Eseċiel 20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XX. Caṫuġaḋ ṫiġe Israel anaġaiḋ Dé a nallód, agus buáiḋ ṫrócaire Dé tar uilc na ndaóine. 1 Agus tárla annsa seaċtṁaḋ bliaḋain annsa ċúigeaḋ mí, an deaċṁaḋ lá don ṁí, go ttáinic drong airiġ do ṡinnsioruiḃ Israel do ċeastnuġaḋ ris an TTIĠEARNA, agus do ṡuiġeadar dom laṫairsi. 2 Annsin ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ, 3 A ṁic an duine, laḃair ré sinsioruiḃ Israel, agus abair ríu, Is marso a deir an Tiġearna DIA; An ttangaḃairsi dfíafruiġe sgéul díomsa? Mar ṁairim, a deir an Tiġearna DIA, Ní ċeistneoċṫar misi maille riḃ. 4 ¶ An ttaigeora tusa air a son, a ṁic an duine? an mbéara tú breiṫeaṁnus orra? taḃair orra gráineaṁlaċt a naiṫreaḋ daiṫniuġaḋ: 5 Agus abair ríu, Is marso a deir an Tiġearna DIA, Annsa ló ar ṫoġ misi Israel, agus ar ṫóig mé mo láṁ súas ċum sleaċta ṫiġe Iácob, agus a ndéarna mé mé féin aiṫeanta ḋoiḃ a ccriċ na Hégipte, a nuáir do ṫóig mé mo láṁ súas ċuca, ag ráḋ, Is misi an TIĠEARNA ḃur Ndía; 6 Annsa ló ar ṫóig mé súas mo láṁ ċuca, dá ttaḃairt as críċ na Hégipte go dúṫaiġ do ḃraiṫ mé ḋóiḃ, ag tuiliuġaḋ do ḃainne agus do ṁil, noċ asé glóir na nuile ḟearann: 7 Annsin a duḃairt mé ríu, Teilgiḋ uáiḃ gaċ áon aguiḃ aḋḟúaṫṁaireaċta a ṡúl, agus ná truáilliġ siḃ féin le hioḋaluiḃ na Hégipte: is Misi an TIĠEARNA ḃur Ndía. 8 Aċt do ċaṫuiġeadarsan am aġaiḋ, agus níor éistiodar riom: níor ṫeilg gaċ áon aca úaḋ gráineaṁlaċta a ṡúl, ní mó do ṫréigiodar ioḋail na Hégipte: annsin a duḃairt misi, Dóirtfe mé a núas mo ḋíḃḟearg orra, do ċoiṁlionaḋ mfeirge na naġaiḋsion a meaḋon ċríċe na Hégipte. 9 Aċt doibriġ misi ar son manma féin, iondus naċ ttruailleoċṫaoi a laṫair na ngeinteaḋ é, a measc a raḃadar, a raḋarc a ndéarnas mé féin aiṫeanta ḋóiḃ, ġá ttaḃairt amaċ as críċ na Hégipte. 10 Uimesin ṫug mé orra dul amaċ as críċ na Hégipte, agus ṫug mé don nfásaċ íad. 11 Agus ṫug mé mo reaċta ḋóiḃ, agus do ṫaisbéin mé mo ḃreiṫeaṁnuis dóiḃ, noċ má ní duine, mairfiḋ sé ionta. 12 Tuilleaṁ oile fós ṫug mé mo ṡaóire ḋóiḃ, do ḃeiṫ mar ċoṁarṫa eadrum féin agus íad, go naiṫeonaidís gur misi an TIĠEARNA náoṁus íad. 13 ¶ Aċt do ċaṫuiġ tiġ Israel am aġaiḋsi annsa ḃfásaċ: níor ṡiuḃluiġeadar ann mo reaċtuiḃ, agus do ṫarcuisniġeadar mo ḃreiṫeaṁnusa, noċ dá ndéarnaiḋ duine, mairfiḋ sé ionta; agus do ṫruáilliġeadar mo ṡabbóide go mór: annsin a duḃairt mé, Go ndóirtfinn amaċ mo ḋioġaltas orra annsa ḃfásaċ, da scrios. 14 Aċt doibriġ mé ar son manma féin, ċor naċ ttruaillfiḋe é a laṫair na ngeinteaḋ, a raḋarc a ttug mé amaċ íad. 15 Aċt fós do ṫóig mé súas mo láṁ ḋóiḃ annsa ḃfásaċ, go naċ ttugainn íad don tír ṫug mé ḋóiḃ, ag tuiliuġaḋ do ḃainne agus do ṁil, noċ isé glóir na nuile ḟearann; 16 Do ḃríġ gur ḋísbeagadar mo ḃreiṫeaṁnuis, agus nar ṡiuḃluiġeadar ann mo reaċtaiḃ, aċt gur ṫruáilleadar mo ṡaóire: óir do ċuáiḋ a ccroiḋṫe a ndiáiġ a nioḋail. 17 Ṫairis sin do ċoigil mo ṡúil íad ó na scrios, ní mó do rinne mé críoċnuġaḋ ḋóiḃ annsa ḃfásaċ. 18 Aċd a duḃairt mé re na ccloinn annsa ḃfásaċ, Ná siuḃluiġiḋsi a reaċtaiḃ ḃur naiṫreaḋ, agus ná cuṁduiġṫi a mbreiṫeaṁnuis, agus ná salċuiḋ siḃ féin le na nioḋaluiḃ: 19 Is misi an TIĠEARNA ḃur Ndía; siuḃluiġ ann mo reaċtaiḃ, agus coiṁéaduiġ mo ḃreiṫeaṁnuis, agus déanuiḋ íad; 20 Agus náoṁuiḋ mo ṡabbóidiġ; agus béid síad mar ċoṁarṫa eadrum agus siḃ, ċor go mbía a ḟios agaiḃ gur misi an TIĠEARNA ḃur Ndía. 21 Ṫairis sin do ċaṫuiġeadar an ċlann am aġaiḋ: níor ṡiuḃluiġeadar ann mo reaċduiḃ, ní mo do ċoiṁéadadar mo ḃreiṫeaṁnuis dá ndéanaṁ, noċ dá ndéarna duine, mairfiḋ sé ionta; do ṫruáilleadar mo ṡaóire: annsin a duḃairt mé, Go ndóirtfinn amaċ mo ḋioġaltas orra, do ċoiṁlíonaḋ mfeirge na naġaiḋ annsa ḃfásaċ. 22 Ṫairis sin do ċonnaiṁ mé mo laṁ, agus doibriġ mé ar son manma féin, iondus naċ truaillfiḋe é a raḋarc na ngeinteaḋ, a raḋarc a ttug mé amaċ íad. 23 Do ṫóig mé súas mo láṁ ċuca fós annsa ḃfásaċ, ċor go scaóilfinn ar fud na ngeinteaḋ íad, agus go ccráoḃsgaóilinn íad ṫríd na tíorṫa; 24 Do ḃríġ naċ déarnadar mo ḃreiṫeaṁnuis, aċt gur ḋísbeagadar mo reaċta, agus gur ṫruáilliodar mo ṡaóire, agus go raḃadar a súile a ndiaiġ ioḋal a naiṫreaḋ. 25 Uimesin ṫug mé ḋóiḃ reaċta naċ raiḃ go maiṫ, agus breiṫeaṁnuis le naċ mairfedís; 26 Agus do ṫruáilliġ mé íad iona mbronntaiḃ féin, a náit a ttugadar fa deara ar gaċ a ḃfosclann an ḃrú dul ṫríd an tteine, iondus go ndéanuinn áonránaċ íad, ċor go naiṫeonaidís gur misi an TIĠEARNA. 27 ¶ Uimesin, a ṁic an duine, laḃair ré tiġ Israel, agus abair ríu, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Ṫairis sin annsa ní so do ṁasluiġeadar ḃur naiṫre mé, annsa náit ar ċionntuiġeadar am aġaiḋ. 28 An tan ṫug mé íad don tír, ar son ar ṫóig mé súas mo láṁ dá ṫaḃairt dóiḃ, annsin do ċonncadar gaċ uile ċnoc árd, agus na huile ċranna tíuġa, agus díoḋbradar annsin a níoḋbarṫa, agus annsin do ṫaḃradar gréasaċd a nofrala: annsin mar an gceadna ṫugadar a mbolaḋ cúṁra, agus do ḋóirteadar amaċ annsin a nofrála diġe. 29 Annsin a duḃairt mé ríu, Cred í a náit árd ċum a ttéiġṫí? Agus goirṫear Bamah dainm ḋi gus a niuġ. 30 ¶ Uimesin abair ré tiġ Israel, Is marso a deir an Tiġearna DIA; An ḃfuiltíse truáilliġṫe do réir ġnáṫa ḃur naiṫreaḋ? agus a ndéantaói striopaċus do réir a ngráineaṁlaċtasan? 31 Oír a nuáir ṫairgṫi ḃur mbronta, an tan do ḃearṫaoi air ḃur ccloinn dul ṫríd án tteine, truáilliḋe siḃ féin ré ḃur nuile ioḋaluiḃ, gus an lá a niuġ: agus an ḃfíafroċṫar misi liḃsi, a ṫiġ Israel? Mar ṁairim, a deir an Tiġearna DIA, Ní ċeistneoċṫar misi maille riḃ. 32 Agus an ní ṫiucfas ann ḃur meanmuin ní ḃiáiḋ mar sin ar éanċor, mar a dearṫaóise, Bíamne mar na geintiḃ, aṁuil muinnteara na ttíorṫann dfoġnaṁ do ċrannuiḃ agus do ċloċuiḃ. 