Eseċiel 18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVIII. Gumbíaiḋúalaċ a ṗeacaiġ féin áṁáin, ar gaċ aónduine. 1 Agus ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugam a rís, ag ráḋ, 2 Cred is cíall diḃ, as a ngnáṫuiġṫi an seanráḋso a ttáoḃ ṫire Israel, ag ráḋ, A dúadar na haiṫre cáora searḃa, agus do cuireaḋ déistion air ḟíacluiḃ na cloinne? 3 Mar ṁairimsi, a deir an Tiġearna DIA, ní ḃiáiḋ cúis agaiḃ an sean ḟocalso do ġnáṫuġaḋ a Nísrael. 4 Féuċ, is liomsa a nuile anam; mar anam a naṫair, marsin is liom anam an ṁic: éugfuiḋ an tanam, ṗeacoċus. 5 ¶ Aċt má ḃíonn duine ceart, agus go ndéanuiḋ sé an ní is dlistionaċ agus is ceart, 6 Agus naċ duáiġ sé ar na sléiḃtiḃ, naċ mó do ṫóg a ṡúile súas ċum ioḋal ṫiġe Israel, naċ mó do ṡaluiḋ bean a ċoṁarsan, naċ mó ṫáinic láiṁ ré mnaói ḟola míos, 7 Agus nar ċoiṁéigniḋ duine ar biṫ, aċt daisig don ḟeiċṫeaṁnaċ a ġeall, nar ċreaċ áonduine lé foiréigion, ṫug arán do nocraċ, agus dfoluiġ an tárnoċt lé héaḋaċ; 8 An té naċ ttug amaċ air úsúireaċt, naċ mó do ġaḃ biseaċ ar biṫ, do ṫarruing a láṁ ó éigceart, do rinne breiṫeaṁnus ceart idir ḋuine agus duine, 9 Do ṡiuḃail ann mo reaċtaiḃse, agus do ċoiṁéad mo ḃreiṫeaṁnuis, do ḋéanaṁ go fírinneaċ; atá sé ceart, mairfiḋ sé go deiṁin, a deir an Tiġearna DIA. 10 ¶ Má ġineann sé mac ḃías na ṡladuiġe, na ḋóirteaċ fola, agus do ní aóinní oile dá leiṫeid so, 11 Agus naċ dean an ċeart úd uile, aċt go nduáiġ sé ar na sléiḃtiḃ, agus gur ṫruáilliġ sé bean a ċoṁarsan, 12 Gur ḃrúiġ sé án boċt agus an riaċtanaċ, gur ṡlad sé maille re foiréigion, nar aisig sé a ngeall, agus gur ṫóig sé a ṡúile súas ċum na nioḋal, go ndéarna sé gráineaṁlaċt, 13 Go ttug sé amaċ air úsúireaċt, agus gur ġlac sé biseaċ: maseaḋ an mairfiḋ sé? ní ṁairfiḋ: do rinne sé na gráineaċaso uile; éugfuiḋ sé go deiṁin; biáiḋ a ḟuil air féin. 14 ¶ Anois, féuċ, má ġineann sé mac, noċ do ċíḋ uile ṗeacuiḋe a aṫar noċ do rinne sé, agus ṁeasfas, agus naċ déan a leiṫeidsin, 15 Naċ duáiġ bíaḋ ar na sléiḃṫiḃ, naċ mó do ṫóg a ṡúile súas ċum ioḋal ṫiġe Israel, nar ṫruáill bean a ċoṁarsan, 16 Naċ mó do ṡáruiġ duine ar biṫ, nar connaiṁ an geall, naċ mó do ċreaċ le foiréigion, aċt ṫug arán don nocraċ, agus dfoluiġ an tárnoċd lé héadaċ, 17 Noċ dó ṫóg a láṁ do na boċtaiḃ, nar ġlac úsúireaċt nó biseaċ, do rinne mo ḃreiṫeaṁnusa, do ṡiuḃail ann mo reaċtaiḃ; ní éugfa sé ar son éigceart a aṫar, go deiṁin mairfiḋ sé. 18 Ar son a aṫar, do ḃriġ gur ṡáruiġ sé go héadtrócaireaċ, gur ċreaċ sé a ḋearḃráṫair lé foirneart, agus go ndéarnuiḋ sé an ní nar ṁaiṫ a measc a ḋaóine, féuċ, éugfuiḋ seision iona eigceart. 19 ¶ Giḋeaḋ abruiḋse, Cioḋsin? naċ iomċrann an mac éigceart a naṫar? A nuáir do ní an mac an ni is dlisdionaċ agus is ceart, ċuṁduiġios mo reaċtasa uile, agus go ndéan sé íad, mairfiḋ sé gan aṁarus. 20 Eúgfuiḋ an tanam, ṗeacuiġios. Ní iomċóra an mac éigceart a naṫar, ní mó iomċórus an taṫair éigceart an ṁic: biáiḋ fíréantaċt a nfiréin air féin, agus olc an ċionntuiġ air féin. 21 ¶ Aċt má ḟillionn an ciontaċ ó na ṗeacuiġiḃ uile do rinne sé, agus go ccoiṁeadfa sé mo reaċtasa uile, agus go ndéana an ní is dlisdionaċ agus is ceart, mairfiḋ sé gan aṁarus, ní ḃfuiġe sé bás. 22 Ní laiḃeorṫar ris, air a uile ṡáruiġṫiḃ dá ndéarna se: ann a ḟiréuntaċt do rinne sé mairfiḋ sé. 23 An ḃfuil sólás ar biṫ ḋaṁsa an ciontaċ dfaġáil ḃáis? a deir an Tiġearna DIA: agus naċ go ḃfillfeaḋ sé ó na ṡliġṫiḃ, agus go mairfeaḋ sé? 24 ¶ Aċt an tan ḟillios an fíréun ó na ḟíréuntaċt, agus do ní éigceart, do réir na nuile ġraineaṁlaċt noċ do ní an droċ ḋuine, an mairfiḋ sé sin? Ní luáiġfíġear a uile ḟíréantaċt dá ndéarna sé: iona ṡáruġaḋ ar ṡáruiġ sé, agus iona ṗeacaḋ ar ṗeacaiḋ sé, do ġeaḃa sé bás ionta sin. 25 ¶ Ṫairis sin a dearṫaóise, Ní coṁṫrom sliġe an TIĠEARNA. Eist a nois, a ṫiġ Israel; Naċ ḃfuil mo ṡliġesi coṁṫrom? naċ ḃfuilid ḃur sliġṫese míoċomṫrom? 26 A núair iompóiġios an fíréan ó na ḟíréantaċt, agus do ní éigceart, agus do ġeiḃ bás ionta; ar son a éigceart do rinne sé éugfuiḋ sé. 27 A rís, an tan iompoiġios an droċḋuine ó na ċiontuiḃ do rinne sé, agus do ní an ní is dlisteanaċ agus is ceart, sáorfuiḋ sé a anam béo. 28 Do bríġ go measann sé, agus go ḃfilleann ó na uile ṗeacuiḋiḃ dá ndéarna sé, gan aṁarus mairfiḋ sé, ní ḃfuiġe sé bás. 29 Ṫairis sin a deir tiġ Israel, Ní coṁṫrom sliġe an TIĠEARNA. A ṫiġ Israel, naċ coṁṫrom mo ṡliġṫese? naċ ḃfuilid ḃur sliġṫese míoċoṁṫrom? 30 Ar a naḋḃarsan do ḃéara misi breaṫ oruiḃ, a ṫiġ Israel, gaċ uile ḋuine do réir a ṡliġṫeaċ, a deir an Tiġearna DIA. Déanuiḋ aiṫriġ, agus filliḋ siḃ féin ó ḃur cciontuiḃ uile; marsin naċ biáiḋ eicceart na scrios aguiḃ. 31 ¶ Teilgiḋ seaċad uáiḃ ḃur nuile ċoirṫe, ler ċiontuiġeáḃair; agus déanuiḋ ḋíḃ féin croiḋe núaḋ agus spiorad núaḋ: óir cred as a néugfuiḋe, a ṫiġe Israel? 32 Oír ní ḃfuil sólás ar biṫ ḋaṁsa a mbás an tí éugus, a deir an Tiġearna DIA: ar a naḋḃarsin iompoiġiḋ siḃ féin, agus mairiḋ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society