Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eoin 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil V Tainic coḃair an duine easlain ḟoiġidiġ faḋeire ó Ċríosd; 17 dá ttug a aṫair, 32 Eóin, 36 a oibreaċa féin, 39 agus an Scrioptur, fiaġnuise.

1 Na ḋíaiġ so do ḃí lá féusda na Níuduíġeaḋ; agus do ċúaiḋ Iósa súas go Híarusalém.

2 Agus atá a Níarusalém láiṁ ré margaḋ na ccáoráċ loċ, dá ngoirṫear an Eaḃrais, Betesda, agá ḃfuilid cúig calaiḋ.

3 Do ḃádar mórán do ḋáoiniḃ eugcrúaiḋe na luiġe ionnta so, do ḋalluiḃ, do ḃacaċuiḃ, agus do luċ seirgliḋe, do ḃí ag fuireaċ re corruġaḋ an uísge.

4 Oír do ṫuirlinġeaḋ aingeal a naimsir áiriġe ar an loċ, agus do ḃuáiḋreaḋ sé an tuisge: ar a naḋḃarsin giḋ bé cédneaċ do ṫéiġeaḋ síos ann tar eis ḃuáiḋearṫa an uisge do níṫi slán é ó gaċ tinneas dá mbíoḋ air.

5 Agus do ḃí duine áiriġe ann sin, do ḃí oċd mbláḋna déug air ḟiċid a neasláinte.

6 An tan do ċunnairc Iósa é so na luiġe, agus do aiṫin sé go raiḃ sé tinn ré haimsir ḟáda, a duḃairt sé ris, An mían leaċd do ḋéunaṁ slán?

7 Do ḟreagair on teaslán é, A Ṫiġearna, ní ḃfuil éinneaċ agam, do ċuirfeaḋ ann sa loċ mé, an tan ḃíos an tuisge ar na ḃuáiḋreaḋ: aċd an gcéin ḃimsi ag teaċd, téid neaċ eile síos roṁam.

8 A duḃairt Iósa ris, Eiriġ, tóg do leabuiḋ, agus sioḃail.

9 Agus do rinneaḋ an duine sin slán do laṫair, agus do ṫóg sé a leabuiḋ, agus do ṡioḃail sé: agus do ḃí an tsáḃoíd ann an lá sin.

10 Ar a naḋḃarsin a duḃradar na Iúduiḋe ris an té do slánuġaḋ, As é an tsabbóid é: ní dliġṫeaċ ḋuit do leabuiḋ iomċar.

11 Do ḟreafair seision dóiḃ, An té do rinne slán mé, as é a duḃairt rium, Tóg do leaḃaíḋ, agus sioḃail?

12 Ar a naḋḃarsin dfíafruiġeadar ḋé, Cía hé an duine a duḃairt riot, Tóg do leaḃaíḋ, agus sioḃail?

13 Aċd ní raiḃ a ḟios ag an té do ṡlánuġaḋ cía hé: óir do ċuáiḋ Iósa a leaṫtáoiḃ, air mbeiṫ do ṁórán ann sa náitsin.

14 Fuáir Iósa é na ḋíaġ sin ann sa teampoll, agus a duḃairt sé ris, Féuċ, do rinneaḋ slan ṫú: na peacuiġ ní sa ṁó, deagla go dteigéuṁaḋ ní buḋ measa ḋuit.

15 Do imṫiġ seisean, agus do ḟoillsiġ sé do na Iúdaíḋiḃ gur bé Iósa, an té do rínne slán é.

16 Agus ar a ṡon so do ġérleanadar na Iúdaiḋe Iósa, agus do smúaineadar a ṁarḃaḋ, tré go ndearna sé na neiṫese sa tsábboíd.

17 Agus do ḟreagair Iósa ḋóiḃ, Oibriġiḋ Maṫairsi gus anois, agus oibriġimsi.

18 Ar a naḋḃarso as móide do smuáineadar na Iúdaiḋe eisean do ṁarḃaḋ, tré naċ é aṁáin gur ḃris sé an tsabboíd, aċd go nduḃairt sé fós gur bé Día a Aṫair féín, dá ḋéanaṁ féin coiṁ ionann ré Día.

19 Ar a naḋḃarsin do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé riú, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Naċ éidir leis an Mac éinní a ḋéunaṁ uáḋ féin, aċd an ní ċí sé ag a Naṫair dá ḋéunaṁ: oír giḋ bé neiṫe do ní seision, do ní fós an Mac iád mar an gcéadna.

20 Oír gráḋuiġiḋ an Taṫair an Mac, agus foillsiġiḋ sé na huile neiṫe do ní sé féin dó: agus taisbeúnfuiḋ sé oibreaċa mó ná iád so ḋó, do ċum go mbeiṫ iongantus oruiḃsi.

21 Oír aṁuil mar ḋúisgeas, agus mar ḃeóḋaiġeas an Taṫair na mairḃ; as mar an gcéudna ḃeóḋaiġeas an Mac an dream as áill leis.

22 Oír ní ḃeireann an Taṫair breaṫ ar ḋuine ar biṫ, aċd tug sé gaċ uile ḃreiṫeaṁnus don Ṁac:

23 Do ċum go nonórfaḋ gaċ uile ḋuine an Mac, mar onóraid siad an Taṫair. An té naċ onóruiġeann an Mac ní onóruiġeann sé an Taṫair do ċuir uáḋ é.

24 Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, An té éisdeas rém ḃréiṫirse, agus ċreideas don té do ċuir uáḋ mé, atá an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ aige, agus ní ṫiocfa sé ċum damnuiġṫel aċd daṫarruiġ sé ó ḃás go beaṫaiḋ.

25 Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Tiocfaid a naimsire, agus atá si a nois ann, an tráṫ ċluinfid na mairḃ guṫ Ṁic Dé: agus an dream ċluinfeas mairfid siad.

26 Oír mar atá beaṫa ag an Aṫair ann féin; is mar sin tug sé don Ṁac fos beaṫa do ḃeiṫ aige ann féin;

27 Agus fós tug se uġdarras do ḃreiṫeaṁnus do ḋéunaṁ, an méid gur ab é Mac an duine.

28 Ná bíoḋ iongnaḋ aguiḃ ann so: oír tiocfaiḋ an uáir, ann gcluinfid an ṁéid atá ann sna túamuiḋiḃ a ġuṫsan,

29 Agus raċaid amaċ; an dream do rinne deiġġnióṁarṫa, go heiséirġe na beaṫa; agus an dream do rinne droċġnioṁarṫa, go heiséirġe na damanta.

30 Ni héidir leamsa ní ar biṫ do ḋeanaṁ uáim féin: dó réir mar ċluinim, beirim breaṫ: agus atá mó ḃreiṫeaṁnus ceart; oír ní iárruim mo ṫoil féin, aċd toil a Naṫar do ċuir uáḋ mé.

31 Ma nímsi fíaḋnuisi ḋaṁ féin, ní ḃfuil mfíaḋnuisi fírinneaċ.

32 Atá neaċ eile do ní fíaḋnuisi ḋaṁsa; agus atá a ḟios agam gur fírinneaċ an ḟiaḋnuisi do ní sé am ṫimċeall.

33 Do ċuireaḃuirsi teaċdaireaḋa ċum Eóin, agus tug sé fíaḋnuisí don ḟírinne.

34 Aċd ní ó ḋuine do ġeiḃimsi fíaḋnuisi: aċd a deirim na neiṫer so do ċum go slaíneoċṫáoi siḃsi.

35 Do ḃí seisean na loċrann lasárrḋa agus ṡolasda: agus do ṫrograḃairsi ar feaḋ tamaill gáirdeaċus do ḋéunaṁ ann a ṡolus.

36 Aċd atá fíaḋnuisi agamsa as mó ná Eóin: oír na hoibreaċa ṫug an Taṫair ḋaṁsa ionnus go gcríoċnóċuinn iád, na hoibreaċa sin do nímse, beirid síad fíaḋnuisi leam, gur ab é an Taṫair do ċuir úaḋ mé.

37 Agus an Taṫair féin, do ċuir úaḋ mé, rug sé fíaḋnuisi leam. Agus ní ċúalaḃairse a ġúṫa ríaṁ, agus ní ḟacaḃair a ġné.

38 Agus ní ḃfuil a ḃríaṫarsan na ċoṁnuiġe íonnuiḃ: oír ní ċreidṫi, don té do ċuir seision úaḋ.

39 Cúartuiġiḋ na sgriobtuiriḋe; oír do ciṫear ḋáoiḃ fein gur ab ionnta ġeiḃṫí an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ: agus as iad sin ḃeireas fiaḋnuisi leamsa.

40 Agus ní háill liḃ teaċ ċugam, do ċum go ḃfuiġeaḋ siḃ an ḃeaṫa.

41 Ní ġaḃaimse glóir ó ḋáoiniḃ.

42 Aċd atá éolus agam oruiḃse, naċ ḃfuil gráḋ Dé ionnuiḃ.

43 Ṫaínig misi a nainm Maṫar, agus ní ġlacṫáoise mé: má ṫig neaċ eile ann ainm féin, géuḃṫáoi ċugaiḃ é.

44 Cionnas as eídir liḃsi creideaṁ, an tan ġaḃṫáoi glóir ó a ċéile, agus naċ iárrṫáoi an glóir ṫig ó Ḋía na áonar?

45 Ná measuiġ go ndéana misi casáoid oruiḃ ag an Aṫair: atá neaċ do ní casáoid oruiḃ, eaḋon Máosi, ann a gcuirṫáoisi ḃur ndóċus.

46 Oir dá gcreideaḋ siḃ do Ṁáoisi, do ċreidfeaḋ siḃ ḋaṁsa: óir do sgríoḃ seision oramsa.

47 Aċd muna ccreidtí ḋá sgriḃeannuiḃ súd, cionnus ċreidfiḋe dom ḃriaṫruiḃsi?

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan