Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eoin 21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXI Aiṫne ḋúṫraċtaċ Iósa do Ṗeadair, 15 iom a ṫréud a ḃeaṫuġaḋ, 23 agus ceisdeann neaṁ ṫarḃaċ, uallaċ, do ṡeaċnaḋ.

1 Na diáiġ so do ṫais bé Iósa é féin a rís dá ḋeisciobluiḃ ag fairrge Ṫibérias. Agus as mar so do ṫaisbéin sé é féin.

2 Do ḃí Síomón Peadar, agus Tomás da ngoirṫear Didimus, agus Natanáel ó Ċána ná Galilé, agus clan Ṡebedéi, agus días eile ḋá ḋeisciobluiḃ a ḃfoċair a ċéile.

3 A duḃairt Síomón Peadar ríu, Atáim ag dul diasgaireaċd, A duḃradarsan rís, Raċmáoidne leaċ mar an gcéudna. Do imṫiġeadar rompá, agus do ċúadar ar a mball a luing; agus níor ġaḃadar ní ar biṫ a noiḋċe sin.

4 Agus a núair ṫáinig an ṁaidin, do ṡeas Iósa ar an dtráiġ: giḋeaḋ níor aiṫniġeadar na deisciobail gurab é Iósa do ḃi ann.

5 Ar a naḋḃarsin a duḃairt Iósa ríu, A ċlann, an ḃfuil blaḋ ar biṫ aguiḃ? Do ḟreagradarsan é, Ní ḃfuil.

6 Agus a duḃairt seision riu, Teilgiḋ ḃur lion ar an dtáoḃ ndeas don luing, agus do ġéuḃṫáoi. Uime sin do ṫeilgeadar amaċ a lion, agus níor ḃéidir léo ar ġléus ar biṫ a ṫarruing a steaċ lé híomad éisg.

7 Ar a naḋḃarsin an deisciobal do bionṁuin lé Híosa a duḃairt sé ré Peadar, A séan Ṫiġearna atá ann. Uime sin an tan do ċúalaíḋ Síomón Peadar gurab é an Tiġearna do ḃí ann, do ċuir sé éudaċ uime, (óir do ḃí se noċduiġṫe,) agus do ṫeilg sé é féín sa ḃfairge.

8 Agus tangadar an ċuid eile do na deisciobluiḃ a luing ḃig, (óir níor ḃfada óṫir do ḃadar, aċd a dtimċeall ḋá ċéud bánnlaṁ,) ag tarruing an lín eisg.

9 Agus mar ṫangadar a dtír, do ċunncadar gríosaċ, agus íasg ar na ċuir uirrṫe, agus arán.

10 A duḃairt Iósa riu, Taḃraiḋ liḃ cuid don íasg do gaḃaḃair a nois.

11 Do ċuáiḋ Síomón Peadar súas, agus do ṫarruing sé an lion a dtír lán díasguiḃ mora, céud trí héisg ḋéug agus dá ḟiċiot: agus gé do ḃí a noirid sin ann, níor briseaḋ an lion.

12 A duḃairt Iósa ríu, Taguiḋ iṫiḋ ḃur ndínéur. Agus níor laṁ áon do na deisciobluiḃ a ḟíafruiġe ḋe, Cía ṫusa? do ḃríġ gur aiṫniġeadar gurab é an Tiġearna é.

13 Uime sin ṫáinig Iósa, agus do ġlac sé arán, agus tug sé ḋóiḃsean é, agus íasg mar an gcéudna.

14 A sé so a nois an treas uáir do ṫaisbén Iósa é féin dá ḋeisciobluiḃ, tart éis a éiséirġe ó ṁarḃuiḃ.

15 Ann sin ar niṫe a ndinéir ḋóiḃ, a duḃairt Iósa ré Síomon Peadar, A Ṡíomoin, ṁic Ióna, a nans leaċd misi ná léo so? A duḃairt seision ris, A seaḋ, a Ṫiġearna; atáa ḟios agadsa gur ab ionnṁuin liom ṫu. A duḃairt seision ris, Beaṫuiḋ muáin.

16 A duḃairt Iósa ris a rís an dara huáir, A Ṡíomóin, ṁic Ióna, a nionṁuin leaċd misi? A duḃairt seision ris, A seaḋ, a Ṫiġearna, atá a ḟios agadsa gur abionṁuin liom ṫú. A duḃairt Iósa ris, Beaṫuiḋ mo ċáoiriġ.

17 A duḃairt sé ris an treas uáir, A Ṡíomóin, ṁic Ióna, a nionṁuin leaċd misí? Do ġaḃ doilġeas Peadar do ḃríġ go nduḃairt sé ris, A Ṫiġearna, atáfios na nuile neiṫer agadsa; atá a ḟios agad gur ab ionṁuin leam ṫú. A duḃairt Iósa ris, Beaṫuiḋ mo ċáoiriġ.

18 Go deiṁin, deiṁin, a deirim riot, An tan do ḃí tú ní as óige, do ċurṫá féin do ċrios ṫort, agus do ċiúḃaltá mar a dtogarṫá féin: aċd an tan ḃías tú arrsuiḋ, sínfe tú do láṁa amaċ, agus cuirfe duine eile do ċrios ṫort, agus tréoróċaiḋ sé ṫú, a náit naċ áill leaċd.

19 Agus a duḃairt sé so, Ḋá ḟoillsiúġaḋ créd í an ġné ḃáis réa dtioḃraḋ se glóir do Ḋía. Agus ar na ráḋ so ḋó, a duḃairt sé ris, Lean misi.

20 Agus ar ḃfilleaḋ do Ṗeadar air ais, do ċunnairc sé an deisciobal do bionṁuin lé Híosa ḋá leanṁuin; an té do luiġ a nuċd Iósa ar a ṡuipér, agus a duḃairt, A Ṫiġearna, cía ḃraiṫfeas tu?

21 An tan do ċunnairc Peadar eision a duḃairt sé ré Híosa, A Ṫiġearna, cred ḋéanas an fear so?

22 A duḃairt Iósa ris, Má símo ṫoílse eision dfanṁuin go ttiuca mé, créd é sin duitse?

23 Uime sin do ċuáiḋ an ráḋ so amaċ a measg na ndearḃráiṫreaċ, naċ ḃfuiġeaḋ an deisciobal sin bás: giḋeaḋ ní duḃairt Iósa ris, Ní ḃfuiġe sé bás; aċd, Má sí mo ṫoillse eision dfanṁuin go ttiuca mé, créd é sin, duitse?

24 A sé an deisciobal so do ní fínné do na neiṫiḃse, agus do sgrioḃ na neiṫese: agus atáa ḟios aguinn gur fíor a ḟíaḋnuisi.

25 Agus atáid móran do neiṫiḃ eile noċ do rinne Iósa, agus dá mbeiṫdís sgríoḃṫa uile, ní ṁeasuim go ngeuḃaḋ an doṁan féin a sgríoḃṫáoi do leaḃruiḃ. Amén.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan