Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eoin 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II An céud ṁirḃuile ag banais Ċana, 14 agus céud-ġlanaḋ an Teampuill, re Hiosa, 23 naċ taóḃaḋ e fein re daoiniḃ diombúan a gcreidiṁ.

1 Agus an treas lá do rinneaḋ pósaḋ ag Cána na Galilé; agus do ḃí máṫair Iósa ann:

2 Agus do goireaḋ Iósa fós agus a ḋeisciobail, ċum an ṗósda,

3 Agus an tan do ṫréig fíon, a duḃairt máṫair Iósa ris, Ní ḃfuil fíon aca.

4 A duḃair Iósa ría, Créud é sin daṁsa na ḋuitse, a ḃean? Ni ṫáinic múairse fós.

5 A duḃairt a ṁáṫair ris an luċd frioṫóilṁe, Giḋ bé ní déara sé riḃ, déunaiġ é.

6 Agus do ḃádar sé soiṫiġe cloiċe ar na gcur ann sin, do réir ġnáṫaiġe ġlanta na Níudaiġeaḋ, ḋá ḟeircín nó a trí do ġlacaḋ gaċ áon aca.

7 A duḃairt Iósa riú, Liónaiḋ na soiṫiġe so duisge. Agus do líonadar iád go soiṫe mbrúaċaiḃ.

8 Agus a duḃairt sé riu, Tairrngiḋ a nois, agus beiriḋ ċum úaċdaraín an ḟéusda é. Agus rugadar.

9 Agus mar do ḃlais úaċdarán an ḟéusda an tuisge do ḃí déunta na ḟíon, (agus ní raiḃ a ḟios aige créd as a dtáinic sé: aċd do ḃi a ḟios ag an luċd frioṫóilṁe do ṫarraing an tuisge;) do ġoir úaċdarán an ḟéusda an fear núaṗósda ċuige,

10 Agus a duḃairt sé ris, Cuiriḋ gaċ uile ḋuine an fíon maiṫ amaċ ar tús, agus an tan iḃid dáoine a sáiṫ, ann sin an fíon as measa: aċd do ċoiṁéud tusa an fíon maiṫ gus a nois.

11 As é so tosaċ míorḃuile do rinne Iósa a Gcána na Galilé, agus dfoillsiġ sé a ġloír féin; agus do ċreideadar a ḋeisciobail ann.

12 Na ḋíaiġ sin dó ċúaiḋ sé síos go Capernáum, é féin, agus a ṁáṫair, agus a ḋearḃráiṫreaċa, agus a ḋeisciobail: aċd níor ḟanadar ann mórán do laéṫiḃ:

13 Oír do ḃí cáisg na Niúdaiġeaḋ a ḃfogus, Agus do ċúaiḋ Iósa súas go Hierusalém.

14 Agus fuáir sé ann sa teampall luċd reacṫa daṁ agus cáoráċ agus colum, agus luċd malarta an airgid na suiḋe:

15 Agus ar ndéunaṁ sgíursa ḋó do ċórduiġiḃ caola, do ċuir sé amaċ as a teampoll iád uile, maillé ré na gcáorċaiḃ, agus ré na ndaṁuiḃ; agus do ḋóirt sé amaċ ionnṁus luċd an airgid, agus do leag sé a mbuird air lár.

16 Agus a duḃairt sé ré luċd reacṫa an gcolam, Tóguiḋ iád sin as so, ná déunuiḋ tiġ Máṫarsa na ṫiġ ceannuiġeaċda.

17 Agus do ċuiṁniġeadar a ḋeisciobailsean go raiḃ sgrioḃṫa, Duáiḋ éud do ṫiġesi súas mé.

18 Ar a naḋḃarsin do ḟreagradar na Iúdaiḋe, agus a duḃradar ris, Créd é an coṁarṫa ṫaisbéanas tú ḋúinn, fá ndéunann tú na neíṫesi?

19 Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé riú, Leagaiḋ síos an teampoll so, agus tóigéuḃuiḋ misi é a dtrí láeṫiḃ.

20 Ar a naḋḃarsin a duḃradar na Iuduiḋe, Sé bliaḋna agus dá ḟiċead do ḃí an teampall so ḋá ḋéunaṁ, agus an dtoigéuḃa tusa a dtrí láeṫiḃ é?

21 Aċd is air ṫeampoll a ċuirp féin do laḃair seision.

22 Ar a naḋḃarsin an tan do éiriġ sé ó ṁarḃaiḃ, do ċuiṁniġeadar a ḋeisciobail go nduḃairt sé so ríu; agus do ċreideadar don sgriobtuir, agus do ḃréiṫir a duḃairt Iósa.

23 Agus ar mbeíṫ a Niérusalém ḋó fá ċáisg, lá an ḟéusda, do ċreideadar mórán an ainmsean, ag faicsin na gcoṁarṫaḋ do rinne sé.

24 Aċd ní ṫáoḃaḋ Iósa é féin riú, tré gur aiṫin sé iád uile,

25 Agus tré naċ raínig sé a leas neaċ ar biṫ do ḋéunaṁ fiáḋnuisi air ḋuine: oír do ḃí a ḟios aige féin créd do ḃí ann sa duine.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan