Eseċiel 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil I. Taiseaḋ, 5 na cċerubiniġ, 15 na roiṫleáin, 26 agus ḋeallraḋ Dé; ag foillsuiġaḋ a ḟreasdal do ḃeiṫ ánn, agus ós gaċ einní. 1 Anois ṫáinig a ccríċ annsa tríoċadṁaḋ blíaḋain, annsa ċeaṫraṁaḋ mí, an cúigeaḋ lá don ṁí, mar do ḃí misi a measg na mbráġad láiṁ ré haḃuinn Ċebar, gur hosglaḋ na neaṁa, agus go ḃfaca me fis Dé. 2 Annsa ċúigeaḋ lá don ṁí, (noċ do ḃí annsa ċúigeaḋ blíaḋain do ḋaoirsine an ríġ Iehoiacim,) 3 Ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA go follus go Heseċiel an sagart, mac Busi, a ccríċ na Ccaldéanaċ láiṁ ré haḃuinn Ċebar: agus do ḃí láṁ an TIĠEARNA air annsin. 4 ¶ Agus daṁairc mé, agus, féuċ, ṫáinic gáoṫ ġuairdeáin as an ttuáiscceart, néull mór, agus téine agá ċasaḋ féin, agus do ḃí lonnraḋ na ṫimċioll, agus as a lár amaċ mar ḋaṫ omra, amaċ as lár na teineaḋ. 5 Mar an ccéadna ṫáinic as a lár amaċ cosaṁlaċt ċeiṫre mbeaṫaċ. Agus do bé so a ttaisbeanaḋ; do ḃí cosaṁlaċd duine orra. 6 Agus do ḃádar ceiṫre haiġṫe ag gaċ aon dióḃ, agus do ḃí ceiṫre sciaṫáin ag gaċ aon díoḃ. 7 Agus do buḋ cosa díreaċa a ccosa; agus do buḋ cosṁuil bonn a ccos ré bonnuiḃ ċos gaṁna: agus do ḋriṫleadar cosṁuil ré daṫ práis líoṁṫa. 8 Agus do ḃádar láṁa duine aca fáoi na sciaṫánuiḃ ar a cceiṫre taoḃuiḃ; agus do ḃí ag an cceaṫrar a naiġṫe agus a sciaṫáin. 9 Do ḃádar a sciaṫáin ceangailte gaċ áon dar oile; níor iompoiġeadar an tan do ġluáisiodar; do ċuáiḋ gaċ aon aca go díreaċ ar a naġaiḋ. 10 Ar son ċosaṁlaċd a naiġṫe, do ḃí aca na cceaṫrar aġaiḋ ḋuine, agus aġaiḋ leoṁuin, ar an ttáoḃ ndeas: agus do ḃí gnúis daiṁ aca na cceaṫrar air an ttaóiḃ cclé; do ḃí fós aca na cceaṫrar gnúis iolair. 11 Is marso do ḃádar a naiġṫe; agus do ḃádar a sciaṫáin sínnte súas; ḋá sciaṫán gaċ aóin ceangailte ḋá ċéile, agus ḋá sciaṫán ag folaċ a ccorp. 12 Agus do ċuáiḋ gaċ áon díoḃ go díreaċ ar a naġaiḋ: mar a raiḃ an spiorad ar tí ḋul, do ċúadar; agus níor ḟilleadar a nuáir do imṫiġeadar. 13 Ar son ċosamblaċda na mbeaṫaċ, do ḃí a ttaisbéanaḋ cosṁuil ré sméaróidiġiḃ dearga teineaḋ, agus cosṁuil re taisbeanaḋ lóċrann: do ċuáiḋ sé síos agus súas a measg na mbeaṫaċ; agus do ḃí an teine lasaṁuil, agus do ċuáiḋ tinnteaċ amaċ as an tteine 14 Agus do riṫiodar na beaṫuiġe, agus dfilleadar aṁuil taisbéanta lasraċ tinntiġe. 15 Anois an tan do ḟeiṫ mé air na beaṫuiġiḃ, féuċ áon roiṫléan air an ttalaṁ láiṁ ris na beaṫuiġiḃ, gun a ċeiṫre haiġṫiḃ. 16 Do buḋ cosṁuil taisbeanaḋ roṫaḋ agus a nobair ré daṫ berill: agus do buḋ áonċosaṁlaċt do ḃí aca na cceaṫrar: agus do ḃí a ttaisbéanaḋ agus a nobair Mar roṫa a lár roṫa. 17 An tan do ġluáisdís, do ġluáisdís air a cceiṫre táoḃuiḃ: agus ní ḟilldís a nuáir do imṫiġdís. 18 Ar son a ḃfáinneaḋ, do ḃádar coṁardsin go raḃadar úaṫḃásaċ; agus do ḃádar a ḃfáinneaḋa lán do ṡúiliḃ fá ccuáirt timċioll an ċeaṫrair sin. 19 Agus an tan do ġluáisdís na beaṫuiġe, do ġluáisdís na roiṫleáin leó: agus a nuáir do tógṫáoi súas na beaṫuiġe ón ttalaṁ, do tógṫáoi na roiṫleáin súas. 20 Giḋ bé áit a mbíoḋ an spiorad ar tí ḋul, do ṫéiġdís ann, annsin do ḃí a spioradsan ċum dul; agus do tógṫaoi na roṫaḋa súas go díreaċ ós a ccionn: óir do ḃí spíorad beaṫuiġ annsna roṫuiḃ. 21 A nuáir do ġluáisdís sin, do ġluáisdís so; agus a nuáir do ṡeasaidís sin, do ṡeasaidis so: a núair do tógṫaói sin súas ón ttalaṁ, do tógṫaói na roiṫleáin súas ós a ccoinne: óir do ḃí spiorad beaṫuiġ annsna roiṫléanuiḃ. 22 Agus do ḃí cosaṁlaċt na spéire air ċeannaiḃ an ḃeaṫuiġ aṁuil daṫ an ċriostail úaṫḃásaiġ, sínte amaċ ós a cceann ṡúas. 23 Agus fáoi an spéir do ḃádar a sciaṫáin go díreaċ, gaċ áon leaṫ re ċéile: do ḃí a dó ag gaċ áon, noċ dfoluiġ don taóiḃsi, agus do ḃí a dó ag gaċ áon, noċ do folċaḋ don taoiḃsin, a ccuirp. 24 Agus an tan dimṫiġeadar, do ċúala mé tormán a sciaṫán, aṁuil tormán uísgeaḋ móra, aṁuil gúṫ a Nuileċuṁaċtaiġ, gúṫ cainte, aṁuil tormán sluáiġ: an tan do ṡeasadar, do léigeadar a sciaṫáin síos. 25 Agus do ḃí gúṫ ón spéire do ḃí ós cionn a cceanna, an tan do ṡeasadar, agus do léigeadar síos a sciaṫáin. 26 ¶ Agus do ḃí ós cionn na spéire do ḃí ós cionn a cceanna cosaṁlaċt caṫaóire ríoġa, aṁuil taisbéanaḋ ċloiċe saṗir: agus do ḃí ar ċosaṁlaċt na caṫaoire saṁlaċus aṁuil taisbeanaḋ duine air ṡuás. 27 Agus do ċonnairc mé mar ḋaṫ omra, mar ṫaisbeanaḋ teineaḋ na ṫimċioll fá ccuáirt a stiġ ann, ó ṫaisbéanaḋ a leasruiġ agus ós a ċionn, agus ó ṫaisbeanaḋ a leasruiġ agus fáoi, do ċonnairc mé mar do ḃeiṫ taisbeanaḋ teineaḋ, agus do ḃí loinnir ann timċioll fa ccuáirt. 28 Mar taisbéanaḋ an ḃoġa atá san néull a ló na fearṫanna, marsin do ḃí taisbeanaḋ an déallruiġ timċioll fa ccuáirt. Do bé so taisbéanaḋ ċosaṁlaċta ġlóire an TIĠEARNA. Agus a nuáir do ċonnairc mé, do ṫuit mé ar maġaiḋ, agus do ċúala mé gúṫ aóin do laḃair. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society