Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ecclesiastes 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IX. Gur fóḋoṁain agus duḃaigean ḋoaiṫniġe, obair Dé, 13 agus gu buáḋuiġ éagna ar neart.

1 Ṫairis so do ċuir mé roṁam ann mo ċroiḋe so uile dfoillsiuġaḋ, go ḃuil an fíréun, agus an teagnuiḋe, agus a noibreaċa, a láiṁ Dé: ní feas do ḋuine ar biṫ gráḋ no fúaṫ re gaċ ní dá ḃfuil rompa.

2 Is ionann ṫig gaċ uile ní do nuile ḋuine: is ionann críoċ do nfiréun, agus don ċiontaċ; don ṁaiṫ agus don ġlan, agus don neaṁġlan; don tí íoḋbras, agus don tí naċ íoḋbrann: mar ḃíos an duine maiṫ, marsin ḃíos an peacaċ; agus an té ṁionnuiġios, mar an té eagluiġios mionna.

3 Is olc so a measg na huile neiṫe dá ndéantar faói an ngréin, go ḃfuil aóinċinneaṁuin aca uile: atá fós, croiḋe ċloinne na ndaóine lán dolc, agus do ḃuile iona ccroiḋe an fad ṁairfid síad, agus na ḋiáiġsin tíaġaid ċum na marḃ.

4 ¶ Oír atá dóṫċus ag an tí atá ceangailte ris a nuile ḃéo: óir is féarr madraḋ béo ná leoṁan marḃ.

5 Oír atá a ḟiós aig na héoḋuiḃ go néagfuid síad: aċt ni ḃí fios neiṫe ar biṫ ag na mairḃ, ní mó atá luáiġeaċt ar biṫ aca ní sa ṁó; óir ḋearmadaḋ a ccuiṁne.

6 Atá fós a ngráḋ, agus a ḃfúaṫ, agus a ttnúṫ, anois caillte: ní mó ḃías aca go bráṫ a rís cuid daóinní da ndéantar faói an ngréin.

7 ¶ Imṫiġ roṁad, iṫ harán maille re sólás, agus iḃ ṫfíon le croiḋe súgaċ; óir gaḃuiḋ Día anois hoibreaċa.

8 Bíaḋ héadaċ a ccoṁnuiḋe geal; agus ná bíoḋ easḃuiḋ uinnemeinte air do ċeann.

9 Taḃair do ḃeáṫa go gáirdeaċ a ḃfoċair do mná air a mbí gráḋ agad air feaḋ uile láeṫe ṡáoġail do ḋíoṁaóinis, noċ ṫug sé ḋuit faói an ngréin, uile láeṫe do ḋíoṁaóinis: óir isí sin do ċuid annsa tṡáoġalso, agus ann do ṡáoṫar do ġeiḃ tú faói an ngréin,

10 Giḋ bé ní ġeaḃas do láṁ ré a ḋéanaṁ, déan é red ḋiṫċioll; óir ni ḃfuil obair, nó tionnsgnaṁ, nó éolus, nó eagna, ann sa nuáiġ, mar a raċa tú.

11 ¶ Dfill mé, agus do ċonnairc mé faói an ngréin, náċ don lúaṫ atá an ċoiṁling, nó an caṫ don neartṁar, nó fós an tarán do neagnuiḋ, nó fós saiḋḃrios do na daóiniḃ tuigsionaċa, nó fós faḃar do luċt an ġliocuis; aċt go tteagṁann am agus cinneaṁuin dóiḃ uile.

12 Oír ní fiós don duine fós a am féin: do nós na níasg gaḃṫar a ndroiċlíon, agus aṁúil na heóin gaḃṫar san ṗaintéar; marsin ḃíd clann na ndaóine gaḃṫa a ndroċ am, a nuáir ṫuitios sé go hobann orra.

13 ¶ Do ċonnairc mé fós an ċríonnaċtsa faoi an ngréin, agus is mór ḋaṁ í:

14 Do ḃí caṫair ḃeag, agus beagán daoine innte; agus ṫáinic ríġ mór na haġaiḋ, agus do ṡuiġ sé na timċioll, agus do ċuir sé daingneaċa móra súas na haġaiḋ.

15 Anois do fríṫ innte duine boċt eagnuiḋe, agus do ṫárṫaiġ sé an ċaṫair lena eagna; giḋeaḋ níor ċuiṁníġ áonduine an duine boċtsin.

16 Ann sin a duḃairt misi, Is féarr eagna ná neart: ṫairis sin tarcuisniġṫior eagna an duine ḃoiċt, agus ní héistior a ḃríaṫra.

17 Eístior bríaṫra na ndaóine nglic a gcíunas ní sa ṁó ná coṁairc an té ríaġlus a measc amadán.

18 Is féarr críonnaċd ná airm cogaiḋ: aċt milliḋ aóinṗeacaċ aṁáin mórán maiṫeasa.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan