Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eseċiel 14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIV. Tiocfaiḋ tairrġir an ḟáiġ ḃréugaiḋ a gcríċ do ḋaóiniḃ doṫ‐smaċduiġe, do réir a ccionta.

1 Annsin ṫangadar dream do ṡinnsearuiḃ Israel ċugam, agus do ṡuiġeadar as mo ċoinne.

2 Agus ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugam, ag ráḋ,

3 A ṁic an duine, do ċuireadar an ṁuinntir so a nioḋal súas iona ccroiḋe, agus do ċuireadar ceap tuisliġ a neigceart as coinne a naiġṫe: a níarrfuiġear misi air áonċor?

4 Uimesin laḃair ríu, agus abair ríu, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Gaċ uile ḋuine do ṫiġ Israel ċuirios súas ioḋala iona ċroiḋe, agus ċuirios ceap tuisliġ a éigceirt as coinne a aiġṫe, agus ṫig ċum a nfaiġ; freagora misi an TIĠEARNA é ṫiucfeas do réir iomadaṁlaċd a ioḋal;

5 Ċor go ngaḃa mé tiġ Israel iona ccroiḋe féin, do ḃríġ go ḃfuilid uile coiṁiġṫeaċ ḋaṁ do ḃríġ a nioḋal.

6 ¶ Uimesin abair ré tiġ Israel, Is marso a deir an Tiġearna DIA, Déanuiġ aiṫriġe, agus iompóiġiḋ siḃ féin ó ḃur nioḋaluiḃ; agus filliḋ ḃur naiġṫe ó ḃur nuile ġráineaṁlaċtaiḃ.

7 Oír gaċ uile ḋuine do ṫiġ Israel, nó don ċoiṁṫiġeaċ ḃíos ar cuáirt ann Israel, noċ ḋealuiġeas é féin ó ḃeiṫ am ḋiáiġsi, agus ċuirios a ioḋala súas iona ċroiḋe, agus ċurios an ceap tuisliġ a éicceart as coinne a aiġṫe, agus ṫiucfas a ccionn fáiġe do ċeastnuġaḋ ris dom ṫaoḃsa; misi an TIĠEARNA freagorad é maille riom féin:

8 Agus suiġeoċa mé maġaiḋ a naġaiḋ an duine sin, agus do ḋéana mé coṁarṫa agus seanḟocal de, agus géarrfa mé amaċ as lár mo ḋaóine é; agus aiṫeontaói gur misi an TIĠEARNA.

9 Agus má ḃíonn an fáiġ meallta an tan laiḃeora sé an ní, is misi an TIĠEARNA do ṁeall an fáiġ sin, agus sínfe mé mo láṁ amaċ air, agus scriosfa mé é as lár mo ṗobail Israel.

10 Agus iomċóruid síad pionós a néigceart: buḋ ionann pionós a nfáiġ agus pionós an tí íarrus air;

11 Iondus naċ raċaiḋ tiġ Israel ní sa ṁó ar seaċrán uáimsi, naċ mó ḃéid síad ní as mó ar na ttruáilleaḋ le na sáruiġṫiḃsin uile; aċt go ḃféadfuid ḃeiṫ na bpobal agamsa, agus go mbía misi am Ḋía acasan, a deir an Tiġearna DIA.

12 ¶ Ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa a rís, ag ráḋ,

13 A ṁic an duine, an tan ṗeacoċas an dúṫaiġ am aġaiḋsi le ciontuġaḋ go hanṁór, annsin sínfiḋ mé mo láṁ amaċ air, agus brisfiḋ mé maide a naráin, agus cuirfiḋ mé gorta air, agus gearrfa mé amaċ an duine agus an beaṫaċ úaḋa:

14 Da mbeiṫ go mbeidís an tríur fearso ann, Noah, Daniel, agus Iób, ní ṡáorfaidís aċd a nanmanna féin lé na ḃfíréantaċt, a deir an Tiġearna DIA.

15 ¶ Má ḃeirim air ḃeaṫuiġiḃ urċóideaċa dul ṫríd an dúṫaiġ, agus go millfid síad í, iondus go mbía sí na dioṫraṁ, iondus naċ féidir lé haóinneaċ dul ṫríṫe do ḃríġ na mbeaṫaċ:

16 Dá mbeiṫ go mbeidís an tríur fearso innte, fa mar ṁairim, a deir an Tiġearna DIA, ní ṡáorfuid síad mic no inġeana; saorfuiġear íad féin aṁáin, aċt biáiḋ an fearann na ḟásaċ.

17 ¶ Nó má ḃeirim cloiḋeaṁ air an ndúṫaiġsin, agus a ráḋ, A ċloiḋiṁ, imṫiġ ṫríd an ttír; iondus go ngéarrfa mé an duine agus an beaṫaċ uaḋa:

18 Da mbeiṫ go mbeidís an tríur fearso innte, fa mar ṁairim, a deir an Tiġearna DIA, ní ṡáorfuid síad mic nó inġeana, aċt sáorfuiġear íad féin aṁáin.

19 ¶ Nó má ċuirim pláiġ annsa ḃfearannsin, agus go ndóirtfiḋ mé mfearg a ḃfuil amaċ air, do ġearraḋ duine agus ḃeaṫuiġe úaḋa:

20 Bíoḋ go mbeiṫ Noah, Daniel, agus Iób, annsin, fa mar ṁairim, a deir an Tiġearna DIA, ní ṡaorfuid síad mac nó inġean; ní ṡáorfuid síad aċt a nanmanna féin le ná ḃfíréantaċt.

21 Oír is marso a deir an Tiġearna DIA; Cá ṁéad ní sa ṁó na sin an tan ċuirfios mé mo ċeiṫre breiṫeaṁnuis niṁneaċa air Ierusalem, an cloiḋeaṁ, an ġorta, an beaṫaċ urċóideaċ, agus an ṗláiġ, do ġearraḋ duine agus beaṫuiġ úaḋa amaċ?

22 ¶ Ṫairis sin, féuċ, fúigfiġear fuiġioll annsin noċ do ḃéarṫar amaċ, mic agus inġeana: agus féuċ, tiucfuid síad amaċ ċugaiḃ, agus do ċífiḋe a sliġe agus a ngnioṁa: agus do ġeaḃṫaói coṁḟurtaċt a ttaoḃ a nuilc ṫug misi air Ierusalem, eaḋon a ttáoḃ a nuile ní dá ttug mé uirre.

23 Agus coṁḟurtaċtfuid siḃsi, an tan do ċíḋfiḋe a slíġṫe agus a ngníoṁa: agus aiṫeontaói naċ gan aḋḃar do rinne mé a nuile ní dá ndéarnas ann, a deir an Tiġearna DIA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan