Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eoin 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIII Iósa Críosd ná ṡompla iongantaċ an úṁla, 44 agus ar ġraḋ ġlan.

1 Agus roiṁ ṡollamáin na cásg, ar na aiṫe Díosa go dtáinig a uáir ann a raċaḋ sé as an tsáoġalsa ċum a Naṫar, ar ngráḋuġaḋ a ṁuinntire féin do ḃí ar a tsáoġal, do ġraḋuiġ sé go deireaḋ íad.

2 Agus a ndíaġ suipéir, (an tan do ċuir an díaḃal a gcoiḋe Iúdáis Iscaríot, ṁic Símóin, eisean do ḃraṫ;)

3 Ar na aiṫne Diosa go dtug an Tahair na huile néiṫe fá ná láṁuiḃ, agus gur ab ó Ḋía ṫáinig sé, agus gur ċum Dé do ḃí sé ag dul;

4 Déiriġ sé ó ṡuipéir, agus do ċuir sé a ḃrat de; agus ar agaḃáil linéadaiġ ċuige, do ċeanguil sé roiṁe féin é.

5 Na ḋiáiġ sin do ċuir sé uisge a mbáisín, agus do ṫionnsgain sé cosa a ḋeisciobal dionnlaḋ, agus do ṫiormaġaḋ leis an línéadaċ do ḃí fá na úċd.

6 Ann sin ṫáinig sé ċum Siomóin Peadair: agus a duḃairt Peadar ris, a Ṫiġearna, an ḃfuil tusa ag ionnlaḋ mo ċosa sa?

7 Do ḟreaguir Iósa agus a duḃairt sé ris, Ní ḃfuil a ḟios agadsa nois créd do nímsi; aċd biáiḋ a ḟíos agad na ḋiáiġ so.

8 A deir Peadar rís, Ní niġfe tú mo ċosasa ga bráṫ. Do freaguir Iósa é, Muna niġfe mé ṫú, ní ḃía cumann agad ríum.

9 A duḃairt Siomón Peadar ris, A Ṫiġearna, ní híad mo ċosa aṁain, aċd mo láṁa agus mo ċeann mar an gcéadna.

10 A duḃairt Iósa ris, Giḋ bé atá niġte ní ḃfuil duireasḃuiḋ air aċd a ċosa niġe, aċd atá sé glan uile: agus atá siḃsa glan, giḋeaḋ ní ḃfuilti uile glan.

11 Oír do ḃí a ḟios aige cía ḃraiṫfeaḋ é; uime sin a duḃairt sé, Ní ḃfuiltí uile glan.

12 Ar a naḋḃarsin tar éis a gcos dionnlaḋ ḋó, agus a ḃruit do ġaḃáil uime, ar suiḋe síos ḋó a ris, a duḃairt sé ríu, An dtuigṫí créd do rinne mé riḃ?

13 Goirṫísi Maiġisdir agus Tiġearna ḋíomsa: agus as maiṫ a deirṫi sin; óir as mar sin atáim.

14 Ar a naḋḃarsin, má díonnail misi atá am Ṫiġearna agus am Ṁaiġisdir ḃur gcosasa; as coir ḋáoiḃsi mar an gceadna cosa ċéile díonnlaḋ.

15 Oír tug mé éisiomplair ḋáoiḃ, do ċum go ndéanaḋ siḃsi, mar do rinne misi ḋáoiḃsi.

16 Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Ní mó an tóglaċ na a ṁaiġisdir; agus ní mó an teaċdaire na an té do ċuir úaḋ é.

17 Má ṫuigṫí na neiṫesi, bía siḃ beannaiġe má níṫí íad.

18 Ní laḃruim oruiḃ uile: atá a ḟios agum cía an dream do ṫoġ mé: aċd do ċum go gcoiṁlíonfuiḋe an sgríobtúir, An té ata ag iṫe aráin am ḟoċair, do ṫóg sé a sbál am aġaiḋ.

19 A nois deirim so riḃ suil ṫiocfus sé ċum críċe, ionnas, an tan do ḋéuntar é, go gceidfe siḃ gur mé atá ann.

20 Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Giḋ bé ġaḃus ċuige an té ċuirimse uáim gaḃuiḋ sé misi ċuige; agus giḋ bé ġabus misi ċuige gaḃuiḋ sé an té ċuir úaḋ mé ċuige.

21 Ar na ráḋ so Díosa, do ḃí sé buaiḋearṫa na sbioraid, agus do rinne sé fínne, agus a duḃairt sé, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, go mbraiṫfi áon dáoiḃ misi.

22 Uime sin dféuċadar na deisciobail ar a ċéile, ag déunaṁ aṁaruis cía air ar laḃuir sé.

23 Agus do ḃí áon dá ḋeisciobluiḃ na luiḋe a nuċd Iósa, noċ dob ionṁuin leis.

24 Ar a naḋḃarsin do sméid Síomón Peadár ar an ḃfearsin, do ċum go ḃfiafróċaḋ se cía ar laḃair sé.

25 Ann sin ar gcláonaḋ ḋósan a nuċd Iósa, a duḃairt sé ris, A Ṫiġearna, cía hé?

26 Do ḟreaguir, As é an té, ḋá dtioḃra misi greim aráin, déis a ṫumṫa. Agus ar na ṫuma ṫug sé an greim do Iúdás Iscaríot ṁac Síomóin.

27 Agus tar éis an ġreama annsin do ċúaiḋ an Táiḋḃerseóir a steaċ ann san. Ar a naḋḃarsin a duḃairt Iósa ris, Giḋ bé ní atá tú ḋéanaṁ, déuna go tapaiḋ é.

28 Aċd níor ṫuig éainneaċ dá raiḃ a dtimċeall an ḃuird créd fá nduḃairt sé so ris.

29 Oír do ṡáoileadar cuid ḋíoḃ, do ḃriġ gur ab ag Iúdas do ḃí an sparán, gur ab é ní a duḃairt Iósa ris, Ceannuiġ ḋúinn giḋ bé ḃías a riaċdanus oruinn ċum na sollamna; nó, ní éigin do ṫaḃairt do na boċdaiḃ.

30 Agus an tan do ġlac seision an greim dimṫiġ sé amaċ ar ball: agus do ḃí an oiḋċe ann.

31 Uime sin, ar ndul amaċ ḋó, a duḃairt Iósa, a nois atá Mac an duine ar na ġlóruġaḋ, agus atá Día ar na ġlóruġaḋ ann.

32 Má atá Día ar na ġlóruġaḋ annsan, do ḃéara Día glóir ḋósan ann féin mar an gcéudna, agus do ḃéura sé glóir ḋó ar an mball.

33 A ċlann ḃeag, atáim fós seal beag ḃur ḃfarraḋ. Iarrfuiḋe mé: giḋeaḋ már a duḃairt mé ris na Iúduiḋiḃ, Giḋ bé áit a dtéiġimsi, ní ḟéudfáoisi ṫeaċd ann; is mar sin a deirim riḃsi a nois.

34 Do ḃeirim áiṫne núa ḋíḃ, Gráḋuiġe a ċéile; mar do ġráḋuiġ misi siḃsi, gráḋuiġiḋ féin a ċéile aṁluiḋ sin.

35 Air so aiṫéonaid na huile ḋáoine gur deisciobail ḋaṁsa siḃ, má ḃíonn gráḋ aguiḃ féin dá ċéile.

36 A duḃairt Siomón Peadar ris, A Ṫiġearna, gá háit a dtéid tú? Do ḟreaguir Iósa é, Mar a dtéiġimsi, ni ḟeudann tusa a nois mo leanṁuin; giḋeaḋ leanfuiḋ tú mé na ḋiáiġ so.

37 A duḃairt Peadar ris, A Ṫiġearna, créud fá naċ ḃféaduim do leanṁuin a nois? Cuirfiḋ mé manam ar do ṡon.

38 Do ḟreagair Iósa é, An gcuirfe tú ṫanam ar mo ṡonsa? Go deiṁin, deiṁin, a deirim riot, Ní ġoirfe an coileaċ suil ṡéanfas tú mé trí huáire.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan