Eoin 15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XV Gu ḃfuil leas uile na gcreidṁeaċ ó ġrásaiḃ Ċriosd, mar ṫoraḋ na ngéug ó ṡúġ na fineaṁna. 1 As misi an ḟíneaṁuin ḟírinneaċ, agus as críaḋuire Maṫair. 2 Gaċ uile ġéug ionnamsa naċ dtaḃair toraḋ, gearruiḋ sé í: agus gaċ uile ġéug do ḃeir toraḋ, glanuiḋ sé í, do ċum go maḋ móide do ḃeuraḋ sí toraḋ uáiṫe. 3 A nois atá siḃ glan treas an mbréiṫir do laḃair mé riḃ. 4 Fanuiḋ ionnamsa, agus misi ionnuiḃsi. Aṁail as naċ ḃféudann an ġéug toraḋ do ṫaḃuirt uáiṫe féín, muna ḃfana sí sa ḃfíneaṁuin; is mar sin ní ḟeudfa siḃse fós, muna ḃfantaói ionnamsa. 5 As misi án ḟíneaṁuin, siḃsi na géuga: Giḋ bé ḟanus ionnamsa, agus misi annsan, do ḃeir sé toraḋ mór: óir gan misi ní héidir liḃ éainni do ḋéanaṁ. 6 Giḋ be naċ ḃfanfa ionnamsa, teilgfiṫear amaċ é mar géig, agus críonfuiḋ sé; annsin ċruinniġid daoine, agus cuirid sa teiniġ íad, agus loisgṫear íad. 7 Má ḟanann siḃ ionnamsa, agus má ḟanuid mo ḃríaṫrasa ionnuiḃse, íarruiḋ gaċ ní ḃus áill liḃ, agus do ḋéuntar ḋaóiḃ é. 8 As so do ġeiḃ Maṫairsi glóir siḃsi do ṫaḃairt móráin toraiḋ; agus ḃeiṫí ḃur ndeisciobluiḃ agamsa. 9 Mar do ġráḋuiġ misi siḃsi: fanuiḋ am ġráḋsa. 10 Má ċoiṁéudtaói maiṫeanta, fanfuiḋe am gráḋ; mar do ċoiṁéud misi aiṫeanta Maṫar, agus fanuim ann a ġráḋ. 11 A duḃairt mé na neiṫe so riḃ, ionnus go ḃfanfeaḋ mo ġáirdeaċus ionnuiḃ, agus go mbiaḋ ḃur ngairdeaċus lán. 12 As í so máiṫnesi, siḃsi do ġráḋuġaḋ a ċeile, mar do ġráḋaiġ misi siḃsi. 13 Ní ḃfuil gráḋ as mó ná so ag éinneaċ, ná a anam féin do ṫaḃairt ar son a ċarad. 14 Is siḃsi mo ċáirdesi ma níṫí gaċ ní dá náiṫniġim ḋiḃ. 15 Uaḋ so súas ní ġoirfe mé searḃḟoġantuiḋe ḋíḃ, óir ní ḃfuil a ḟios ag an tsearḃḟoġantuiḋ créud do ní a ṫiġearna: aċd do ġoir mé cáirde ḋiḃ; óir na huile neiṫe do ċúaluiḋ mé ó Maṫair, do léig mé a ḃfios ċugaiḃsi. 16 Ní siḃsi do ṫog misi, aċd misi do ṫoġ siḃsi, agus do ċuir mé siḃ, ionnus go nimṫeoċaḋ siḃ agus go dtiuḃraḋ siḃ toraḋ, agus go ḃfanfaḋ ḃur dtoraḋ: ar ċor giḋ bé ní íarrfuiḋe a mainmsi ar a Naṫair, go dtioḃraḋ se ḋiḃ é. 17 Aiṫniġim na neiṫesi ḋíḃ, do ċum gráḋa do ḃeiṫ aguiḃ féin dá ċéile. 18 Má ḟúaṫuiġeann an sáoġal siḃ, bíoḋ a ḟios aguiḃ gur ḟúaṫaiġ sé misi roṁuiḃ. 19 Da máḋ don tsáoġal siḃ, do ġraiḋéoċaḋ an sáoġal a ċuid féin: giḋeaḋ ar son naċ don tsáoġal siḃ, aċd gur ṫoġ misi siḃ as a tsáoġal, ar a naḋḃarsin atá fúaṫ ag an tsáoġal daóiḃ. 20 Cuiṁniġiḋ ar an mbreiṫir a duḃairt mé riḃ, Ní mó an searḃḟoġantaiḋ ná a ṁaiġisdir. Má ġérleanadar misi, gérleanfuid siḃsi mar an gcéudna; má ċoiṁéudadar mo ḃríaṫarsa, coiṁéudfuid ḃur mbriaṫarsa mar an gcéadna. 21 Aċd do ḋéunuid síad na neiṫesi uile riḃ ar son manmasa, do ḃriġ naċ ḃfuil fios an tí ó a dtáinig mé aca. 22 Muna ḃeiṫ go dtáinig mé agus gur laḃuir mé ríu, ní ḃíaḋ peacaḋ orra: aċd a nois ní ḃfuil leisgéul a bpeacuiḋ aca. 23 Giḋ bé agá ḃfuil fúaṫ ḋáṁsa, fúaṫuiġiḋ sé Maṫair mar an gcéadna. 24 Muna ḋéarnuinn oibreaċa na measg naċ dearna neaċ ar biṫe eile, ní ḃíaḋ peacaḋ orra: aċd a nois do ċunncadar agus fós do ḟúaṫuiġeadar misi, agus Maṫair. 25 Aċd do rinneaḋ so ionnus go gcoiṁlíonfuiḋe an ráḋ atá sgrioḃṫa ann a ndliġeaḋ féin. Do ḟúaṫaiġeadar mé gan aḋḃar. 26 Aċd an tan ṫiocfas an Coṁḟurtuiġṫeóir noċ ċuirfeas misi ċugaiḃ ón Aṫair, Spiorad na firinne, ṫig ón Aṫair, do ḋéuna sé fiaḋnuisi am ṫimċeallsa: 27 Agus do ḋéuntaoísi fíaḋnuisi leis, óir atáṫaói ma ḟoċuir ó ṫus. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society