṫruáilliġ sí í féin le na nioḋaluiḃ uile. 8 Ní mó dfág sí a stríopaċus ón Négipt: óir do luiġeadar lé iona haóis óig, agus do ḃrúiġeadar cíċe a maiġdionuis, agus do ḋóirtiodar a stríopaċus uirre. 9 Uimesin ṫug misi a láiṁ a háos gráḋ í, a láiṁ na Nassírianaċ, air a raiḃ a cion. 10 Do léigiodar so a tárnoċtuiġe leis: do ġaḃadar a mic agus a hinġeana, agus do ṁarḃadar í leis an ccloiḋeaṁ: agus dfás sí na hainm do ṁnáiḃ; óir rugadar breiṫeaṁnus uirre. 11 Agus an tan do ċonnairc a deirḃṡíur Aholibah so, do ḃí si ní sa truáilliġṫe iona gráḋ ainṁeasarḋa ná ise, agus iona stríopaċus ní sa ṁó ná a deirḃṡíur iona stríopaċus. 12 Do antoiliġ sí ar na Hassíriánaċaiḃ a coṁarsana, caiptíne agus úaċtaráin éaduiġṫe go ro oirnéalta, marcṡlúaġ ag marcuiġeaċt ar eaċaiḃ, íad uile na nóganaċaiḃ iontóile. 13 Annsin do ċonnairc misi go raiḃ sí ar na truáilleaḋ, gur ġaḃadar aráon aóintsliġe, 14 Agus gur ṁéaduiġ sí a stríopaċus: óir an tan do ċonnairc sí fir ar na bpinndeáil air an mballa, ioṁáiġe na Ccaldéanaċ tairngṫe re ḃermilion. 15 Criosluiġṫe maille re creasaiḃ air a leasraċ, ag breiṫ ḃárr go hiomarcaċ a néaduiġiḃ ḋaite air a cceannaiḃ, íad uile na bprionnsaḋuiḃ re féuċuin, do réir ṁoḋa Ḃabilóineaċ na Caldeá, tír a mbeirṫe: 16 Agus coṁlúaṫ go ḃfaca sí íad le na súiliḃ, do ṁiċíalluiġ sí ḋá ttaóiḃ, agus do ċuir sí teaċta ċugṫa don Ċaldeá. 17 Agus ṫangadar Babilóiniġ na coinne go leabuiḋ an ġráḋa, agus do ṫruailliġiodar í le na stríoṗaċus, agus do truailleaḋ léo í, agus do ḃí a hinntinn ar na ḋéanaṁ ċoiṁiġṫeaċ úaṫa. 18 Mar sin do léig sí a stríopaċus leis, agus do ṫaisbéin sí a tárnoċtuiġe: annsin do ċoiṁṫíġiḋ minntinnsi uaiṫe, aṁuil dáṫruiġ minntinn ó na deirḃṡiáir. 19 Giḋeaḋ do ṁéaduiġ sisi a stríopaċus, a ngaírm láeṫe a hóige ċum cuiṁne, ann a ndéarna sí meirdreaċus a ccríċ na Hegipte. 20 Oír do antoiliġ sí ar a haoisgraḋ, do ḃríġ go ḃfuil a ḃfeoil aṁuil feóil assail, agus a slioċt aṁuil síol eaċ. 21 Marso ṫug tú ad ċuiṁne úalluiḋe hóige, a mbrúġaḋ do ċíoċ leis na Hégiptiḃ ar son ċioċ hóige. 22 ¶ Uimesin, a Aholibah, is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, dúiseoċa misi súas báosgráḋa ad aġaiḋ ó ḃfuil hinntinn anaiṫuiḋ, agus do ḃéara mé ad aġaiḋ íad air gaċ áontaoiḃ; 23 Na Babilóniġ, agus na Caldeanuiġ uile, Pecod, agus Soa, agus Coa, na Hassíriánuiġ uile maille ríu: íad uile na ndaóiniḃ óga iondúile, na ccáiptíniḃ agus na núaċtaránuiḃ, tiġearnaḋa móra agus clúiteaċ, íad uile ag marcuiġeaċt ar eaċaiḃ. 24 Agus tiucfuid síad uile ad aġaiḋ lé carbaduiḃ, le cóistiġiḃ, agus le roṫaiḃ, agus le cruinniuġaḋ daoine, noċ ċuirtios buicléir agus scíaṫ agus clogad ad aḋaiġ timċioll fa ccuairt: agus cuirfiḋ misi breiṫeaṁnus rompa, agus do ḃéaraid síad breiṫeaṁnus ortsa do réir a mbreiṫeaṁnuis féin. 25 Agus suiḋeoċa mé mo éud ad aġaiḋ, agus do ḋéanuid síad go hanḃorb riot: béaruid síad léo do ṡrón agus do ċluasa; agus tuitfiḋ ṫfuiġioll leis an ccloiḋeaṁ: géaḃuid siad do ṁic agus hinġiona; agus dóiṫfiġear a tteine a ḃfuigfiġear ḋíot. 26 Noċtfuid síad ṫú fós as héadaċ, agus ḃéaruid do ṡeóid breáḋa léo. 27 Marso do ḃeára mé air húallaċus cosg uait, agus air do stríopaċus ó ċríċ na Hégipte: iondus naċ ttóigfe tú do ṡúile súas ċuca, agus naċ ccuiṁneoċa tú an Négipt ní sa ṁó. 28 Oir is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, do ḃéara misi ṫú a láiṁ na druinge noċ ḟúaṫuiġios ṫú, á láiṁ an luċta ar árṫuiġ do ṁeamna úaṫa: 29 Agus do ḋéanuid síad go fúaṫṁar riot, agus béaruid do ṡáoṫar uile léo, agus fúigfid tárrnoċt agus lom ṫú: agus foillseoċṫar tárrnoċduiġe do striopaċuis, húalluċus aráon agus do stríopaċuis. 30 Do ḋéana mé na neiṫesi riot, do ḃríġ gur imṫiġ tú lé stríopaċus a ndiáiġ na ngeinteaḋ, agus do ḃríġ gur truáilleaḋ ṫú le na nioḋaluiḃ. 31 Dimṫiġ tú a sliġe do ḋeirḃṡeaṫar; uimesin do ḃéara mé a cupán ann do láiṁ. 32 Is marso a deir an Tiġearna DIA; Ioḃa tú as cupán do ḋeirḃṡeaṫar go doṁain agus leaṫan: do ḋéantar gáire tarcuisneaċ iomad agus biáiḋ tú ad ṁagaḋ; is mór ṫuillios ann. 33 Líonfuiġear lé meisce agus lé doilġios ṫú, lé cupán úaṫḃáis agus dóláis, agus lé cupán do ḋeirḃṡeaṫraċ Samária. 34 Eaḋon ioḃa tú agus súiġfiḋ tú é uile, agus brisfiḋ tú a ḃruáiġ, agus tarreonga tú do ċíċe féin asad: óir a duḃairt misi é, a deir an Tiġearna DIA. 35 Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ gur ḋearmuid tú misi, agus gur ṫeilg tú táoḃ siar ḋíot mé, unnesin iomċuir ṫusa huallaċus féin agus do stríopaċus. 36 ¶ Ar a naḋḃarsin a duḃairt an TIĠEARNA riomsa; A ṁic an duine, an mbéara tú breaṫ air Aholah agus air Aholibah? aseaḋ, foillsiġ ḋóiḃ a ngráineaṁlaċta; 37 Go ndéarnadar aḋaltrannas, agus go ḃfuil fuil iona láṁuiḃ, agus go ndéarnadar aḋaltrannas le na nioḋaluiḃ, agus go ttugadar fós air a macaiḃ, noċ rugadar ḋaṁsa, imṫeaċt ṫríd an tteine, da losgaḋ. 38 Tuilleaṁ fós is marso do rinneadar liomsa: do ṫruáilliodar mo ṡanctóir annsa ló ċéadna, agus do neiṁniġeadar mo ṡabbóide. 39 Oír an tan do ṁarḃadar a cclann dá nioḋaluiḃ, annsin ṫangadar san ló ċéadna dom ṡanctóirse dá truáilleaḋ; agus, féuċ, is marso do rinneadar a meaḋón mo ṫiġe. 40 Agus tuilleaṁ fós, do ċuireadar fios air ḋaóiniḃ teaċt a ḃfad, a ccionn ar cuireaḋ teaċta; agus, féuċ, ṫangadar: ar son ar niġ tusa tú féin, ar ṗinndeáil tú do ṡúile, agus ar ċóiriġ tu ṫú féin le culaḋuiḃ, 41 Agus ar ṡuiġ tú air leabuiġ státaṁuil, agus bórd gléasta as a ċoinne, air ar ṡuiġ tú mo ṫúis agus mola. 42 Agus do ḃí gúṫ ṁóráin a socaṁal iona foċair: agus maille ris na daóiniḃ coitċionn tugaḋ Sabéanuiġ ón ḃfásaċ, noċ do ċuir bráisléad air a láṁuiḃ, agus córona ḃreáġa air a cceannuiḃ. 43 Annsin a duḃairt misi ria, do ḃí seannda a naḋaltranasuiḃ, A ndéanuid anois aḋaltrannus ría, agus ise ríusan? 44 Ṫairis sin do ċuádar iona gnáis, aṁuil do raċaidis ċum mná do ní meirdreaċus: is mar sin do ċúadar a ngnás Aholah agus Aholibah, na mná úallaċa. 45 ¶ Agus béaruid na daóine fireanta, breaṫ orra do réir ṁoḋa aḋaltrannaċ, agus do réir ṁoḋa na mban ḋóirtios fuil; do ḃríġ go ḃfuilid na naḋaltrannaċaiḃ, agus go ḃfuil fuil iona láṁuiḃ. 46 Oír is marso a deir an Tiġearna DIA; Ḃéara mé cuiḋeaċta á níos orra, agus seaċoduiġ mé dá náṫarraċ agus da milleaḋ íad. 47 Agus cloċfuid an ċuideaċta íad lé cloċaiḃ, agus muirfid iad le na ccloiḋṁṫiḃ; muirfid síad a mic agus a ninġeana, agus loisgfid súas a ttiġṫe lé teine. 48 Marso do ḃéara mé air úallaċus cosg as an ttír, le múinfiġear do na huile ṁnáiḃ gan déanaṁ do réir ḃur leiṁesi. 49 Agus cúiteoċuid siad ḃur leiṁe riḃ, agus iomċorṫaói peacuiḋe ḃur nioḋal: agus aiṫeontaói gur misi an Tiġearna DIA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society