Eoin 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VII Coṁairle ḃarr-ġlóraċ luċd ciniḋ Ċriosd. 14 baraṁail an tsloiġ um a ṫeagasc. 1 Agus tar a éisi so do ṡiuḃail Iósa ann sa Ġalilé: oír míor ḃail leis siuḃal a ttír Iúdaiġe, tré gur smuaineadar na Iúdaiḋe a ṁarḃaḋ. 2 Agus dó ḃí féusda ná Niúdaiḋeaḋ eaḋon tabernacuil, a ḃfogus. 3 Ar a naḋḃarsin a duḃradar a ḃráiṫreaċasan ris, Fág so agus imṫiġ go tír Iúdaiġe, do ċum go ḃfaicfidis do ḋeisciobail fós na hoibreaċa do ní tú. 4 Oír ní ḋéunann neaċ ar biṫ éin ní a ḃfolaċ, agus iárrus é féin do ḃeiṫ oirḋeirc. Má ní tú iád so, foillsiġ ṫú féin don tsáoġal. 5 Oír níor ċreideadar a ḃráiṫreaċa féin fós ann. 6 Uime sin a duḃairt Iósa riú, Ní ṫaínig maimsirse fós: aċd atá ḃur naimsirse do ġnáṫ ullaṁ. 7 Ní héidir leis a tsáoġal siḃsi dfúaṫuġaḋ; aċd atá fúaṫ aige ḋaṁsa, do ḃríġ go ndéunuim fíaḋnuisi air, gur ab olc a oibreaċa. 8 Imṫiġiḋsi súas ċum na sollamnaso: ní raċa misi súas fós ċum na sollamnaso: oír niór coiṁliónaḋ maimsir fós. 9 An tan a duḃairt sé na neiṫeso riú, dfan sé ann sa Ġalilé. 10 Aċd tar éis a ḃráiṫreaċ imṫeaċd suás, do ċúaiḋ seisean mar an gcéadna suás ċum na sollamna, ní ós áird, aċd mar ḋe ós iseal. 11 Ar a naḋḃarsin diárradar na Iúdaiḋe é sa tsollamain, agus a duḃradar, Gá hait a ḃfuil an fear úd? 12 Agus do ḃí monaḃar mór a measg an ṗobuil na ṫimċeallsan: oír a duḃairt cuid díoḃ, As duine maiṫ é: aċd a duḃairt cuid eile, Ní heaḋ; aċd mealluiḋ sé an pobal. 13 Giḋeaḋ ní ṫáinig áonduine ṫairis ós aírd ar eagla na Niúdaiḋeaḋ. 14 Aċd tár éis leaṫa na sollamna do ċríoċnuġaḋ do ċúaiḋ Iósa súas don teampoll, agus do ṫeaguisg sé. 15 Agus do ḃí iongnaḋ air na Iúdaiḋiḃ, ag ráḋ, Cionnas as aiṫniḋ don ḟearsa léiġionn, agus nar ḟoġluim sé? 16 Do ḟreagair Iósa iád, agus a duḃairt sé, Ní leam féin mó ṫeagasg, aċd leis an té do ċuir úaḋ mé. 17 Giḋ bé neaċ lé nab áill ṫoilsean do ḋéunaṁ, aiṫéonaiḋ sé a dtimċeall an teaguisg, más ó Ḋía atá sé, nó an uáim féin laḃruimsi. 18 Giḋ bé laḃrus uáḋ féin, a sí a ġlóir an té ċuireas uáḋ é, atá sé fírinneaċ, agus ní ḃfuil éagcóir ann. 19 An ne náċ dtug Máoisi dliġeaḋ ḋíḃsi, agus ní ċoiṁlíonann áoinneaċ aguiḃ an dliġeaḋ? Créd fá a niárrṫáoi misi ṁarḃaḋ? 20 Do ḟreaguir an pobal agus a duḃradar, Atá an díaḃal ionnad: cía atá ag iárruiḋ do ṁarḃṫa? 21 Do ḟreaguir Iósa agus a duḃairt sé riú, Do rinne mé éun obair a ṁaín, agus atá iongnaḋ oruiḃsi uile. 22 Ar a naḋḃarso tug Máoisi an timċeallġearraḋ ḋíḃsi; (ní ar son gur ab ó Ṁáoisi atá sé, aċd ó na haiṫriḃ;) agus do níṫí duine do ṫimċeallġearraḋ ann sa tsábboid. 23 Má ġlacunn duine timċeallġearraḋ annsa tsábboid, do ċum naċ brisfiḋe dliġeaḋ Ṁáoisi; an ḃfuil fearg oruiḃ riumsa, ar son duine uile do ṡlánuġaḋ ann sa tsábboid? 24 Ná beiríḋ breaṫ do réir na faicsiona, aċd beiriḋ an ḃreaṫ ċeart. 25 Uime sin a duḃradar dream aíríġe ó Ierusalém, A né naċ é so an te, iárruid siad ċum a ṁarḃṫa? 26 Agus, féuċ, láḃruiḋ sé ós aírd, agus ní abruid éin ní ris. An ḃfuil a ḋeirḃfios ag na buáċdaránuiḃ gur ab é so Críosd? 27 Aċd atá a ḟios aguinne gá has dó so: giḋeaḋ an tan ṫiocfas Críoṡ, ní ḃía a ḟios ag áonduine gá has dó. 28 Uime sin do éiġ Iósa ann sa teampoll ag teagasg, agus ag ráḋ, Atá a ḟios aguiḃ cia misi, agus atá a ḟios aguiḃ gá has daṁ: agus ní úaim féin táinig mé, aċd as firinneaċ an té do ċuir uáḋ mé, ar naċ ḃfuil éolus aguiḃsi. 29 Aċd atá éolus agamsa air: oir as úaḋ ataim, agus as é do ċuir úaḋ mé. 30 Ar a naḋḃarsin do ṡanntuiġeadar breiṫ air: giḋeaḋ níor ċuir éunduine láṁ ann, do ḃríġ naċ dtaínig a uáir fós. 31 Agus do ċreideadar mórán don ṗobal ann, agus a duḃradar, An tan ṫiocfas Críosd, an ndéana sé ní sa ṁó do ṁíorḃuiliḃ ná do rinne an fear so? 32 Do ċúaladar na Ṗairisíniġ an pobal ag monḃar na neiṫeaḋso na ṫimsċeallsan; agus do ċuireadar na Ṗairisíniġ gus uáċdarain na sagart máoir ḋá ġlacaḋ. 33 Uime sin a duḃairt Iósa riú, Bíaiḋ mé fós sealad beag ḃur ḃfoċair, agus na ḋiáiġ sin imṫéoċa mé ċum an té do ċuir uáḋ mé. 34 Iárrfuiḋe mé, agus ní ḃfuiġṫí: agus a náit a mbía mé, ní ḟéadfuiḋesi teaċd ann. 35 A duḃradar na Iúduiḋe eatarra féin, Gá háit a raċa an fear so, naċ ḃfuiġeamne é? an raċa sé ċum na muinntire atá sgarṫa a measgna Ngreagaċ, agus an dteagasfuiḋ sé na greaguiġ? 36 Créud as cíall don ċoṁráḋso a duḃairt sé, Iárrfuiḋe mé, agus ní ḃfuiġṫi: agus an ait a mbía me, ní ḟéadfuiḋesi teaċdann? 37 Agus ann sa lá ṁór ḋeiġeanaċ, don tsollamuin, do ṡeas Iósa agus do éiġ sé, ag ráḋ, Má tá tart ar áonduine, tiġeaḋ sé ċugamsa, agus iḃeaḋ sé. 38 Giḋ bé ċreideas ionnamsa, mar a duḃairt an sgrioptúir, lingfid sroṫa duisge ḃéo as a ḃroinn. 39 (Do laḃair sé so a dtimċeall na Spioraide, do ġlacfaidís na dáoine do ċreidfeaḋ ann san: oír ní raiḃ an Spiorad Náoṁ ar na ṫaḃairt fós; ar son naċ raiḃ Iósa fós ar na ġlóruġaḋ.) 40 Uime sin, an tan do ċúaladar mórán don ṗobal an coṁráḋso, a duḃradar, Go fírinneaċ as é so an Fáiḋ. 41 A duḃradar cuid eile, As é so Criósd. Aċd a duḃairt dream eile, An ón Ġalilé ṫiocfas Criósd? 42 An né naċ duḃairt an sgriobtúir Go dtiocfaḋ Críosd do ṡíol Ḋáiḃi, agus as Betelém an baile an a raiḃ Dáiḃi? 43 Déiriġ connspóid a measg an ṗobail ar a ṡonsan. 44 Agus do ḃreaṫnuiġeadar cuid díoḃ a ġlacaḋ; aċd níor ċuir éunduine láṁa ann. 45 Uime sin tangadar na máoir ċum na nárdsagart agus na Ḃṗairisíneaċ; agus dfiafruiġeadarsan díóḃ, Créud fá naċ tugaḃair liḃ é? 46 Do ḟreagradar na hoifigiḋ, Níor laḃair duine riaṁ mar an duinesi. 47 Ar a naḋḃarsin do ḟreagradar na Ṗairísíniġ iádsan, An ḃfuiltísi mar an gcéudná ar ḃur meallaḋ? 48 Nar ċreid áoinneaċ do na húaċdaranaiḃ ann nó do na Ṗairisíneaċaiḃ? 49 Aċd atá an pubalso ag naċ ḃfuil éolas an dliġiḋ mallaiġṫe. 50 A duḃairt Nicodémus riú, (an té ṫáinig ċuige ann sa noiḋċe, agus do ḃí na áon dióḃsan,) 51 An ndáorann ar ndliġeaḋne duine ar biṫ, ní as táosga ná ċluinfeas sé úaḋ agus aiṫeónaiḋ sé cred do rinne sé? 52 Do ḟreagradar agus a duḃradar ris, An ón Ġalilé ṫusa leis? Lorgair, agus féuċ: oír níor éiriġ fáiḋ ón Ġalilé riáṁ. 53 Agus do imṫiġ gaċ áon dá ṫiġ féin. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society