Eoin 18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVIII Do ṫaisben Críosd aċ beagan dá ċuṁaċd 6 tan ḃí sé a laiṁ, 36 do ḃríġ naċ don tsáoġala sa ríġeaċt. 1 An tan a duḃairt Iósa na neiṫesi, do ċuáiḋ sé féin maille ré na ḋeiscioblaiḃ tar sruṫ Ċédron, mar a raiḃ garrḋa, an a ndeaċuiḋ seision, agus a ḋeisciobail. 2 Agus do ḃí fios na háite sin, agus Iúdas fós, noċ do ḃraiṫ eisean: óir so tigdís Iósa agus a ḋeisciobail a néainḟeaċd go minic sa náitsin. 3 Uime sin nuáir do ġlac Iúdas buiḋean agus oifigiḋ ó na hárdsagurtuiḃ agus ó na Ṗairisíneaċuiḃ, ṫáinig sé do ionad sin é lainndéiriḃ agus lé tóirsiḃiḃ agus lé harmuiḃ. 4 Ann sin ar na aiṫne Díosa na huile neiṫe do ṫeigéuṁaḋ ḋó féin, do ċuáiḋ sé amaċ, agus a duḃairt sé riú, Cía atá siḃ íarruiḋ? 5 Do ḟreagradar é, Iósa Nasarḋa. A duḃairt Iósa ríu, As misi é. Agus do ḃí Iúdas, noċ do ḃraiṫ é, na ṡeasaṁ na ḃfoċuir. 6 Ann sin mar is táosga a duḃairt sé ríu, Is misi é, do ċúadar ar a gcúl, agus do ṫuiteadar air talaṁ. 7 Uime sin dfiáfruiġ sé ḋióḃ a rís, Cía atá siḃ íarruiḋ. Agus a duḃradarsan, Iósa Nasarḋa. 8 Do ḟreaguir Iósa, Dinnis mé ḋaóiḃ gur misi é: Ar a naḋḃarsin más misi íarrṫaói, léigiḋ ḋóiḃ so imṫeaċd: 9 Ionnus go gcoiṁlionfuiḋe an ḃríaṫar, a duḃairt seisean, Níor léig mé éunduine a muġa ḋá dtug tú ḋaṁ. 10 Ann sin Síomon Peadar, agá raiḃ cloiḋeaṁ do ṫarruing sé amaċ é, agus do ḃuáil sé oglaċ an árdṡaguirt, agus do ġearr sé a ċlúas ḋeas de. Agus as é do bainm don óglaċ Malcus. 11 Uime sin a duḃairt Iósa ré Peadar, Cuir do ċloíḋeaṁ an a ṫruáill: an né naċ íoḃa misi, an cupán tug Maṫair ḋaṁ? 12 Ann sin rug an ḃuiḋean agus an caiptín agus oifigiḋ na Níuduiḋeaḋ ar Iósa, agus do ċeangladar é, 13 Agus rugadar a laṫair Annas ar tús é; (óir do bé aṫair ṁná Ċaiṗáis é, noċ dob árdsagart an ḃliaḋain sin.) 14 Agus do bé Caiṗas an té, ṫug coṁairle do na Iúdaiḋiḃ, gur ṫarḃaċ éunduine aṁáin dfaġáil ḃáis ar son an ṗobail. 15 Agus do lean Siomón Peadar, agus deisciobal eile Iósa: agus dob aiṫniḋ don árdṡagurt an deisciobal sin, ar a naḋḃarsin do ċúaiḋ sé a steaċ lé Híosa go cúirt an árdṡaguirt. 16 Aċd do ṡeas Peadar ag an dorus leiṫ a muiġ. Ar a naḋḃarsin do ċuáiḋ an deisciobail eile sin, noċ doḃ aiṫniḋ don árdṡagart, agus do laḃair sé ris an mbandoirrseóir, agus tug se Peadar a steaċ. 17 Ann sin a duḃairt an ḃandoirrseóir ré Peadar, Naċ do ḋeisciobluiḃ an ḟirsi ṫusa leis? A duḃairt seision, Ní heaḋ. 18 Agus do ḃádar na searḃḟoġantuiḋe agus na hoifigiḋ na seasaṁ ag an dteiniġ, óir do ḃí an ainmsír fúar, agus do ḃádar dá ngoraḋ féin: Agus do ṡeas Peadar mar an gcéudna, da ġoraḋ na measg. 19 Ann sin do ċuir an tárdsagurt ceisd ar Iósa a dtáoḃ a ḋeisciobail, agus a ṫeaguisg. 20 Do ḟreaguir Iósa é, Do laḃair misi ós áird ris a tsáoġal; do ṫeagaisg mé do ġnátg ann sa tsínagóig, agus ann sa teampoll, mar a gcruinniġid na Iúdaiġe uile a gceann a ċéile; agus níor laḃair mé éinní a ḃfolaċ. 