33 ¶ Mar ṁairim, a deir an Tiġearna DIA, go deiṁin is lé láiṁ láidír, agus lé ruiġ sínte amaċ, agus lé feirg dóirte amaċ, riaġloċus mé ós ḃur ccionn: 34 Agus do ḃéara mé amaċ siḃ o na daoiniḃ, agus cruincoċa me siḃ as na tíorṫuiḃ mar a ccráoḃscaóiltear siḃ, lé láiṁ láidir, agus lé ruiġ sínte amaċ, agus lé feirg dóirte amaċ. 35 Agus do ḃéara mé siḃ go fásaċ na ndaóine, agus taigeora mé riḃ annsin aġuiḋ air aġuiḋ. 36 Aṁuil mar do ṫagair mé ré ḃur naiṫriḃ a ḃfásaċ ċríċ na Hégiṗte, marsin ṫaigeorus me riḃsi, a deir an Tiġearna DIA. 37 Agus do ḃéara mé oruiḃ siuḃal fám ṡlait, agus do ḃéarad siḃ a ccuiḃreaċ an ċunnarṫa: 38 Agus scagfa mé amaċ as ḃur measc na ceannairgṫíġ, agus an dream ṡáruiġios am aġuiḋ: do ḃéara mé amaċ as an ttír íad mar a ṁéid ar cuáirt, agus ní raċfuid a steaċ a ttír Israel: agus aiṫeontaoi gur misi an TIĠEARNA. 39 Ar ḃur sonsa, a ṫiġ Israel, is marso a deir an Tiġearna DIA, Imṫiġiḋ, foġnuiḋ gaċ uile ḋuine agaiḃ dá ioḋaluiḃ féin, agus na ḋiáiġsin mar án ccéadna, muna néistiġe riomsa: aċt ná truáilliḋe mainm náoṁṫa ní as mó lé ḃur mbrontuiḃ, agus le ḃur nioḋaluiḃ. 40 Oír ann mo ṡlíaḃ náoṁṫa, a slíaḃ áirde Israel, a deir an Tiġearna DIA, is annsin ḟoiġeonuid tiġ Israel uile ḋaṁsa, annsa tír: annsin ġéaḃus mé ċugam íad, agus annsin íarrfas mé ḃur nofrálaċa, agus primidil ḃur níoḋbarṫaḋ, maille ré ḃur nuile ní náoṁṫa. 41 Géaḃa mé ċugam siḃ maille re ḃur mbolaḋ cuṁra, an tan ḃéaras mé amaċ ón bpobal siḃ, agus ċruinneoċus mé siḃ as na tíorṫaiḃ ionar díosgaóileaḋ siḃ; agus náoṁṫoċṫar misi ionnuiḃ a ḃfíaġnuise na ngeinteaḋ. 42 Agus aiṫeontaói gur misi an TIĠEARNA, an tan do ḃearas mé go tír Israel siḃ, don tír ar son ar ṫóig mé mo láṁ súas dá ṫaḃairt dá ḃur naiṫriḃ. 43 Agus is annsin ċuiṁneoċṫaóisi ḃur sliġṫe, agus ḃur ngníoṁa uile ionar truáilleaḋ siḃ; agus fúaṫoċuiḋ siḃ féin ann ḃur raḋarc féin ar son ḃur nuile olc dá ndéarnaḃair. 44 Agus aiṫeontaói gur misi an TIĠEARNA, an tan oibreaċus mé liḃ ar son manma féin, ní do réir ḃur ndroiċṡliġṫeaċsa, nó do réir ḃur ngníoṁ truáilliḋṫe, a ṫiġ Israel, a deir an Tiġearna DIA. 45 ¶ Tuilleaṁ oile ṫáinic focal an TIĠEARNA ċugam, ag ráḋ, 46 A ṁic an duine, suiġiḋ haġaiḋ leaṫ ris an deisceart, agus sil do ḃríaṫar leaṫ ris an deisceart, agus tairrġir a naġaiḋ ḟoraoise an maċaire buḋ ḋeas; 47 Agus abair ré foraóis an deisceirt, Eist bríaṫar an TIĠEARNA; Is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, lasfuiḋ mé teine ionnad, agus loiscfiḋ sí gaċ uile ċrann glas ionnad, agus gaċ áon ċrann críon: ní múċfuiġear an teine lasarḋa, agus loisgfiġear innte na huile aiġṫe on deisceart gus an ttuáisceart. 48 Agus do ċifiḋ a nuile ḟeóil gur Misi an TIĠEARNA do las í: ní múċfuiġear í. 49 Annsin a duḃairt misi, Ah a Ṫiġearna DIA! a déuruid síad dom ṫáoḃsa, A né naċ neiṫe dorċa laḃras sé? |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society