Ecclesiastes 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VIII. Uṁla cuḃaiḋ do ri. 12 Agus gur fearr deaġ ḋuine a naindeisi, no neaṁḋuine a nonoir. 1 Cia atá mar a neagnuiḋe? agus cia ḋar fios cíall neiṫe? do ḃeir eagna an duine air a ġnúis déallruġaḋ, agus aṫroċar dánaċt a aiġṫe, 2 ¶ Coṁairliġim ḋuit aiṫne an ríġ do ċoiṁéad, agus sin ar son ṁionna Dé. 3 Ná bíoḋ deiṫfir ort do ḋul as a raḋarc: ná seas a ndroiċní; óir do ní seision an ní is áill leis féin. 4 Mar a mbí focal an ríġ, bí cuṁaċt: agus cía ḟéadas a ráḋ ris, Cred é sin do ní tú? 5 Giḋ bé ċoiṁlionas a naiṫne ní ṁoṫoċuiḋ sé droiċní ar biṫ: agus bí fios aimsire agus breiṫeaṁnuis ag croiḋe an duine ġlic. 6 Do ḃríġ go ḃfuil ag gaċ uile ṫionnsgnaṁ am agus breiṫeaṁnus, uime sin is trom trúaiġṁéile an duine air féin. 7 Oír ní ḟeidir sé ann ní ḃías ann: óir cía ḟéadas a innisin do ca huáir ḃías sé ann? 8 ¶ Ní ḃfuil duine ar biṫ agá ḃfuil cuṁaċt air an spioraid ċum a spioraide dfostoġ; ní mó atá cuṁaċt aige a ló an ḃáis: agus ní ḃfuil deaġailt aige annsa ccogaḋ sin; ní mó ṡáorfas an tolc an drong do ḃeir íad féin dó. 9 Do ċonairc mé so oile, agus ṫug mé mo ċroiḋe do nuile obair do níṫear faói an ngréin: bí úair ann a ríaġlann duine ós cionn aroile ċum a ḋoċair féin. 10 Agus is marsin do ċonnairc mé na droċḋaóine dá naḋlacaḋ, noċ do ṫigeaḋ agus dimṫiġeaḋ ó áit an náoiṁ, agus do dearmadaḋ annsa ċaṫruiḋ íad iona ndéarnadar sin: is díoṁaóineas so mar an ccéadna. 11 ¶ Do ḃríġ naċ ccuirṫear breiṫeaṁnus a naġaiḋ ḋroiċġníoṁa a geríċ ar ball, uime sin bíd croiḋṫe ċloinne na ndaóine ar lasaḋ ċum uilc do ḋéanaṁ. 12 ¶ Dá mbeiṫ go ndéanaḋ peacaċ olc céud uáir, agus go ḃfaideoċuiḋ a láeṫe, giḋeaḋ go deiṁin atá fios agam go mbeiṫior go maíṫ ag an ndruing eagluiġios Día, noċ air a mbí eagla dá laṫair: 13 Aċt ní ḃeiṫior go maiṫ ag an ndroċḋuine, ní mó ḟaideoċus sé a láeṫe, biáiḋ sé aṁuil scáile; do ḃríġ naċ eagluiġionn sé roiṁe Día. 14 Bíḋ díoṁaóineas noċ do niṫear air an ttalaṁ; go mbíd daóine fíreanta, dá tteagṁann do réir oibreaċ na cciontaċ; a rís, bíd cionntuiġ, da tteagṁann do réir oibreaċ na ḃfíréun: a duḃairt mé gur díoṁaóineas so mar an ccéadna. 15 Annsin do ṁol mé an suḃaċas, do ḃríġ naċ ḃfuil ní is féarr ag an nduine faói an ġréin, na iṫe, agus ól, agus beiṫ suḃaċ: óir fanfuiḋ sin aige do ṡáoṫar láeṫe a ḃeaṫa, noċ do ḃeir Día ḋó faói ngréin. 16 ¶ A nuáir ṫug mé mo ċroiḋe déolus na heagna, agus dfaicsin an ġnoṫuíġe do niṫear ar talaṁ: bíoḋ naċ ḃfaicionn duine coḋlaḋ lé na ṡúiliḃ lá nó oiḋċe: 17 Annsin dféuċ mé air obair Dé uile, naċ ḃféadann duine a nobair do niṫear faói an ngréin dfaġáil amaċ: do ḃríġ bíoḋ go ttiuḃraḋ duine a ḋiṫċioll air a ḟaġáil amaċ, giḋeaḋ ni ḃfuiġuiġ se é; tuilleaṁ fós; bíoḋ go sáoilfeaḋ duine críonna a néolus sin dfaġáil, ṫáiris sin ní ḃía ar ċumas a ḟaġáil. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society