Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eoin 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil III Feiḋm na haiṫ-ġineaṁna, 14 agus ḃáis Ċriosd, 16 le bríḋ an tsoisgeil gu haṫċumair.

1 Aċd do ḃí duine áiriġe do na Ṗairisíneaċuiḃ, dar ḃainm Nicodémus, dúaċdaránuiḃ na Niúdaiġeaḋ:

2 Taínig sé so ċum Iósa ann sa noiḋċe, agus a duḃairt sé ris, A Ṁaiġisdir, atá a ḟios aguinn gur ab ó Ḋía ṫáinig tusa ad ḟear teagaisg: oír ní heidir lé héinneaċ na coṁarṫuiḋe so do ní tusa do ḋéunaṁ, muna mbeiṫ Día maílle rís.

3 Do ḟreaguir Iósa agus a duḃairt sé ris, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riot, Muna ġeintear duine a rís, naċ éidir leis rioġaċd Dé dfaicsin.

4 A duḃairt Nicodémus ris, Cionnas as eídir lé duine atá arsaiḋ a ġeineaṁuin? An éidi leis dul a sdeaċ a mbroinn a ṁaṫar an dara húair, agus a aiṫḃreiṫ?

5 Do ḟreagair Iósa, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riot, Muna raiḃ neaċ ar na ġeineaṁuin ó uisge agus on Spioruid, ní heidir leis dul a sdeaċ a rioġaċd Dé.

6 An ní atá ar na ġeineaṁuin on ḃfeoil as feoil é; agus an ni ata ar na ġeineaṁuin on Spiorid is spiorad é.

7 Ná bióḋ ionġaḋ agad go nduḃairt misi riot, Gur ab éigean dáoiḃ ḃur ngeineaṁuin a rís.

8 Séidiġ an ġáoṫ mar as áill lé, agus do ċluin tú a torann, aċd ní ḃfuil a ḟios agad créud as a dtig sé, nó caít dtéid sé: is mar sin atá gaċ neaċ atá ar na ġeineaṁuin ón Spioruid.

9 Do ḟreaguir Nicodémus, agus a duḃairt sé ris, Cionnas as eidir na neiṫese do ḃeiṫ?

10 Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé ris, An ḃfuil tusa ad ṁáiġisdir a Nisraél, agus gan a ḃfios so agad?

11 Go deiṁin, deiṁin, a deirim riot, Go laḃramáoid an ní as fios dúinn, agus go mbeirmíd fíaḋnuisi ar an ní do ċuancamar; aċd ní ġaḃṫáoisi ar ḃfíaḋnuisi.

12 Má duḃairt mé neiṫer talṁuiḋe riḃ, agus naċ ccreidṫí, cionnas ċreidfiḋe, dá nabra mé neiṫer neaṁḋa riḃ?

13 Oír ní ḋeaċuiḋ éainneaċ suás ar neaṁ, aċd an té do ṫuirrling ó neaṁ, Mac an duine atá ar neaṁ.

14 Agus mar do árduiġ Máoisi a naṫair neiṁe ar an ḃfásaċ, as mar sin as éigean Mac an duine dárduġaḋ:

15 Ionnus giḋ bé ċreidfeaḋ ann naċ raċaḋ sé a muġa, aċd go mbeiṫ an ḃeṫa ṡiórruiḋe aige.

16 Oír is mar so do ġráḋuiġ Día an doṁan, go dtug sé a éiġein Meic fein, ionnus giḋ bé ċreideas ann, naċd raċaḋ sé a muġa, aċd go mbeiṫ an ḃeaṫa ṡiorruiḋe aige.

17 Oír níor ċuir Día a Ṁac féin air a tsáoġal do ċum go ndaimnéoċaḋ sé an sáoġal; aċd do ċum go sláinéoċaiḋ an sáoġal ṫird.

18 An té ċreideas ann ni damantar é: aċd an té naċ ccreideann ata sé ar ḋaṁnuġaḋ ċeana, tré nar ċréideann atá sé ar ḋaṁnuġaḋ ċeana, tré nar ċréid sé a nainm áoinġeine Ṁic Dé.

19 Agus as é so an daṁnuġaḋ, do ḃriġ go dtáinig an solus air a tsáoġal, agus gur mó ġráḋuiġeadar na dáoine an dorċadas ná an solus, ar son go ḃfuilid a noibreaċa go holc.

20 Oír giḋ bé do ní olc, fúaṫaiġiḋ sé an solus, agus ní ṫig sé ċum an tsolais, deagla go ndiomolfuiḋe a oibreaċa.

21 Aċd giḋ bé do ní an ḟirínne ṫig sé ċum an tsoluis, ionnus go mbeidís a oibreaċa follus, tré gur ab a Ndía atáid siád ar na ndéunaṁ.

22 Táinig Iósa agus a ḋeisciobail na ḋiaiġ sin go tír Iúdaiġe; agus do ċoṁnuiġ sé ann sin maille riú, agus do ḃaisd sé.

23 Agus fós do ḃaisd Eóin mar an gcéadna ag Aénon láiṁ ré Sálim, óir do ḃi iomad uisge ann sin: agus tangadar, agus do baisdeaḋ iád.

24 Oír níor teilgeaḋ Eóin a bpríosun fós.

25 Uime sin do éiriġ ceisd eidir cuid do ḋeisciobluiḃ Eóin agus na Iúdaiḋe a dtimċeall an ġlanta.

26 Agus tangadar ċum Eoin, agus a duḃradar ris, A ṁaiġisdir, an té do ḃí ad ḟoċair ar an dtáoiḃ ṫall do Iordán, dá ndearna tú fíaḋnuisi, féuċ, baisdiġ sé, agus tigid na huile ḋaoine ċuige.

27 Do ḟreagair Eóin agus a duḃairt sé, Ní héidir lé duine éinní ġlacaḋ, muna raiḃ sé ar na ṫaḃairt dó ó neaṁ.

28 A taṫáoisi féin ḃur ḃfíaḋnuisi agamsa, go nduḃairt mé, Ní misi Criosd, aċd gur cuireaḋ roiṁe.

29 An té aga ḃfuil an ḃean núaṗósda as é an fear núaṗosda é: aċd cara an ḟir núaṗósda, noċ ṡeasas agus éisdeas ris, gaḃuiḋ gairdeaċus mór é tré ġuṫ an ḟir núaṗósda: ar a naḋḃarsin atá mó ġáirdeaċusa ar na ċoiṁliónaḋ.

30 As éigean dosan breisaḋ, agus daṁsa laġduġaḋ.

31 An té ṫig a nuás atá sé ós cionn ċáiċ uile: an té atá ón talaṁ atá sé talṁuiḋe, agus laḃraiḋ sé neiṫer talṁuiġe: an té ṫig ó neaṁ, atá sé ós cionn ċáiċ uile

32 Agus an ní do ċunnairc agus do ċúalaiḋ sé, do ní sé so dfiaḋnuise; aċd ní ġlacan áonduine a ḟíadnuisi.

33 An té ġlacus a ḟíaḋnuisisean do ċoṁarṫuiġ sé go ḃfuil Día fírinneaċ.

34 Oír an té do ċuir Día uáḋ laḃraiḋ sé bríaṫra Dé: oír ní do réir ṁiosuir ḃeir Día an Spiorad dó.

35 Atá gráḋ ag an Aṫair do Ṁac, agus tug sé na huile neiṫe iona láiṁ.

36 An té ċreideas ann sa Ṁac atá an ḃeaṫa ṁarṫanaċ aige: aċd an té ḃiós easuṁal don Ṁac, ní ḟaicfe sé an ḃeaṫa; aċd coṁnuiġiḋ fearg Dé air.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan