Eseċiel 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIII. Imḋeargaḋ na ḃfáiġeaḋ bréugaċ. 1 Agus ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ, 2 A ṁic an duine, tairrġir a naġuiḋ ḟáġ Israel noċ ṫairrġirios, agus abairsi ris a ndroing ṫairrġirios as a ccroiḋṫiḃ féin, Eistiġsi bríaṫar an TIĠEARNA; 3 Is marso a deir an Tiġearna DIA; A ṁairg do na fáiġiḃ leaṁa, leanus a spiorad féin, agus naċ ḃfacaiḋ aoinni! 4 O a Israel, is cosṁuil ṫfáiġe ré sionnċaiḃ annsna díoṫraṁ. 5 Ni ḋeaċaḃair súas annsna béarnuiḃ, ní mó do rinneaḃair súas an fál do ṫiġ Israel do ṡeasaṁ annsa ċaṫ a ló an TIĠEARNA. 6 Do ċonncadar díoṁaóineas agus tairrġire ḃréagaċ, ag ráḋ, A deir an TIĠEARNA: agus ní hé an TIĠEARNA do ċuir uáḋ íad: agus ṫugadar air ḋaóiniḃ oile dóṫċusúġaḋ go ndaingneoċaidís an focal. 7 Naċ ḃfacaḃair fis díoṁaóin, agus naċ ar laḃraḃair tairrġire ḃréagaċ, an tionad a nabarṫaói, A duḃairt an TIĠEARNA é; bíoḋ nar laḃair mé? 8 Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA, Do ḃríġ gur laḃraḃair díoṁaóineas, agus go ḃfacaḃair bréaga, ar a naḋḃarsin, féuċuiḋ, atáimsi ḃur naġaiḋ, a deir an Tiġearna DIA. 9 Agus biáiḋ mo láṁ air na fáiġiḃ do ċí díoṁaóineas, agus ċumas bréaga: ní ḃéid síad a noireaċtas mo ṗobail, ní mó scríoḃṫar íad a scríḃinn ṫiġe Israel, ní mó raċaid síad a steaċ a ndúṫaiġ Israel; agus aiṫeontaói gur misi an Tiġearna DIA. 10 Do ḃríġ, eaḋon do ḃríġ gur ṫairngeaḃair mo ḋaóine as an tslíġe, ag ráḋ, Síoṫċáin; agus naċ raiḃ síoṫċáin ar biṫ; agus do ċuir duine balla súas, agus, féuċ, do ḋóibealadar daóine oile é lé moirtéul gan súaṫaḋ: 11 Abair ris an muinntir ḋóibealas é lé moirtéul gan súaṫaḋ, go ttuitfiḋ sé: biáiḋ tuile ċeaṫa; agus tuitfiḋ siḃse, a ċloċa móra cloiċṡneaċda; agus brisfiḋ gáoṫ stoirmeaṁuil é. 12 Féuċ, an tan ṫuitfios an balla, naċ aibeorṫar riḃsi, Cáit a ḃfuil an dóib ler ḋóibealadar é? 13 Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Réubfa mé é fós lé gaóiṫ stoirmeaṁuil ann mo ḋíḃḟeirg; agus biáiḋ tuile ceaṫa an mfeirg, agus cloċa móra cloiċṡneaċda ann mo ċeannairg dá aiḋṁilleaḋ. 14 Marsin ḃrisfios mé síos an balla do ḋoibealadar lé moirtéul gan súaṫaḋ, agus do ḃéara mé sios go talṁ é, iondus go léigfiġear ris a ḃunáite, agus tuitfiḋ sé, agus muirfiġear siḃsi iona lár: agus aiṫeontaói gur misi an TIĠEARNA. 15 Marso ċoiṁlíonfas mé mfearg air an mbaila, agus air an luċt do ḋóbáil é lé moirtéul gan súaṫaḋ, agus a déarad riḃ, Ní ḃiáiḋ an balla ann ní sa ṁó, nó an drong do ḋóbáil é; 16 Tairrġirid fáiġe Israel a ttáoḃ Ierusalem, agus do ċíd aislinge síoṫċána ḋi, agus gan síoṫċáin ar bioṫ ann, a deir an Tiġearna DIA. 17 ¶ Mar an ccéadna, ṫusa a ṁic an duine, cuir haġaiḋ a naġaiḋ inġiona do ṗobail, noċ ṫairrġirios as a ccroiḋe féin; agus tairrġirsi na naġaiḋsion, 18 Agus abair, Is marso a deir an Tiġearna DIA; A ṁairg do na mnáiḃ ḟuáiġiḋiosclúasċáin ar na huile uilleannuiḃ, agus do ní ciarsúir air ċeann gaċ aóin státuir dfíaḋaċ anmann! An mbeiṫí ag fíaḋaċ anmann mo ṗobailsi, agus an ccuiṁdeoċṫaói béo anmanna na druinge ṫig ċugaiḃ? 19 Agus an trnáilleoċṫaói misi a measc mo ṗobail féin air ḋornánuiḃ éorna agus air ċotċaiḃ aráin, do ṁarḃaḋ na nanmann naċ éugfaḋ, agus do ċuṁdaċ na nannman mbéo naċ mairfeaḋ, le ḃur ndéanaṁ bréag rem ṁuinntirsi noċ ċluinios ḃur mbréaga? 20 Uimesin, is marso a deir an Tiġearna DIA, Féuċ, atáimsi a naġaiḋ ḃur bpiléur, leis a ndéantaói fíaḋaċ annsin a na hannmanuiḃ dá ccur a tteiṫeaṁ, agus brisfe mé ó ḃur nascalluiḃ íad, agus léigfe mé na hanmanna dimṫeaċt, eaḋon na hanmanna ar a mbeiṫíse ag fíaḋaċ dá ccur a tteiṫeaṁ. 21 Brisfe mé ḃur ccíarsúiríḋe mar an ccéadna, agus sáorfa mé mo ḋaóine as ḃur láiṁsi, agus ní ḃéid ní sa ṁó ann ḃur láiṁ dá ḃfíaḋaċ; agus aiṫeontaói gur misi an TIĠEARNA. 22 Do ḃríġ go ndéarnaḃair croiḋe na ḃfíréun duḃaċ lé bréagaiḃ, naċ déarna misi duḃaċ; agus gur neartniġeaḃair láṁa an ċiontuiġ, go naċ ḃfillfeaḋ sé ó na ḋroiċṡliġe, lé geallaṁuin a anma ḋó: 23 Uimesin ní ḟaicfiḋe díoṁaóineas ní sa ṁó, agus ní ḋéantaói fáistine: óir tárṫoċa misi mo ṗobal as ḃur láiṁ: agus aiṫeontaói gur misi an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society