21 Créud fa ḃfiafruiġeann tú ḋíomsa? fiafruiġ don ṁuinntir do ċúaluiḋ mé, créd a duḃairt mé ríu: féuċ, atá a ḟíos aca so créd a duḃairt mé. 22 Agus an tan duḃairt sé na neiṫesi, dó ḃuáil óglaċ do na máoruiḃ do ḃí na ṡeasaṁ a láṫair bas ar Iósa, ag ráḋ, An mar sin ḟreagrus tú an tárdsagart? 23 Do ḟreaguir Iósa é, más olc a duḃairt mé, déanna fínne a dtáoiḃ an uilc: aċd más maiṫ, créd fá mbuáileann tú mé? 24 Ar a naḋḃarsin do ċuir Annas ceanguilte ċum Caiṗáis a nárdsagairt é. 25 Agus do ḃí Siomón Peadar na ṡeasaṁ agus dá ġoraḋ féin. Uime sin a duḃradarsan ris, Naċ dá ḋeisciobluiḃ súd ṫusa leis? Do ṡéan seisean, agus a duḃairt sé, Ní heaḋ. 26 A duḃairt fear do ṁuinntir a nárdṡaguirt, braṫair don té dár ġéarr Peadar a ċlúas, Naċ ḃfacaiḋ mé féin ṫú ann sa ġarrḋa na ḟoċuir? 27 Ann sin do ṡéan Peadar a rís: agus ar an mball do ġoir an coileaċ. 28 Ná ḋiáiġ sin beirid siad Iósa léo ó Ċaiṗás go tiġ na cúirte: agus do ḃí ṁaidin ann; agus ní ḋeaċadar géin do ċúirt a sdeaċ, ionnus naċ dtruáillfiḋe íad; aċd go níosfaidís úan na cásg. 29 Ar a naḋḃarsin do ċúaiḋ Pioláid a maċ ċucasan, agus a duḃairt sé, Créd í an ċúis ċuirṫi ar a nduinesi? 30 Do ḟreagradarsan agus a duḃradar ris, Muna mbiaḋ sé na ḟear déanta uilc, ní ṫioḃramáoisne ċugadsa é. 31 Ann sin a duḃairt Pioláid ríu, Beiriḋ féin liḃ é, agus beiriḋ breaṫ na aġaiḋ do réir ḃur ndliġe féin. Uime sin a duḃradar na Iúduiḋe ris, Ní dleisdeanaċ ḋúinne áonduine ṁarḃaḋ: 32 Ionnus go gcoiṁlíonfuiḋe an ḃríaṫar, a duḃairt Iósa, ag taisbéunaḋ créd í an ġné ḃáis do ġeaḃaḋ sé. 33 Ar a naḋḃarsin do imṫiġ Pioláid a rís do ċúirt, agus do ġoir sé Iósa, agus a duḃairt sé ris, An tusa Rí na Níudaiḋeaḋ? 34 Do ḟreaguir Iósa é, An uáit féin a deir tú sin, nó nar inneasadar dáoine eile ḋuit é am ṫimċeallsa? 35 Do ḟreaguir Pioláid, An don ċineaḋ Iúdaiḋe misi? Do ċineaḋ féin agus na hárdsagairt tug ċugamsa ṫú; créd do rinne tú? 36 Do ḟreaguir Iósa, Ní don tsáoġalsa mo ríoġaċdsa: dá maḋ don tsáoġalsa mo ríoġaċd, gan ċunntaḃairt do ḋéanaidís mo ṁuinntir caṫuġaḋ, ionnus naċ dtioḃarṫáoi do na Iúduiḋiḃ mé: aċd a nois ní as so mo rioġaċdsa. 37 Ar a naḋḃarsin a duḃairt Pioláid ris, Má seaḋ an rí ṫú? Do ḟreaguir Iósa, A deir tusa gur rí mé. Is ċuige so rugaḋ mé, agus is ċuige ṫáinig mé ar a tsáoġal, ionnus go ndéanuinn fínné don ḟírinne. Gaċ uile ḋuine atá ar ṫáoḃ na fírinne éisdiḋ sé mo ġuṫsa. 38 A duḃairt Píoláid ris, Ciḋ is firinne ann? Agus aga ráḋ so, do ċúaiḋ se amaċ a rís ċum na Níudaiḋeaḋ, agus a duḃairt sé ríu, Ní ḟaġuimsi cúis ar biṫ air. 39 Aċd atá gnáṫ aguiḃsi, go sgáoilfinn dúine éigin dáoiḃ fá ċáisg: ar a naḋḃarsin an áill liḃ go sgáoilinn ċugaiḃ Rí na Níudaiḋeaḋ? 40 Ann sin do ṫógḃadarsan uil gáir a rís, ag ráḋ, Ní hé so, aċd Barabbás. Agus do baḋ bioṫaṁnaċ an Barabbás so. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society