Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eseċiel 22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXII. Coṁ‐áireaṁ ṗeacaiḋe Ierusalem. 13 noċ rinne na nsal agus scim a nuile ṡóirt ḋaoine do ḃí inte.

1 Tuilleaṁ fós ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ,

2 Anois, a ṁic an duine, an mbéara tú breaṫ, an mbéara tú breiṫeaṁnus air an ccaṫruiġ ḟuiltiġ? aseaḋ, taisbéanfa tú a huile ġráineaṁlaċta ḋi.

3 Annsin abairse, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Dóirtiḋ an ċaṫair fuil iona lár, iondus go ttiucfaḋ a ham, agus do ní si ioḋail na haġaiḋ féin dá truailleaḋ féin.

4 Atá tú ciontaċ ann ṫfuil noċ do ḋóirt tú; agus do ṡaluiġ tú ṫú féin ann hioḋaluiḃ noċ do rinne tú; agus ṫug tú ar do laéṫiḃ tarraing a ngar, agus ṫáinic tú go hiomlán ċum do ḃlíaḋan: uimesin do rinne misi scannail díot do na geintiḃ, agus magaḋ do na huile ċríoċuiḃ.

5 Do ḋéanuid an ṁéid atá a ḃfogus, agus an ṁéid atá a ḃfad uáit, magaḋ fúd, noċ atá míoċlúiteaċ agus ar do ḃuaiḋreaḋ go mór.

6 Féuċ, prionnsaḋa Israel, do ḃí gaċ áon aca ionnadsa do réir a ccuṁaċt do ḋórtaḋ fola.

7 Ionnadsa do ṫarcuisniġeadar aṫair agus maṫair: aun do lár do rinneadar go cealgaċ ris an ccoiṁṫiġeaċ: ionnadsa do rinneadar foiréigion air an ndílleaċta agus air an mbaintreaḃuiġ.

8 Do ṫarcuisniġ tú mo neiṫe naoṁṫasa, agus do ḃris tú mo ṡaóire.

9 Atáid daóine ionnadsa iomċras scéula do ḋórtaḋ fola: agus ionnadsa iṫid síad ar na sleiḃtiḃ: do níd síad úallaċus ann do lársa.

10 Do ṫaisbéanadar ionnadsa tárnoċt a naiṫreaḋ: ionnadsa duṁluiġeadar an ḃean do cuireaḋ a leaṫtaoiḃ do ḃríġ a neaṁġloine.

11 Agus do rinne neaċ gráineaṁlaċt ré mnaói a ċoṁarsan; agus do ṫruáilliḋ neaċ oile inġean a ṁná; agus duṁluiġ neaċ oile ionnadsa a ḋeirḃṡíur, inġean a aṫar.

12 Ionnadsa do ġaḃadar cuṁa ċum fola do ḋórtaḋ; do ġlac tu úsúireaċt agus biseaċ, agus do ġnoḋuiġ tú go sanntaċ ód ċoṁarsanuiḃ lé fóirneart, agus do ḋearmuid tú misi, a deir an Tiġearna DIA.

13 Féuċ, uimesin do ḃuáil misi mo láṁ air do ġnoḋuġaḋ neiṁionnruic noċ do rinne tú, agus ar ṫfuil noċ do ḃí ann do lár.

14 An ḃféadann do ċroiḋe a ḟulang, nó an ḃféaduid do láṁa ḃeiṫ láidir annsna láeṫiḃ a ngéaḃa misi do láiṁ ṫú? misi an TIĠEARNA a duḃairt é, agus do ḋéanad é.

15 Agus díosgaóilfiḋ mé ṫú a measc na ngeinteaḋ, agus scabfuiḋ mé ṫú a measg na ttíorṫann, agus díoġḃáiġfiḋ mé do ṡalċar asad amaċ.

16 Agus géaḃa tú hoiġreaċt ionnad féin a raḋarc na ngeinteaḋ, agus aiṫeonuiḋ tú gur misi an TIĠEARNA.

17 ¶ Agus ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ,

18 A ṁic an duine, atá tiġ Israel ḋaṁsa aṁuil sal: atáid uile na bprás, na stán, agus na níarann, agus na luáiġe, a meaḋón na fuirníse; ní ḃfuil ionnta aċt sal airgid.

19 Uimésin is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ go ḃfuiltí uile ḃur sal, féuċ, uimesin cruinneoċa me siḃ a steaċ a meaḋón Ierusalem.

20 Mar ċruinniġid síad airgiod, agus prás, agus íarann, agus luáiġe, agus stán, a meaḋón na fuirníse, do ṡéideaḋ na teineáḋ air, dá leaġaḋ; marsin ċruinneóċus misi siḃsi ann mfeirg agus ann mainteas, agus fúigfiḋ mé annsin siḃ, agus leaġfuiḋ me siḃ.

21 Fós, cruinneóċa mé siḃ, agus séidfiḋ mé fúiḃ a tteine mfeirge, agus leaġfuiġear siḃ iona lár.

22 Aṁail leaġṫar airgiod a meaḋón na fuirnise, marsin ḃeiṫíse leaġṫa iona lársan; agus aiṫeontaoi gur misi an TIĠEARNA do ḋoirt amaċ mfearg oruiḃ.

23 ¶ Agus ṫáinic focal an TIĠEARNA ċugam, ag ráḋ,

24 A ṁic an duine, abair ría, Is tú an tír naċ ḃfuil glanta, naċ mó dó fearaḋ fearṫuinn uirre a ló na ccúarta.

25 Atá feall agá fáiġiḃ ann a lár, aṁuil leoṁan buile cíocraċ ar ċreiċ; do ṡluigiodar anmanna; do ġlacadar na hionnṁuis agus na neiṫe mórluáiġ; do rinneadar mórán baintreaḃaċ ḋi iona lár.

26 Do ḃriseadar a sagairt mo ḋliġeaḋ, agus do ṫarcuisniġeadar mo neiṫe náoṁṫa: ní ḋeárnadar eidirḋealuġaḋ idir an náoṁṫa agus a neaṁnáoṁṫa, ní mó do ṫaisbeanadar eidirḋealuġaḋ idir an nglan agus an neaṁġlan, agus dfoluiġeadar a súile óm ṡaóire, agus atáim ar mo ṫruilleaḋ eattorra.

27 Is cosṁuil a prionnsaḋa iona lár ré madraḋuiḃ allta cíocraċ ċum creiċe, do ḋórtaḋ fola, agus do ṁarḃaḋ anmann, dfaġail tarḃa neiṁionnraca.

28 Agus do ḋóibliodar a fáiġe íad féin lé moirtéul gan súaṫaḋ, ag faicsin díoṁaóinis, agus ag fáistine bréug ḋóiḃ, ag ráḋ, Is marso a deir an Tiġearna DIA, an tan nar laḃair an TIĠEARNA.

29 Do ġnáṫuiġeadar daóine na tíre éaccóir, agus do ċleaċtadar slad, agus do ċráiḋeadar an boċt agus an ríaċtanaċ: do ḃrúiġeadar fós, an táonránaċ go héaccóir.

30 Agus díar misi duine iona measc do ḋéanaḋ an fál súas, agus do ṡeasfaḋ annsa mbeirn roṁam ar son na tíre, iondus naċ millfinn í: aċt ní ḟúarus duine ar biṫ.

31 Uimesin do ḋóirt mé amaċ mfearg orra; do loisg mé íad lé teine mfeirge: do ċúitiġ mé a sliġe féin air a cceannuiḃ, a deir an Tiġearna DIA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan