Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eseċiel 16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVI. Díoġaltas Dé ar na Hiuduiġiḃ, arson a ndearmad agus a ndiombuċas, taréis an ṁor‐ṁuirne a raḃadar aige.

1 Ṫainic focal an TIĠEARNA a rís ċugamsa, ag ráḋ,

2 A ṁic an duine, taḃair ar Ierusalem a gráineaṁlaċta daiṫniuġaḋ,

3 Agus abair, Is marso a deir an Tiġearna DIA re Hierusalem; Is do ṫír Ċanaan do ḃreiṫ agus do ḋúṫċus; do buḋ Amoríteaċ haṫair, agus Hitíteaċ do ṁaṫair.

4 Agus ar son do ḋúṫċuis, annsa ló a rugaḋ ṫú níor gearraḋ himleacán, ní mó do niġeaḋ ṫú a nuisge dot ṁáoṫuġaḋ; níor sailleaḋ ṫú ar aónċor, ní mó do ceanglaḋ ṫú ar aónċor.

5 Ní ḋéarna súil ar bioṫ truáiġe ḋuit, do ḋéanaṁ aóinneiṫe ḋíoḃso ḋuit, ag déanaṁ trócaire ort; aċt do teilgeaḋ amaċ ṫú annsa ṁaċaire ḟoscuilte, do ġráin ar hanum, annsa ló a rugaḋ ṫú.

6 ¶ Agus an tan do ġaḃ misi láiṁ riot, agus do ċonnairc mé salaċ ṫú ann ṫfuil féin, a duḃairt mé ríot, ann ṫfuil féin, Mair; fós, a duḃairt mé riot ann ṫfuil féin, Mair.

7 Ṫug mé ort ḟoirlíonaḋ mar ġineaṁuin an ṁaġa, agus do ṁéaduiġ tú agus dfás tú mór, agus ṫáinic tú ċum culaiḋeaċ oirḋearca: do ċumaḋ do ċíċe, agus dfás do ġruáig, a náit a raiḃ tú tárnoċt agus lom.

8 Anois an tan do ġaḃ mé láiṁ riot, agus daṁairc mé ort, féuċ, do bé haimsir aimsir ġráḋa; agus do leaṫnuiġ mé mo sciorta ṫort, agus dfoluiġ mé do ṫárnoċtuiġ: fós ṫug mé mionna ḋuit, agus do ċuáiḋ mé a cunnraḋ riot, a deir an Tiġearna DIA, agus do buḋ liomsa ṫú.

9 Annsin do niġ mé ṫú le huisge; do niġ mé fós, ṫfuil úait go hiomlán, agus dungaiḋ mé lé hola ṫú.

10 Déaduiġ mé ṫú fós le hobair ḃróidneireaċta, agus do ċuir mé bróga do ċroicionn bruic ort, agus do ċriosluiġ mé ṫú fa ccuáirt lé línéadaċ finealta, agus dfoluiġ mé ṫú lé síoda.

11 Do sgíaṁuiġ mé ṫú mar an ccéadna lé cúlaḋuiḃ, agus do ċuir mé bráisléid air do láṁuiḃ, agus slaḃraḋ fád ḃráġaid.

12 Agus do ċuir mé séud oirḋeirc air héadan, agus clúasḟáinneaḋa ann do ċlúasaiḃ, agus coróin ḃréaġa ar do ċeann.

13 Marso do hóirneaḋ ṫú lé hór agus lé hairgiod; agus do ḃí héaḋaċ do líon ṁín, agus do ṡíoda, agus dobair ḃriódneireaċda; a duáiġ tú plúr mín, agus mil, agus olá: agus do ḃí tú ro sgíaṁaċ, agus ráinic tú ḃeiṫ ad rioġaċt.

14 Agus do ċuáiḋ do ċlú amaċ a measg na ngeinteaḋ air do sgéiṁ: óir do ḃí sé iomlán tré mo sgéiṁsi, noċ do ċuir mé ort, a deir an Tiġearna DIA.

15 ¶ Aċt do ḋóṫċusaiġ tú ann do sgéiṁ féin, agus do rinne tú meirdreaċus do ḃríġ do ṁórċlú, agus do ḋóirt tú amaċ do ḋrúis ar gaċ áon dar ġaḃ red ṫaoiḃ; do buḋ leis sin é.

16 Agus do ġlac tú dot ċúlaḋuiḃ, agus do ċóiriġ tú háite árda lé daṫaiḃ éagsaṁla, agus do rinne tú meirdreaċus air: ní ṫiucfa a leiṫeidsin do neiṫiḃ, ní mó ḃías marsin.

17 Do ġlac tú fós do ṡeóid ḃreáġa dom órsa agus dom airgiod, noċ ṫug mé ḋuit, agus do rinne tú ḋuit íoṁáiġe daóine, agus do rinne tú stríopaċus ríu,

18 Agus do ġlac tú héadaċ bróidnéireaċda, agus dfoluiġ tú íad: agus do ṡuiġiḋ tú mo olasa agus mo ṫúis ós a ccionne.

19 Mo ḃíaḋ mar an ccéadna ṫug mé ḋuit, plúr mín, agus ola, agus mil, leir ḃeaṫaiġ mé ṫú, do ṡuiġiḋ tusa iona ḃfíaḋnuisi é mar ḃolaḋ cuṁra: agus is marso do ḃí, a deir an Tiġearna DIA.

20 Tuilleaṁ fós, do ġlac tú do ṁic agus hinġeana, rug tú ḋaṁsa, agus díoḋbair tú íadso ḋóiḃ dá slugaḋ. An cuis ḃeag so dot stríopaċasuiḃ,

21 Gur ṁarḃ tú mo ċlann, agus gur ṡeaċuid tú íad do ġaḃáil ṫríd an tteine ar a sonsan?

22 Agus níor ċuiṁniġ tú láeṫe hóige ann do uile ġráineaṁlaċtaiḃ agus stríopaċasaiḃ, an tan do ḃí tú tárnoċt agus lom, agus do ḃí tú ar do ṫruáilleaḋ an ṫfuil.

23 Agus tárla a ndiáiġ huile olc, (a ṁairg, a ṁairg ḋuit! a deir an Tiġearna DIA;)

24 Gur ċuir tú fós súas duit féin áit oirḋeirc, agus go ndéarna tú áit árd ḋuit ann gaċ áon tsráid.

25 Do ċuir tú súas háit árd air gaċ aóin ċeann don tsliġe, agus ṫug tú fa deara do sgíaṁ dfúaṫuġaḋ, agus dfoseail tú do ċosa do gaċ aon dar ġaḃ ṫort, agus do ṁéaduiġ tú do stríopaċus.

26 Do rinne tú fós drúis ris na Hégiptiḃ do ċoṁarsana, atá mór a ḃfeóil; agus do ṁéaduiġ tú do stríopaċus, dom ḃrostuġaḋsa ċum feirge.

27 Féuċ, uimesin do ṡín mé mo láṁ amaċ ós do ċionn, agus do laġduiġ mé do ḃiaḋ láeṫeaṁuil, agus ṫug mé ṫú ar ṫoil na ndaóine dfúaṫaiġ ṫú, inġeana na Ḃṗilistíneaċ, air a ḃfuil náire fad ṡliġe úallaiġ.

28 Do rinne tú mar an ccéadna stríopaċus ris na Hassírianaċaiḃ, do ḃríġ go raiḃ tú dóríarṫa; do rinne tú fós, méirdreaċus ríu, agus fós níor ḃféidir do ṡásaḋ.

29 Do ṁéaduiġ tú fós do ḋrúis a ttír Ċanaan gus an Ccaldeá; agus ris so fós ní raiḃ tú sásta.

30 Cred laige do ċroiḋe, a deir an Tiġearna DIA, ó ní tú na neíṫeso uile, obair ṁná stríopuiġ ṫiġearnaṁuil.

31 An tionad a ndéan tú háit oirḋeirc a ccionn gaċ sliġeaḋ, agus go ndéan tú háit árd ann gaċ áon sráid; agus naċ raiḃ tú aṁuil meirdreaċ, iondus go ttarcuisniġionn tú túarustal;

32 Aċt mar ṁnaói do ní aḋaltrannas, noċ ġlacus coiṁṫiġiḋ a náit a fir féin!

33 Do ḃeirid bronta do na huile stríopaċaiḃ: aċt do ḃeir tusa do ṫioḋlaicṫe dot háos gráḋa uile, agus fostuiġiḋ tú íad, ċor go ttiucfaiḋís ort gaċ uile ṫaóḃ ar son do stríopaċuis.

34 Agus ata contrarḋaċd íonnadsa ó ṁnáiḃ oile ann do stríopaċus, an tionad naċ leanan aóinneaċ ḋíot do ḋéanaṁ stríopaċuis: agus an tionad a ttug tú luáiġeaċt uáit, agus naċ ttugṫar luáiġeaċt ar biṫ ḋuit, uimesin atá tú contrarḋa.

35 ¶ Uimesin, a ṁeirdreaċ, éist bríaṫar an TIĠEARNA:

36 Is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ gur dóirteaḋ do ṡalċar amaċ, agus gur foillsiġeaḋ do ṫárnoċtuiġṫe do ḃríġ do stríopaċuis led háos gráḋa, agus re huile ioḋaluiḃ do ġráineaṁlaċda, agus le fuil do ċloinne noċ ṫug tú ḋóiḃsion;

37 Feuċ, uimesin cruinneoċa misi huile áosgráḋa, iona ḃfuáir tú sólás, agus gaċ ar ġráḋuiġ tú, maille ris an ndroing éile dá ttugais fúaṫ; eaḋon cruinneoċa mé ad ṫimċioll fa ccuairt íad ad aġaiḋ, agus taisbeanfa mé do ṫárnoċtuiġ ḋóiḃ, lé ḃfaicfid do ṫárnoċtuiġe uile.

38 Agus do ḃéara mé breiṫeaṁnus ort, mar ḃéarṫar breaṫ ar ṁnáiḃ ḃrisios cuing ṗósta agus ḋóirteas fuil; agus do ḃéara mé fuil ḋuit a ḃfeirg agus a néud.

39 Agus fós do ḃéara mé ṫusa iona láiṁ, agus teilgfid síad síos háit oirḋeirc, agus brisfid síad síos háite árda: noċtfuid síad ṫú fós as héadaċ, agus béaruid leó do ṡeóid, agus fúigfid tárnoċtuiġ agus lom ṫú.

40 Ḃéaruid fós cuideaċta súas ad aḋaiġ, agus cloċfuid ṫú lé cloċaiḃ agus saiṫfid ṫríod le na ccloiḋṁṫe.

41 Agus loisgfid síad do ṫiġ le teine, agus ḃéaruid síad breaṫ ort a raḋarc ṁóráin ban: agus do ḃéara misi ort sgur ód ḋéanaṁ meirdreaċuis, agus ní ṫiuḃra coiḃṫe uáit ní is ṁó.

42 Marsin do ḃéara mé air mo ḋíḃḟeirg ad aġaiḋ ciúnuġaḋ, agus imeoċuiḋ méud uáit, agus biáiḋ mé suáiṁneaċ, agus ní ḃiáiḋ fearg orum ní sa ṁó.

43 Do ḃríġ nar ċuiṁniġ tusa laéṫe hóige, aċt gur ḟearguiḋ tú misi annsna neiṫiḃsi uile; feuċ, ar a naḋḃarsin cúiteoċa misi do ṡliġe air do ċeann, a deir an Tiġearna DIA: agus ní ḋéana tú an túallaċus so tar huile ġráineaṁlaċtaiḃ.

44 ¶ Feuċ, a nuile ḋuine dá ngnáṫuiġionn seanráiḋte a déaruiġ sé an seanḟocalso ad aġaiḋsi, ag ráḋ, Mar ḃíos an ṁáṫair, is marsin ḃíos a ninġean.

45 Is tusa inġean do ṁaṫar, noċ ḟúaṫuiġios a fear agus a clann; agus is tú deirḃṡíur do ḋeirḃṡeaṫraċ, do ḟúaṫuiġ a ḃfir agus a cclann: do buḋ Hitíteaċ ḃur maṫair, agus ḃur naṫair na Amoríteaċ.

46 Agus isí Samária an deirḃṡíur as sine agad, í féin agus a hinġeana noċ áitreaḃus ar do láiṁ ċlé: agus do ḋeirḃṡíur is óige, noċ áitreaḃus ar do láiṁ ḋeis, isí Sodom agus a hinġeana.

47 Giḋeaḋ níor imṫiġ tusa do réir a sliġṫeaċsan, ní mó do rinne tú réir a ngráineaṁlaċda: aċt, mar buḋ ro ḃeag sin, do truáilleaḋ ṫú ní as mó na íadsan ann huile ṡliġṫiḃ.

48 Fa mar ṁairim, a deir an Tiġearna DIA, Ní ḋéarna Sodom do ḋeirḃṡíur, í féin nó a hinġeana, mar do rinne tusa, ṫú féin agus hinġeana.

49 Féuċ, do bé so éigceart do ḋeirḃṡeaṫar Sodom, úaḃar, líonṁaireaċt aráin, agus iomad dioṁaóinis do ḃí innte féin agus iona hinġeanuiḃ, ní mó do neartuiġ sí láṁ an ḃoiċt nó an ríaċtanuiġ.

50 Agus do ḃádar árdaigeantaċ, agus do rinneadar gráineaṁlaċta am ḟiaḋnuisise: uimesin rug mé liom íad mar do ċoncas ḋaṁ.

51 Ní mó do rinne Samária leaṫ do ṗeacuiḋesi; aċt dfoirlíon tusa do ġráineaṁlaċda ní sa ṁó ná íadsan, agus do rinne tú do ḋeirḃṡeaṫraċa ceart ann huile ġráineaṁlaċdaiḃ noċ do rinne tú.

52 Ṫusa fós, rug breaṫ air do ḋeirḃṡeaṫraċaiḃ, iomċair do náire féin arson do ṗeacaiḋ do rinne tú ní as aḋḟúaṫṁaire ná íadsan: is ro ionnraca íad ná ṫusa: aseaḋ, náiriġṫear ṫusa fós, agus iomċair do náire, do ḃríġ gur ḟíréunuiġ tú do ḋeirḃṡeaṫraċa.

53 An tan do ḃéaras misi ar ais a rís a mbraiġdionas, braiġdionas Ṡodom agus a hinġean, agus braiġdionas Ṡamária agus a hinġean, ann sin do ḃéara mé liom a rís braiġdionas do ḃráġdsa iona lár:

54 Iondus go niomċóra tú do náire féin, agus go cclaóiḋtear ṫú annsa nuile ní dá ndéarna tú, an tionad a ḃfuil tú ad ċoḃarṫaċ aca.

55 An tan ḟillfios do ḋeirḃṡeaṫraċa, Sodom agus a hinġeana, ċum a ccéad staide, agus ḟillfios Samária agus a hinġeana ċum a ccéad staide, annsin fillfiḋ tusa agus hinġeana ċum ḃur ccéad staide féin.

56 Oír níor luáiġeaḋ do ḋeirḃṡíur Sodom ann do ḃéul a ló huaḃair,

57 Suil do foillsiġeaḋ holc, aṁuil a nam ṁasla inġean na Síria, agus a nuile ḋuine dá ḃfuil na timċioll fa ccuáirt, inġeana na Ḃṗilistíneaċ, noċ ṫarcuisníġios ṫusa timċioll fa ccuairt.

58 Diomċuir tú húallaċus agus do ġráineaṁlaċta, a deir an TIĠEARNA.

59 Oír is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḋéana mé go deiṁín riot mar do rinne tú, noċ dó ṫarcuisniġ an mionna a mbriseaḋ an ċunnarṫa.

60 ¶ Ṫairis sin cuiṁneoċa mé mo ċunnraḋ riotsa a láeṫiḃ hóige, agus daingneoċa mé cunnraḋ síorruiḋe riot.

61 Annsin cuiṁneoċa tú do ṡliġṫe, agus biáiḋ náire ort, an tan ġlacfus tú do ḋeirḃṡeaṫraċa ċugad, do ḋeirḃṡíur is sine agus is óige: agus do ḃéara mé ḋuit íad mar inġeanaiḃ, aċt ní maille red ċunnraḋsa.

62 Agus daingneoċa mé mo ċunnraḋ riot; agus biáiḋ a ḟios agad gur misi an TIĠEARNA:

63 Iondus go ccuiṁneoċa tú, agus go mbía náire ort, agus naċ ḃfoisceola tú do ḃéul go braṫ ní as mó do ḃríġ do náire, an tan ḃías mé síoṫċánta riot ar son a nuile ní dá ndeárna tú, a deir an Tiġearna DIA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan