Eoin 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil I Briaṫar Dé ar ġaḃail do ḃe na ḋuine, 15 teasdas Eoín uime, 49 agus Natanael, (an duine sin gan ṁeaḃuil.) 1 Ann sa tosaċ do ḃí an Ḃriaṫar, agus do ḃí ab Ḃriaṫar a ḃfoċair Dé, agus do bé Día an Bríaṫar. 2 Do ḃí so ar tús a ḃfoċair Dé: 3 Leisean a táid na huile neiṫer déunta, da ndéarnaḋ. 4 Ann san do ḃí beaṫal agus dob í an ḃeaṫa solus na ndáoine. 5 Agus soillsiġiḋ an solus sin ann sa dorċadas; agus níor ġaḃ an dorċadas ċuige é. 6 Do cuireaḋ duine ó Ḋía, dár ḃainm Eóin. 7 Taínic an té so mar ḟiaḋnuisi, do ċum go ndéanaḋ sé ḟiaḋnuisi, do ċum go ndéanaḋ sé fiaḋnuisi don Tsolus, ionnus go gcreidfidís cáċ uile ṫríd. 8 Níor ḃéiseam an Solus ud, aċd do cuireaḋ é ionnus go ndéanaḋ sé fíaḋnuisi don Tsolus ud. 9 Do bé so an Solus fírinneaċ, ṡoillsiġeas gaċ uile ḋuine dá dtig ar a tsáoġal. 10 Do ḃí se air a tsáoġal, agus trídsean do rinneaḋ an sáoġal, aċd níor aiṫin sáoġal é. 11 Dionnsuiġe a ċoda féin ṫáinic sé, agus níor ġaḃadar a ḋáoine féin ċuca é. 12 Aċd an ṁéid do ġaḃ ċuca é, tug sé cuṁaċda ḋóiḃ ḃeiṫ na gcloinn ag Día, eaḋon don droing ċreideas ann a ainmsean: 13 Naċ ḃfuil ar na ngeineaṁain ó ḟuil, ná ó ṫoil na colla, ná ó ṫoil fir aċd ó Ḋía. 14 Agus do rinneaḋ féoil don Ḃreiṫir, agus do ċoṁnuiġ sé eadruinne, (agus do ċunncamar ġlóirsion, mar ġlóir éinġeine Ṁic an Aṫair,) lán do ġrásuiḃ agus dfírinne. 15 Do rinne Eóin fíaḋnuisi ḋó, agus do éiġ sé, ag ráḋ, As é so an té air ar laḃuir mé, An té ṫig am ḋíaiġ ata air na arduġa roṁam: oír ba táosga é ná misi. 16 Agus do ġaḃamar uile ċugainn as a lán san, agus grása ar son grás. 17 Oír do tugaḋ an reaċ tré Ṁaoisi, aċd ṫáinic grása agus fírinne tré Iósa Criosd. 18 Ni ḟacaiḋ neaċ ar biṫ Día a riaṁ; an áoinġein Ṁic, atá an uċd a Naṫar, as é dfoillsiġ é ḋúinne. 19 Agus as í so fíaḋnuisi Eoin, an tan do ċuireadar na Iúdaiġe ó Ierusalém sagairt agus Leḃítí do ċum go ḃfíafróċaidis dé, Cía ṫusa? 20 Agus dadaiṁ seision, agus niór ṡéun sé; dadaiṁ sé nar ḃé féin Criosd. 21 Agus dfíafruiġeadar ḋe, Créd eile? An tú Elías? Agus a duḃairt seision, Ní mé. An faíḋ ṫú? Agus do ḟréagair seision, Ní heaḋ. 22 Ar a naḋḃarsin a duḃradar ris, Cía ṫú, ionnus go dtioḃramáois freagra ar an muinntir do ċuir úaṫa sinn. Créd a deir tú ad ṫimċeall féin? 23 A duḃairt seisean, Misi guṫ an té éiġṁeas ar an ḃfásaċ, Dírġiḋ sliġe an Tiġearna, mar a duḃairt Esaías an faiḋ. 24 Agus an dream do cuireaḋ buḋ do na Ṗairisineaċuiḃ iád. 25 Agus dfíafruiġeadar ḋeasean, agus a duḃradar ris, Ar a naḋḃarsin créd fá ndéunann tú baisdeaḋ, muna tú Críosd, nó Elías, nó an fáiḋ úd? 26 Do ḟreagair Eóin dóiḃ, ag ráḋ, Baisdimsi lé huisge: aċd atá na ṡeasaṁ an ḃur lársa, an té naċ aiṫne ḋíḃ. 27 A sé so, an té ṫig am ḋíaiġse do ḃí roṁam, ag naċ ḟiú mé íallaċ a ḃróg do sgáoileaḋ. 28 Do rinneaḋ na neiṫese a Mbetábara, ar a táoḃ ṫall do Iordán, an áit an ar ḃaisd Eóin. 29 An lá na ḋíaiġ sin do ċunnairc Eóin Iósa ag teaċd ċuige féin, agus a duḃairt sé, Féuċ Uan Dé, ṫógḃas peacaḋ an doṁain. 30 Ag so an té air ar laḃair mé, Ṫig am ḋiáiġsi neaċ do ḃi roṁan: oír bá táosga é na misi. 31 Agus ní raiḃ aiṫne agumsa air: aċd ionnus go mbíaḋ sé follus Disraél, as uime sin ṫáinic mísi ag baisdeaḋ lé huisge. 32 Agus do rinne Eóin fíaḋnuisi, ag raḋ, Do ċunnairc mé an Spiorad ag tuirling aṁail ċolam ó neaṁ, agus do ċoṁnuiḋ sé airsion. 33 Agus níor aiṫin misi é: aċd an té do ċuir mé do ḃaisdeaḋ lé huisge, as é a duḃairt rium, Giḋ bé ar a ḃfaicfe tú an Spiorad ag tuirrling, agus ag coṁnuiġe, sé sin an té ḃaisdeas leis an Spiórad Náoṁ. 34 Agus do ċunnairc misi, agus do ním fíaḋnuisi gur ab é so Mac Dé. 35 An lá na ḋíaiġ sin a rís do ṡeas Eóin, agus diás dá ḋeiscioblaiḃ; 36 Agus ar ḃfaicsin Iósa ag sioḃal. A duḃairt sé; Féuċ Uan Dé! 37 Agus do ċúaladar an dís deisciobal é ag laḃairt, agus do leanadar Iósa. 38 Agus ar ḃfilleaḋ Díosa, agus ar ná ḃfaicsinsean ḋá léanṁuin féin, a duḃairt sé riú, Créud atá siḃ íarraiġ? Agus a duḃradarsan ris, Rabbi (sé sin ré ráḋ, ar na eidirṁíniuġaḋ, A Ṁaiġisdir,) gá a ccoṁnuiġeann tú? 39 A duḃairt sé riú, Tigiḋ agus féuċaiḋ. Tangadar agus do ċunncadar an tionad a gcoṁnuiġeaḋ seisean, agus dfanadar aige an lá sin: do ḃí an úair sin timċeall a deiċ. 40 Agus do bé Aindrías, dearḃráṫair Ṡiomoin Peadair, fear don dís do ḃí ag eisdeaċd ré Heóin, agus do lean eisean. 41 A sé so fúair a ḋearḃraṫair féin Siomón, agus a duḃairt sé ris, Fúaramar an Messias, as sé sin, ar na eidirṁiniuġaḋ, an Críosd. 42 Agus rug sé ċum Iósa é. Agus ar ḃféuċain Díosa air, a duḃairt sé, As tusa Siomón mac Ióna: goirfiḋear Céṗas díot, dár ab ciall, Carraig. 43 Ar na ṁáraċ bá mían lé Híosa dul don Ġalilé, agus fuáir sé Ṗilib, agus a duḃairt sé ris, Lean misi. 44 Agus do buḋ as Betsaída Ṗilib, caṫair Aindrías agus Ṗeadair. 45 Fuáir Ṗilib Natánael, agus a duḃairt sé ris, An té air ar sgríoḃ Máoisi ann sa reaċd, agus na fáiḋe, fúaramar é, Iósa ó Násarér, mac Ióseṗ. 46 Agus a duḃairt Natánael ris, An éidir ní maiṫ air biṫ ḃeiṫ ó Násarét? A duḃairt Ṗilib ris, Tar agus féuċ. 47 Do ċunnairc Iosa Natánael ag teaċd ċuige, agus do laḃair sé agus adir úime, Féuċ an Tisraélaċ fírinneac ann naċ ḃfuil meaḃuil! 48 A duḃairt Natánael ris, Cionnas aiṫniġeas tú mé? do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé ris, Ní as táosga ná ġoir Ṗilib ṫú, an tráṫ do ḃí tú fáoi an gcrann fíge, do ċunnairc me ṫú. 49 Do ḟreagair Natánael agus a duḃairt sé ris, Rabbi, as tusa Mac Dé; as tú Rí Israél. 50 Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé ris, Tré go nduḃairt mé riot, Do ċunnairc mé ṫú fáoi an gcrann fíge, an gceideann tú? do ċífi tú neiṫe as mó ná iád so. 51 Agus a duḃairt sé ris, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Go ḃfaicfiḋe ó so amaċ neaṁ osgailté, agus aingil Dé ag dul súas agus ag teaċd a núas ar Ṁac an duine. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society