Eoin 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IX An duine dall do leiġiseaḋ, 34 Ar na ṫeilgeaḋ leis na Ṗairisineaċaiḃ, 35 do ġaḃ Criosd ċuige é. 1 Agus ag gaḃáil ṫairis, do ċunnairc Iósa duine do ḃí dall ó ruġaḋ é. 2 Agus dfíafruiġeadar a ḋéisciobuil de, ag ráḋ, A Ṁaiġisdir, cía ṗacuiḋ, an fearso féin, nó a aṫair agus ṁaṫair, fár rugaḋ dall é? 3 Do ḟréaguir Iósa, Níor ṗeacuiḋ sé so, ná a aṫair agus a ṁaṫair: aċd do ċum go ḃfoillséoċṫáoioibreaċa Dé ann. 4 Is éigean daṁsa oibreaċa an té ó dtáinig mé do ḋéunaṁ, an feaḋ as lá é: atá a noiḋċe ag teaċd, ann naċ ḃféadann áonduine obuir ḋéunaṁ. 5 An feaḋ atáim ar an sáoġal, as mé solus an tsáoġail. 6 An tan a duḃairt sé so, do ċuir sé seile air an dtalaṁ, agus do rinne sé láib don tseile, agus do ċumail sé an láib do ṡúiliḃ an doill: 7 Agus a duḃairt sé ris, Imṫiġ, ionnail a loċ Ṡíloam, noċ ṁíniġṫear, Ar na ċur. Uime sin do imṫiġ sé, agus táinig a ris agus a raḋarc aige. 8 Ar a naḋḃarsin a duḃradar na coṁarsain, agus na daoine do ċunnairc dall é roiṁe sin, An né naċ é so an té do ḃí na ṡuiḋe ag iaruuiḋ na deirce? 9 A duḃradar cuid ḋioḃ, As é so é: agus cuid eile, Gur cosṁuil ris é: a duḃairt sé féin, As misi féin é. 10 Uime sin a duḃradar rís, Créd é an moḋ air ar hosglaḋ do ṡúile? 11 Do ḟreaguir seision agus a duḃairt sé, An té dár ab ainm Iósa do rinne sé láib, agus do ċumail sé dom ṡúiliḃ í, agus a duḃairt rium, Imṫiġ go loċ Ṡilóam, agus ionnail: agus dimṫiġ misi agus dionniul mé, agus fúarus mo raḋarc. 12 A duḃradarsan ris ann sin, Gá háit a ḃfuil sé? A duḃairt seision, Ní ḃfuil a ḟios agam. 13 Rugadar léo ċum na Ḃṗairisíneaċ, an té so do ḃí dall roiṁe sin. 14 Agus do ḃí an tsábbóid ann an tan do rinne Iósa an láib, agus dosguil a ṡúile. 15 Dfíafruiġeadar na Ṗairisíniġ a rís de cionnus fuáir sé a raḋarc. Agus a duḃairt seisean ríu, Do ċuir se láib ar mo ṡúiliḃ, agus dionnuil mé, agus do ċím. 16 Uime sin a duḃradar cuid do na Ṗairisíneaċuiḃ, Ní ó Ḋía an duinesi, óir ní ċongḃann sé an tsabbóid. A duḃradar cuid eile, Cionnus as éidir lé duine peacṫaċ a léiṫéid so do ċoṁarṫaḋuiḃ a ḋéunaṁ? Agus do ḃi siosma eatorra. 17 A deirid síadsan a rís ris a dall Creud í do ḃaraṁuil don té úd, ar son gur osguil sé do ṡúile? Agus a duḃairt seisean, Is fáiḋ é. 18 Uime sin níor ċreideadar na Iúdaiḋe úaḋ, go raíḃ sé dall, agus go ḃfuáir sé a raḋarc, nó gur ġoireadar aṫair agus maṫair an té fuáir a raḋarc. 19 Agus dfíafruiġeadar ḋíoḃ, ag ráḋ, An né so ḃur macsa, noċ a deirṫí rugaḋ dall? ar a naḋḃarsin cionnas do ċí sé a nóis? 20 Do ḟreaguir a aṫair agus a ṁaṫair íád agus a duḃradar, Atá ḋeiṁin aguinn gur ab é so ar mac, agus go rugaḋ dall é: 21 Aċd cionnas do ċí sé, a nois ní fios dúinn; nó cía dosguil a ṡúile, ní ḃfuil a ḟios aguinne: Atá áois aige; fiafruiġiḋ ḋe fein: freigeoruiḋ sé ar a ṡon féin. 22 A duḃairt a aṫair agus a ṁaṫair na bríaṫrasa, ar eagla na Niudaiḋeaḋ: óir do órduiġeadar na Iúdaiḋe roiṁe sin, giḋ bé daidṁéoċaḋ gur ḃeisean Críosd, a ċur as an tsinagoig. 23 Ar a naḋḃarsin a duḃradar a aṫair agus a ṁaṫair, Atá aois aige; fiafruiġiḋ ḋe féin. 24 Ann sin do ġoireadarsan an dara húair an duine do ḃí dall, agus a duḃradar ris, Taḃair glóir do Ḋía: atá a ḋeiṁin aguinne gur ab peacṫaċ an duinesi. 25 Do ḟreagair seision agus a duḃairt sé, Más peacṫaċ é, ní ḃfuil a ḟios agamsa: atá fios a náoin neiṫesi agam, go raiḃ mé dall, agus go ḃfaicim a nois. 26 Agus a duḃradarsan ris arís, Créd do rinne sé riot? cionnas dosguil sé do ṡúile. 27 Do ḟreaguir seisean iád, Dinnis mé ḋíḃ ċeana, agus níor éisdeaḃuir: créud fa niáṫáoi a ċloisdin a rís? an mían liḃsi leis ḃeiṫ ḃur ndeisciobluiḃ aige? 28 Uime sin tugadar aiṫis dó, agus a duḃradar, Bísi ad ḋeisciobal aige; aċd is do Ṁáoisi is deisciobail sinne. 29 Atá a ḟios aguinne gur laḃuir Día ré Máoisi; aċd ní ḃfuil a ḟios aguinn, gá has don ḟearsa. 30 Do ḟreagair seisean, agus a duḃairt sé riú, Ata ní iongantaċ ann so, naċ ḃfuil a ḟios aguiḃsi gá has dó, agus gur osguil sé mó ṡúilesi. 31 Aċd atá a ḟios aguinn naċ éisdeann Día na peacṫuiḋ: aċd má ḃeir duine onoír do Ḋía, agus má ní sé a ṫoil, éisdiḋ sé an fearso. 32 Ní clos ó ṫósaċ an tsáoġail gur osguil éainneaċ súile duine do ruġaḋ dall. 33 Muna mbíaḋ an fearso ó Ḋía, níor ḃéidir leis ní ar biṫ a ḋéunaṁ. 34 Do ḟreagradarsan agus a duḃradar ris, A bpeacaiḋiḃ rugaḋ ṫusa uile, agus an dteaguisgeann tu sinne? Agus do ṫeilgeadar amaċ é. 35 Do ċuáluiḋ Iósa gur ṫeilgeadar amaċ é; agus mar ṫárla sé air, a duḃairt sé ris, An gcreideann tusa a Mac Dé? 36 Do ḟreaguir seision agus a duḃairt sé, Agus cíá hé féin, a Ṫiġearna, ionnus go gcreidfinn ann? 37 A duḃairt Iósa ris, Do ċunnairc tú é, agus an é an té laḃrus riot é. 38 Agus a duḃairt seision, Creidim, a Ṫiġearna. Agus donóruiḋ sé é. 39 Agus a duḃairt Iósa, ċum breiṫeaṁnuis ṫaínig misi ar a tsáoġalsa, ionnus go ḃfaicfidís na dáoine naċ ḃfaiceann: agus go ndallfuiḋe na dáoine do ċí. 40 Agus do ċúaladar cuid áiriġe do na Ṗairisíneaċuiḃ do ḃí na ḟoċair na neiṫesi, agus a duḃradar ris, An ḃfuilmídne dall leis? 41 A duḃairt Iósa riú, dá mbeiṫ siḃ dall, ní ḃíaḋ peacaḋ oruiḃ: aċd a nois a deirṫí, Do ċímíd; ar a naḋḃarsin fanuiḋ ḃur bpeacaḋ oruiḃ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society