Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eseċiel 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XII. Ata áṫruġaḋ Ieremiah, na ċoṁarṫa ar ḃraiġdíonas Israel.

1 Ṫainic bríaṫar an TIĠEARNA mar an ccéadna ċugamsa, ag ráḋ,

2 A ṁic an duine, aitreaḃṫuiġ tú a lár ṫiġe easurramuiġ, aga ḃfuilid súile dfaicsin, agus naċ ḃfaicionn; atáid cluasa aca déisdeaċt, agus ní ċluinid síad: óir is tiġ easuṁal íad.

3 Uimesin, a ṁic an duine, gléus soiṫiġe ċum áṫruiġṫe, agus áṫruiġ annsa ló inna raḋarcsan; agus áṫroċa tú ód áit féin go háit oile iona raḋarc: do bféidir go measfaidis, bíoḋ go ḃfuilid na ttiġ easuṁal.

4 Annsin do ḃéara tú amaċ do ṡoiṫiġ ó ló iona raḋarc, aṁuil soiṫiġe ċum áṫruiġṫe: agus raċa tú amaċ um nóin iona raḋarc, aṁuil an drong noċ ṫéid amaċ a mbraiġdionas.

5 Toċuil ṫusa ṫríd an mballa iona raḋarc, agus beir amaċ annsin.

6 Ann a raḋarcsan ḃearas tú leaċd é air do ġuáilliḃ, agus iomċóra tú amaċ é annsa tráṫnóna: foileoċa tú haġaiḋ, ċor naċ ḃfaicfe tú an talaṁ: óir do ċuir misi mar ċoṁarṫa do ṫiġ Israel ṫú.

7 Agus do rinne misi mar do haiṫniġeaḋ ḋíom ṫug mé amaċ ma ṡoiṫiġe san ló, aṁuil soiṫiġe áṫruiġṫe, agus tráṫnóna do ṫoċail mé ṫríd an mballa lem láiṁ; ṫug mé amaċ é annsa dorċadus, agus diomċras ar mo ġúaluinn é iona raḋarcsan.

8 Agus ar maidin ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugam, ag ráḋ,

9 A ṁic an duine, naċ nduḃairt tiġ Israel, an tiġ easuṁal riotsa, Cred do ní tú?

10 Abair ríu, Mar so a deir an Tiġearna DIA; Bainiḋ an tairrġirsi don ṗrionnsa féin atá a Nierusalem, agus do ṫiġ Israel uile atá annsin.

11 Abair, Is misi ḃur ccoṁarṫa: aṁuil mar do rinne misi, is marsin do ḋéantar ríusan: áṫroċuid siad san agus raċfuid a mbraiġdionas.

12 Agus an prionnsa atá iona measc iomċoruiġ sé air a ġúaluinn annsa dorċadus, agus raċfuiḋ sé amaċ: toiċeoluid síad ṫríd an mballa do ḃreiṫ ṫríd amaċ: foileoċa sé a aġaiḋ, ċor naċ ḃfaicfe sé an talaṁ lé na ṡúiliḃ.

13 Leaṫnoċadsa fós mo líon air, agus géaḃṫar ann mo ḋul é: agus do ḃéarad don Ḃabilóin é go críċ na Ccaldéanaċ; ṫairis sin ní ḟaicfiḋ sé é, bíoḋ go ḃfuiġe sé bás annsin.

14 Agus scaóilfe mé leaṫ re gaċ aon ġaoiṫ a nuile ḋuine ḋá ḃfuil ná ṫimċioll do ċongnaṁ leis, agus a ṡlúaġ uile; agus tairreonga mé an cloiḋeaṁ amaċ na ndiáiġ.

15 Agus aiṫeonuid síad gur mé an TIĠEARNA, an tan spréiġfios mé íad a measc na ngeinteaḋ, agus sgaóilfios mé íad idir na tíorṫaiḃ.

16 Aċt fuigfiḋ mé beagán do ḋaóiniḃ aca ón ccloiḋeaṁ, ón ngorta, agus ón bpláiġ; ċor go ḃfoillseoċuid a nuile ġráineaṁlaċt a measc na ccineaḋaċ mar a ttiucfuid síad; agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA.

17 ¶ Tuilleaṁ oile ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ,

18 A ṁic an duine, iṫ harán lé crioṫ, agus iḃ huisge lé creaṫaiḃ agus lé cúram;

19 Agus abair ré pobal na tíre, Is mar so a deir an Tiġearna DIA a ttaoḃ áitreaḃṫaċ Ierusalem, agus tíre Israel; Iosaid a narán lé cúram, agus ioḃuid a nuisce ré húaṫḃás, ċor go mbía an dúṫaiġ na fasaċ ó gaċ a ḃfuil innte, do ḃríġ foiréigin na druinge áitreaḃus innte.

20 Agus fúicfiġear folaṁ na caiṫreaċa atá áitreaḃṫa, agus biáiḋ an fearann fásuiġṫe; agus biáiḋ a ḟios aguiḃ gur misi an TIĠEARNA.

21 ¶ Agus ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ,

22 A ṁic an duine, cred an seanḟocalsin atá aguiḃ a ttír Israel, ag ráḋ, Do faduiġeaḋ na láeṫe, agus fáilliġiḋ a nuile ḟis?

23 Innis dóiḃ ar a nadḃarsin, Is marso a deir an Tíġearna DIA, Do ḃéara misi air an seanráḋ so scur, agus ní ḃiáiḋ aca ní sa ṁó mar ṡeanḟocal a Nisrael; aċt abair ríu, Atáid na láeṫe do laṫair, agus bríaṫar gaċ uile ḟise.

24 Oír ní ḃiáiḋ fis ar bioṫ dioṁaóin ní sa ṁó nó tairrġire spleaḋaċ a stiġ a ttiġ Israel.

25 Oír is misi an TIĠEARNA: laiḃeora mé, agus tiucfuiḋ an focal laiḃeorus mé a ccríċ; ní ḃiáiḋ cáirde ní sa ṁó air: oir ann ḃur láeṫiḃsi, a ṫiġ easuṁal, a déara misi an focal, agus coiṁlíonfa mé é, a deir an Tiġearna DIA.

26 ¶ A rís ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugam, ag ráḋ,

27 A ṁic an duine, féuċ, a deirid muinntir ṫiġe Israel, Atá a nfis do ċiḋ sé ré teaċt mórán láeṫeaḋ uáinn fos, agus tairrġiriḋ sé air na haimsearuiḃ atá a ḃfad uáinn.

28 Uimesin abair ríu, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Ní cuirfiġear cáirde ar aonċuid dom ḃríaṫruiḃsi ní sa ṁó, aċt do ḋéantar an focal do laḃair mé, a deir an Tiġearna DIA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan