Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eseċiel 17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVII. Fa ċosaṁlaċt ḋá iolair agus ḟineaṁna, cialluiġṫear ísliuġaḋ Ierusalem, arson taóḃaḋ ris an Egipt.

1 Agus ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ,

2 A ṁic an duine, cuir a maċ ceist, agus laḃair cosaṁlaċt ré tiġ Israel;

3 Agus abair, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Ṫáinic iolar mór go sciaṫánuiḃ mora, faidsciaṫánaċ, lán do ċlúṁaċ, iona raiḃ daṫa éagsaṁla, go Lebanon, agus rug air an mbeangán dob áirde don sedar:

4 Do ġeárr sé ḋe bárr a ḃeangán óg, agus rug leis é go tír ċeannaiġeaċta; do ṡuiġiḋ sé a ccaṫruiġ ċeannuiġe é.

5 Do ġlac sé fós do ṡíol na tíre, agus do ċuir sé a maċaire ṫóirṫeaċ é; dáitiġ sé é láiṁ ré huisceaḋuiḃ móra, agus do ċuir sé é aṁuil crann soileaċ.

6 Agus dfas sé, agus ṫáinic sé ċum ḃeiṫ na ḟíneaṁin leaṫain dáirde ísil, ar ḟilleadar a geága leaṫ ris féin, agus a raḃadar a fréaṁa faói: mar sin dfás sé na ḟineaṁuin, agus ṫug sé géaga uáḋ, agus do ċuir sé amaċ a ṁáoṫáin.

7 Agus do ḃí fós iolar mór oile ann go sciaṫánuiḃ móra agus móran clúṁuiġ: agus, féuċ, do ċláon a nfíneaṁuinsi a fréuṁa leaṫ ris, agus do ċuir a géaga amaċ leaṫ ris, ċor go ḃfliucfaḋ sé í lé heitríġiḃ a plannduiġṫe.

8 Do plannduiġeaḋ í a ḃfearann ṁaiṫ láiṁ ré huisgeaḋuiḃ móra, ċor go ngeinfeaḋ amaċ beangáin, agus go ttiuḃraḋ toraḋ, ionnus go mbeiṫ sí na fineaṁuin ṁaiṫ.

9 Abairsi, Is marso a deir an Tiġearna DIA; An mbéara sí biseaċ? naċ ttairreonga sé a fréaṁa súas, agus naċ geárrfa sé amaċ a toraḋ, le ccríonfa sí? críonfuiḋ sí ann uile ḋuille a gineaṁna, eaḋon gan neart mór nó mórán daóine dá tarruing a níos as a fréaṁuiḃ.

10 Agus, féuċ, ar na suiḋiuġaḋ, an mbéara sí biseaċ? naċ ccríonfa sí ṫríd amaċ, an tan ḃeanfas an ġáoṫ noir ría? críonfuiḋ sí annsna heitriġiḃ ann ar ḟás sí.

11 ¶ Tuilleaṁ oile ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ,

12 Abair anois ris an ttiġ easuṁal, Naċ feas díḃsi cred is cíall do na neiṫiḃsi? innis dóiḃ, Féuċ, ṫáinic ríġ na Babilóine go Hierusalem, agus do ġaḃ sé a ríġ, agus a prionnsaḋa, agus do ṫréoruiḋ sé leis íad don Ḃabilóin;

13 Agus do ġlac sé do ṡíol an ríġ, agus do rinne sé cunnraḋ ris, agus do ḃean sé mionna ḋe: do ġaḃ sé fós cuṁaċtaiġe na tíre:

14 Ċor gó mbiaṫ an rioġaċt uirísiol, ionndus naċ ttóigfeaḋ sí i féin súas, aċt go ḃféadfaḋ sí seasaṁ maille re coṁall a cunnarṫa.

15 Aċt do ċaṫuiġ sé iona aġaiḋsion ag cur a ṫeaċdaḋ don Négipt, ċor go ttugaidís eiċ agus mórán daóine ḋó. An raċuiḋ go maiṫ ḋo? an raċuiḋ an té do ní na neiṫesi as? nó an mbrisfiḋ sé an cunnraḋ, agus ḃeiṫ sáor?

16 Mar ṁairim a deir an Tiġearna DIA, go deiṁin annsa náit a ccoṁnuiġionn an ríġ do rinne ríġ ḋe, ar ṫarcuisniġ sé a ṁionna, agus ar ḃris sé a ċunnraḋ, aigesion a lár ná Babilóine éugfuiḋ sé.

17 Ní mó ḋéanas Ṗárao ar a ṡon le na ṡlúaġ neartṁar agus le na ċuideaċduin ṁóir annsa ċogaḋ, le teilgion mótaḋ súas, agus lé déanaṁ daingniḋ, do ṁarḃaḋ móráin pearsann:

18 O ṫarcuisniġ sé an mionna ag briseaḋ an ċunnarṫa, (a nuáir, feuċ, ṫug sé a láṁ úaḋ,) agus do rinne sé na neiṫesi uile, ni raċaiḋ sé as.

19 Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Mar ṁairimsi, go deiṁin coíreoċa mé air a ċeann féin, mo ṁionna do ṫarcuisniġ sé, agus mo ċunnraḋ do ḃris sé.

20 Agus leaṫnoċa mé mo líon air, agus géaḃṫar ann mo ṗaintéur é, agus béara mé don Ḃabilóin é, agus taigeara mé ris annsin fá na ṡáruġaḋ noċ do ṡáruiġ sé am aġaiḋ.

21 Agus tuitfiḋ a ṫeiṫṁiġ uile go na ṡlúaġ leis an ccloiḋeaṁ, agus scarfuiġear ó ċéile leaṫ re gaċ uile ġaóiṫ an ṁéid ṁairfios díoḃ: agus aiṫeontaoi gur misi an TIĠEARNA do laḃair é.

22 ¶ Is marso a deir an Tiġearna DIA; Glacfa mé fós don ġéig is áirde don cédar árd, agus cuirfiḋ mé é; agus geárrfa mé do ḃárr a ḃeangán óg géug ṁáoṫ, agus plainndeoċa mé í a slíaḃ árd oirḋeirc:

23 Plainndeoċa mé í a slíaḃ áirde Israel: agus ginfe sí géuga, agus do ḃéara sí toraḋ, agus biáiḋ na cédar ḃreáḋa: agus áitreoḃuiḋ na huile éunlaiṫ gaċ sciaṫáin faói; áitreoċuid síad air scáṫ a géug.

24 Agus aiṫeonuid crainn an ṁaċaire uile gur misi an TIĠEARNA do leag sios an crann árd, dárduiġ an crann ísiol, do ċríon an crann glas, agus ṫug air an ccrann críon bláṫuġaḋ: misi an TIĠEARNA dolaḃair é agus do rinne é.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan