Eoin 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil X Tar éis Ċríosd eidírḋealuġaḋ do ḋéanaṁ eidir an deaġ áoḋaire agus an túarusdaluiġ, 31 tugadar na Hiuduiġe fúaḋ niṁneaċ ḋo. 1 Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Giḋ bé naċ dtéid a sdeaċ ṫríd an dorus go cró na gcáoraċ, aċd ṫéid suás a dtáoiḃ eile, is gaduiḋe é agus bioṫaṁnaċ. 2 Aċd giḋ bé ṫéid a sdeaċ air a dorus, as é áoḋaire na gcáoraċ é. 3 Is dó so osglas an doirrseóir; agus éisdid na cáoiriġ a ġuṫ: agus goiriḋ sé a ċáoiriġ réir a nanmann, agus tréoruiġiḋ sé amaċ iád. 4 Agus an tan léiġeas sé a ċáoiriġ féin amaċ, sioḃluiḋ sé rómpa, agus leanuid na cáoiriġ é: óir aiṫniġid siád a ġúṫ. 5 Agus ní leanfaid siád aóḋaire coimṫiġeaċ, aċd teiṫfid uáḋ: do ḃríġ naċ aiṫnid dóiḃ gúṫ na gcoiṁṫiġeaċ. 6 Do laḃair Iósa an ċosaṁláċd so riú: Giḋeaḋ níor ṫuigeadarsan na bríaṫra á duḃáirt sé riú. 7 A duḃairt Iósa riú arís, Go deiṁín, deiṁin, a deirim riḃ, Gur misi dorus na gcáoraċ. 8 A dtáinig roṁam uile as gaduiḋṫe iád agus bioṫaṁnuiġ: aċd níor éisdeadar na cáoiriġ riú. 9 Is misi an dorus, giḋ bé neaċ raċas a steaċ ṫríomsa, slaíneoċṫar é, agus raċuiḋ sé a steaċ agus amaċ, agus do ġéuḃa sé inḃear. 10 Ní ṫig an gaduiḋe, aċd do ġoid, agus do ṁárḃaḋ, agus do ṁilleaḋ: ṫáinig misi ionnus go mbíáḋ beaṫa aca agus go mbíaḋ sí ní is fairsinge aca. 11 As misi an táoḋaire maiṫ: cuiriḋ an táoḋaire maiṫ a anam féin ar son na gcáoraċ. 12 Aċd an túarsdaluiġ, agus an té naċ ḃfuil na áoḋaire, agus naċ leis féin na cáoiriġ, do ċí sé an mactíre ag teaċd, agus fáguiḋ sé na cáoiriġ, agus teiṫiḋ sé: agus fuáduiġe an mactíre na cáoiriġ, agus scabuiġe sé iád. 13 Aċd teiṫiḋ an túarasdaluiġ, ar son gur túarasdaluiġ é, agus naċ ḃfuil suim aige ann sna cáorċuiḃ. 14 Is misi an táoḋaire maiṫ, agus aiṫniġim mo ċáoiriġ féin, agus aiṫniġid mo ċáoiriġ féin mé. 15 Mar aiṫniġeas an Taṫair misi, agus aiṫniġimsi an Taṫair: agus do ḃeirim manam ar son na gcáoraċ. 16 Agus atáid cáoiriġ eile agam, naċ don ċróso: agus caiṫfiḋ mé iád sin leis do ṫaḃairt leam, agus ésdfid siád mo ġúṫ; agus biáiḋ áonċró aṁáin, agus áonáoḋaire aṁáin ann. 17 Ar a naḋḃarso ġráḋuiġeas Maṫair misi, ar son go gcuirim manam úaim, do ċum go nglacfuinn é arís. 18 Ní ḃeireann eúnduine úaim é, aċd cuirim féin uáim féin é. Atá cúṁaċda agam a ċur uáim, agus atá cúṁaċda agam a ġáḃáil ċugam a rís. Fuáir mé an áiṫnesi ó Maṫair. 19 Ar a naḋḃarsin déiriġ connspóid a rís eidir na Iúduiḋíḃ trés na bríaṫraiḃse. 20 Agus a duḃradar mórán díoḃ, Atá diaḃal ann, agus atá sé ar buile; créd fé néisdti ris? 21 A duḃradar cuid eile, Ní bríaṫra ḋuine ion ḃfuil díaḃal iád so. An ḃféudann an díaḃal súile na ndáoine dall dosglaḋ? 22 Agus do ḃí sollamain na coisreagaḋ a Níarusalem, agus do ḃí an geiṁreaḋ ann. 23 Agus do ḃí Iósa ag sioḃal ann sa teampall a bpóirsi Ṡoluiṁ. 24 Uime sin do ċruinniġeadar na Iúduiḋe na ṫimċeall, agus a duḃradar ris, Gá fad ċuinneóċas tú sinn a naṁarus? Más tú Críosd, innis dúinn é ós áird. 25 Do ḟreaguir Iósa iád, Dinniseas dáoiḃ, agus ní ċreidṫí mé: na hoibreaċa ním a Maṫair, do níd siad fínne ḋaṁ. 26 Giḋeaḋ ní ċreidtísi, oír ní dom ċáorċaiḃ siḃ, mar a duḃairt mé riḃ. 27 Do ċluinid mo ċáoiriġsi mo ġúṫ, agus aiṫniġim iád, agus leanuid síad me: 28 Agus do ḃeirim an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ ḋoiḃ; agus ni raċaid siád a muġa go bráṫ, agus ní ḟúaideóċaiḋ eínneaċ as mo láiṁ iad. 29 Maṫair, noċ ṫug ḋaṁsa íád, as mó é ná na huile; agus ní ḟéudann éinneaċ a ḃfuadaċ as láiṁ Maṫar. 30 Misi agus an Taṫair as áon sinn. 31 Uime sin do ṫógḃadar na Iúduiḋe cloċe a rís, ċum a gcaiṫte ris. 32 Do ḟreagair Iósa iád, Do ṫaisbéun mé mórán doibreaċniḃ maiṫe ḋáoiḃ ó Maṫair; cía aca obair air son a ngaḃṫáoi do ċloċuiḃ oram? 33 Do ḟreagair na Iúdaiḋe é, ag ráḋ, Ní ar son oibre maiṫe ġaḃmóid do ċloċuiḃ ort; aċd ar son blaisṗeíme; agus air son ṫusa, agus tú ad ḋuine, go ndéunann tú Día ḋiót féin. 34 Do ḟreaguir Iósa iád; An né naċ ḃfuil sgríoḃṫa an ḃur ndliġeaḋsa, A duḃairt misi, As déé siḃ? 35 Má a duḃairt sé gur déé na dáoine úd, ċum a dtaínig briaṫar Dé, agus naċ éidir an sgriobtúir a sgáoileaḋ; 36 A nabarṫáoisi, ris an té do ḃeannuiġ an Taṫair, agus do ċuir sé úaḋ air a tsáoġal, Do ní tú blaisṗéime; do ḃriġ go nduḃairt mé, Gur mé Mac Dé? 37 Muna ndéunaim oibreaċ Maṫar ná creidiḋsi ḋaṁ. 38 Aċd má ním, gé naċ ccreidtí ḋaṁsa, creidiḋ do na hoibreaċuiḃ: ionnus go naiṫéonaḋ siḃ, agus go gcreidfeaḋ siḃ, go ḃfuil an Taṫair ionnamsa, agus misi annsan. 39 Uime sin diárradar a rís a ġlacaḋ: agus dimṫiġ sé as a láṁuiḃ. 40 Agus do ċúaiḋ sé a rís tar Iordan don ionad an ar ḃaisd Eóin ar tús; agus do ċoṁnuiḋ sé ann sin. 41 Agus tángadar mórán ċuige, agus a duḃradar, Ní ḋearna Eóin míorḃuile ar biṫ: aċd gaċ uile ní ḋá nduḃairt Eóin dá ṫáoḃ so, dob ḟíor iád. 42 Agus do ċreideadar móran an sa nait sin ann. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society