Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eoin 14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIV Geallfa Críosd (6 fior-sliġe na beaṫa) 16 an Spiorad Naóṁ mur ġnáṫċuidiġe da ḋaóiniḃ.

1 Na buáiḋearṫar ḃur gcroiḋesi: creidíḋ a Ndía, agus creidíḋ ionnamsa.

2 As iomḋa tíaġais a dtiġ Maṫarsa: agus muna mbeiṫ, dinnéosuinn ḋáoiḃ é. Atáim ag dul dullṁuġaḋ áite ḋáoiḃ.

3 Agus ma imṫiġim dullṁuġaḋ áiṫ ḋáoiḃ, tiocfaiḋ mé a rís, agus géuḃuiḋ mé siḃsi ċugam fein; ionnus mar a ḃfuilimsi, go mbía siḃse fós ann.

4 Agus atá ḟios aguiḃsi gá háit a dtéiġimsi, agus atá éolus na sliġeaḋ aguiḃ.

5 A duḃairt Tomás ris, A Ṫiġearna, ní feas dúinne gá háit a dteid tú; agus cionnas as éidir linn éolus na sliġeaḋ do ḃeiṫ aguinn?

6 A duḃairt Iósa ris, As misi an tsliġe, agus a nfírinne, agus a ḃeaṫa: ní ṫig áonduine ċum a Naṫar, aċd tríomsa.

7 Dá maḋ aiṫniḋ ḋáoiḃ misi, dob aiṫne ḋíḃ Máṫair mar an gcéadna: agus as aiṫniḋ ḋáoiḃ a nois é, agus do ċunncaḃair é.

8 A duḃairt Ṗilib ris, A Ṫiġearna, taisbén an Taṫair ḋúinn, agus is lór linn é.

9 A duḃairt Iósa ris, An ḃfuilim a nfasda ḋaimsir ḃur ḃfoċair, agus naċ aiṫniḋ ḋuit mé, a Ṗilib? giḋ bé ċunnairc Misi, do ċunnairc sé an Taṫair, agus cionnas a deir tusa, Taisbén duinn an Taṫair?

10 An né naċ ccreideann tú go ḃfuilimsi ann sa Naṫair, agus an Taṫair ionnamsa? na briaṫra laḃrum riḃse, ní uáim féin laḃruim íad: aċd an Taṫair, atá na ċoṁnuiḋe ionnam, as é do ní na hoibreaċa.

11 Creidiḋ mé go ḃfuilimsi ann sa Naṫair, agus an Taṫair ionnumsa: ní as luġa ḋe creidiḋ ḋaṁ ar son noibreaċa féin.

12 Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Giḋ bé ċreidéas ionnamsa, do ḋéuna se na hoibreaċa nímsi; agus do ḋéuna sé oibreaċa as mó ná íad; oir atáimsi ag dul dionsuiġe Maṫar.

13 Agus giḋ bé ní íarrfuiḋe am ainmsi, do ḋéuna misi sin: do ċum go ndéanfaiḋ an Taṫair glóruġaḋ ann sa Ṁac.

14 Má íarrṫaói ní ar biṫ a mainmsi, do ḋéuna misi é.

15 Más ionṁuin liḃ misi, coiṁéuduiḋ maiṫeanta.

16 Agus guiḋfiḋ misi an Taṫair, agus do ḃéura sé Coṁḟurtuiḟṫeóir eile ḋaóiḃ, ionnus go ḃfanfaḋ sé ḃur ḃfoċair go bráṫ;

17 Spiorad na fírinne; noċ naċ ḃféudan an sáoġal do ġaḃáil, ar a naḋḃar naċ ḃfaiceann sé é, agus naċ aiṫniġeann sé é: aċd aiṫeantaóisi é; óir fanuiḋ sé aguiḃ, agus biaiḋ sé ionnuiḃ.

18 Ní ḃfuigfe mé ḃur ndílleaċduiḃ siḃ: tiucfa mé ċugaiḃ.

19 Tamall beag fós, agus ní ḟaicfe an sáoġal feasda mél aċd do ċífiḋísi mé: do ḃríġ go ḃfuilimsi béo, beiṫisi béo mar an gcéadna.

20 An sa lá sin áiṫeontaói go ḃfuilímsi sa Naṫair, agus siḃsi ionnama, agus misi ionnuiḃsi.

21 Giḋ bé agá ḃfuilid maiṫeantasa, agus ċoiṁéadas íad, as é sin ġráḋuiġeas misi: agus giḋ be ġráḋuiġeas mise gráiḋéoċaiḋ Maṫair eisean, agus gráiḋéoċuiḋ misi é, agus foillseoċad mé féin dó.

22 A duḃairt Iudás ris, ní hé Iscariot, A Ṫiġearna, créd é an taḋḃar fá dtaisbéantá ṫú féin dúinne, agus ní do tsáoġal?

23 Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé ris, Giḋ bé ġráḋuiḟeas misi, coiṁeudfuiḋ sé mo ḃriaṫar: agus gráiḋeoċuiḋ Maṫair é, agus tiocfamaóid ċuige, agus do ḋéunam coṁnuiḋe aige.

24 Giḋ bé naċ gráḋuiġeann misi ní ċoiṁéudann sé mó ḃríaṫra: agus an ḃriaṫar do ċúalaḃair ní leamsa í, aċd leis a Naṫair do ċuir úaḋ mé.

25 A duḃairt mé na neiṫesi riḃ, air mbeiṫ am ċoṁnuiḋe aguiḃ.

26 Aċd an Coṁḟurtáiġṫeóir, an Spiorad Náoṁ, noċ ċuirfeas an Taṫair úaḋ a mainmsi, múinfiḋ sé na huile neiṫe ḋiḃ, agus cuirfiḋ sé a ccuiṁne ḋiḃ, gaċ uile ní ḋá nduḃairt misi riḃ.

27 Fágḃuim síoḋċain aguiḃ, do ḃeirim mó ṡíoḋċáin féin ḋaóiḃ: ní mar do ḃeir an sáoġal, do ḃeirimsi ḋaóiḃ. Ná buaiḋearṫar ḃur ccroiḋe, agus ná bíoḋ eagla air,

28 Do ċúalaḃair go nduḃairt mé riḃ, Imṫiġim, agus ṫigim ċugaiḃ. Dá ngráḋuiġeaḋ siḃ misi, do ḃíaḋ lúaṫġáir oruiḃ, do ḃríġ go nduḃairt mé, Atáim ag dul ċum a Naṫar; óir as mó Maṫair ná misi.

29 Agus a nois dinnis mé so ḋaóiḃ, suil. Ṫiocfas sé ċum críċe, ionnus, go gcreidfeaḋ siḃ, an tan ṫiocfas sé ċum críċe.

30 O so amaċ ní laiḃéora mé mórán riḃ: oir atá úaċdarán an tsáoġuilsi ag teaċd, agus ní ḃfuil ní ar biṫ aige ionnamsa.

31 Aċd ionnus go naiṫéonaḋ an sáoġal gur ab ionṁuin léam an Taṫair; agus aṁuil mar ṫug an Taṫair áiṫne ḋaṁ, is mar sin do ním. Eirġiḋ, déunam as so.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan