Eoin 16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVI Criosd na ċeann-sompla dáluċt leanṁuinn, ar anṡocra an tsáoġailsi ḟúlang, 33 agus búaḋuġa orra. 1 A duḃairt mé na neiṫesi riḃ, deagla go ḃfuiġeaḋ siḃ oilḃéim. 2 Cuirfid síad as na sínagóguiḃ siḃ: agus fós, tig a nuáir, giḋ bé ṁuirfeas siḃ go mḃreaṫnóċa sé go ndéanann sé seirḃis do Ḋía. 3 Agus do ḋéunuid síad na neiṫe so riḃ, ar son naċ aiṫne ḋóiḃ an Taṫair, ná misi. 4 Aċd do laḃuir mé na neiṫe so riḃ, ionnus an tan ṫiocfas an uáir, go gcuiṁnéoċaḋ siḃ gur innis mé ḋíḃ íad. Giḋeaḋ níor innis mé ḋíḃ íad, do ḃriġ go raiḃ mé féin aguiḃ. 5 Agus a nois atáim ag imṫeaċd ċum an té do ċuír úaḋ mé, agus ni ḟíafruiġeann éunduine aguiḃse ḋíom, Cá háit a dtéid tú? 6 Aċd do ḃriġ go nduḃairt mé na neiṫesi riḃ, do lion dóbrón ḃur gcroiḋṫe. 7 Giḋeaḋ a deirim a nfírinne riḃ, Is é ḃur leas misi imṫeaċd: óir muna nimṫiġe mé, ní ṫiocfa an Coṁḟurṫaiġṫeóir ċugaiḃ; aċd má imṫiġim, cuirfiḋ mé ċugaiḃ é. 8 Agus an tan ṫiocfas sé, aigeóraiḋ sé an doṁan a dtáoḃ peacuiḋ, agus ceirté, agus breiṫeaṁnuis: 9 A dtáoḃ peacuiḋ, ar son naċ ccreidid síad ionnamsa. 10 Agus a dtáoḃ ceirte, do ḃríġ go ḃfuílim ag dul dionnsuiġe Maṫar, agus ní ḟaicfiḋesi mé so súas; 11 A dtáoḃ breiṫeaṁnuis, ar son go ḃfuil úaċdarán an tsáoġailsi ar na ḋamnuġaḋ. 12 Atá mórán agam fós ré ráḋ riḃ, aċd ní ḟéudtaói a niomċar a nois. 13 Aċd an tan ṫiocfus seisean, Spiorad na fírinne, tréoroċaiḋ sé siḃ ċum gaċ uile ḟírinne: óir ní úaḋ féin laiḃéoras sé; aċd laiḃéoruiḋ sé, na huile neiṫe ċluinnfeas sé: agus foillséoċuiḋ sé ḋíḃ na neiṫe atá ċum teaċda. 14 Do ḃéura seisean glóir ḋaṁsa: óir dom ċuidse ġlacfus sé, agus ḟoillséoċas sé ḋíḃsi. 15 As leamsa na hule neiṫe atá ag a Naṫair: ar a naḋḃarsin a duḃairt mé, gur dom ċuidse ġlacfus sé, agus ḟoillséoċas sé ḋíḃsi. 16 Tamall beag, agus ní ḟaicfe siḃ mé: agus a rís tamall beag, agus do ċífe siḃ mé, óir atáim ag dul ċum a Naṫar. 17 Uime sin a duḃradar cuid dá ḋeisciobluiḃ ré ċéile, Cred é so a deir sé rinn, Tamall beag, agus ní ḟaicfiḋe mé: agus a ris tamall beag, agus do ċifiḋe mé: agus, Oir atáim ag dul ċum a Naṫar? 18 Ar a naḋḃarsin a duḃradar, Créd as cíall don ní so deir sé, Tamall beag? Ní ṫuigmíd créd a deir sé. 19 Aċd do ḃí a ḟios ag Iósa gur ṁían léo a ḟíafruiġe ḋe, agus a duḃairt sé ríu, An ḃfuiltí ḋá ḟíafruiġe so eadruiḃ fein mar a duḃairt mé, Tamall beag, agus ní ḟaicfiḋe mé: agus a rís tamall beag, agus do ċifí me? 20 Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Go nguilfiḋe agus go gcáoinfiḋe, agus go ndéana an sáoġal gáirdeaċus: aċd beiṫísi dóbrónaċ, giḋeaḋ fillfiḋear ḃur ndóḃrón a ngáirdeaċus. 21 Ag breiṫe leiniḃ do ṁnáoi, bí sí a bpéin, óir ṫáinig a huáir: aċd tar éis leiniḃ do ḃreiṫ ḋi, ní ċuiṁniġeann sí a doilġeas ní as foide, lé gairdeaċus go rugaḋ duine ċum an tsáoġuil. 22 Agus siḃsi mar an gcéadna atáṫaoi a nois go dóbrónaċ: giḋeaḋ do ċífe mé a ris siḃ, agus do ḋéunaid ḃur gcroiḋe gáirdeaċus, agus ní ḃéura éunduine ḃur ngairdeaċus uáiḃ. 23 Agus ann sa ló sin ní ḟifróċṫáoi éinní ḋíomsa. Go deiṁín, deiṁin, a deirim riḃ, Giḋ bé ar biṫ neiṫer íarruiḋe ar a Naṫair a mainmsi, do ḃéura sé ḋíḃ é. 24 Go nuige so níor íárraḃair ní ar biṫ mainmsi: íarruiḋ, agus do ġéuḃṫáoi, ionnus go mbíaḋ ḃur ngáirdeaċus lán. 25 Do laḃuir mé na neiṫesi riḃ a mbríaṫruiḃ: tiocfuiḋ a naimsir, ann naċ laibéora mé riḃ a mbríaṫruiḃ, aċd laiḃéoruiḋ mé riḃ go follus a dtimċeall a Naṫar. 26 Ann sa ló sin íarrfuiḋe a mainmsi: agus ní abruim riḃ, go nguíḋfe mé an Taṫair ar ḃur son: 27 Oír atá gráḋ ag a Naṫair féin dáoiḃ, ar son gur ġráḋuiġeaḃuitse misi, agus gur ċreideaḃuir gur ab ó Ḋía ṫáinig mé. 28 Ṫáinig mé amaċ ó Naṫair agus ṫáinig mé air a tsáoġal: fágḃuim an sáoġal, a ris, agus téiġim ċum a Naṫar. 29 A duḃradar a ḋeisciobail rís, Féuċ, a nois laḃrus tú go soilléir, agus ní laḃrann tú cosaṁlaċd ar biṫ. 30 A nois aiṫneamáoid go ḃfuil fios na nuile neiṫeann agad, agus naċ riġeann tú a leas duine ar biṫe do ċur ċeasda ort: as so ċreidmid gur ab ó Ḋía ṫáinig tú. 31 Do ḟreaguir Iósa íad, An gcreidtí a nois? 32 Féuċ, tiocfuiḋ a naimsir, agus ṫáinig sí ċeana, ann a sgarfuiḋear gaċ áon díḃ ó ċeile, gaċ uile ḋuine dá ionad féin, agus fúigfiḋe misi am áonar: giḋeaḋ ní ḃfuilim am áonar, óir atá an Taṫair am ḟoċuir. 33 Do laḃuir mé na neiṫesi riḃ, do ċum go mbeíṫ síoḋċáin aguiḃ ionnumsa. Do ġéuḃṫáoi trioblóid sa tsáoġal: aċd bíoḋ dóċus maiṫ aguiḃ; so ḃúaḋaiġ misi ar a tsaoġal. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society