Ecclesiastes 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VII. Gur leasuġaġ fós ar ḋíoṁaineas, deaġ ainm, 2 fulang, 11 agus gliocas, 23 noċ alá do ḟaġail. 1 Is féarr ainm maiṫ ná ola ṁórluáiġ agus lá an ḃáis ná ló an ḃeirṫe. 2 ¶ Is féarr dul go tiġ an doilġis ná, dul go tiġ a nféasta: óir isé sin críoċ ḋeiġionaċ gaċ áonduine; agus cuirfiḋ an béo le na ċroiḋe é. 3 Is féarr doilġios ná gáire: óir le duḃaċus na gnúisi do niṫear an croiḋe ní is féarr. 4 Bí croiḋe a neagnuiġ a ttiġ na cuṁaḋ; aċt bíd croiḋṫe na namadán a ttiġ an tsuḃaċuis. 5 Is féarr éisteaċd re haċṁusán a neagnuiḋ, ná do ḋuine éisteaċd re haḃrán na namadán. 6 Oír aṁuil briosgarnaċ na ndos faói ṗota, is mairsin ḃíos gáire a namadáin: is dioṁaoineas so mar an ccéadna. 7 ¶ Go deiṁin cuiriḋ leaṫtrom, duine críonna ar buile; agus milliḋ tioḋlacaḋ an croíḋe. 8 Is féarr críoċ ḋeiġionaċ neiṫe ná a ṫosaċ: agus is féarr an foiġideaċ a spioraid ná an tuaiḃreaċ a spioraid. 9 Ná bí deiṫniosaċ ann do spioraid ċum feirge: óir coṁnuiġiḋ a nfearg a mbrollaċ na namadáin. 10 Ná habair, Cred an fáṫ a raḃadar na láeṫe roiṁe ní is féarr ná iadso? óir ni glic ḋuit so dfíafruiġe. 11 ¶ Is maiṫ a neagna maille re hoiġreaċt: agus bí a ṫarḃa ag an ṁéid do ċí an ġrían. 12 Oír is sgáile a neagna, agus is cuṁdaċ an tairgiod: aċt isé dearscnuġaḋ a néoluis, go ttaḃair a neagna sáoġal don druing agá mbí sí. 13 Meas obair Dé: óir cía ḟéadas sin do ḋéanaṁ direaċ, noċ do rinne seision cam? 14 Bí lúaṫġáireaċ a ló do ṡonuis, aċt meas a ló do ḋonuis: do ċuir Día féin so na aġaiḋ súd, an ċor naċ ḃfuiġeaḋ duine aoinní na ḋiáiġ. 15 Do ċonnairc mé na huile neiṫe a laéṫiḃ mo ḋíoṁaóinís: bí duine fíréanta ṫuitios iona ionnracas, agus bí droċḋuine ḟaduiġios a laéṫe iona olc. 16 Na bí ceart go ro iomarcaċ; agus ná déana ṫú féin ro ċríonna: créd as a millfá ṫú féin? 17 Ná bí go ro olc, agus na bí amadánaċ: créd as a néagfa roiṁe ham? 18 Is maiṫ ḋuit greim do ḃreiṫ airso; úaḋso fós, na tarruing do láṁ: óir an te ar a mbí eagla Dé tiucfuiḋ sé asta amaċ uile. 19 Neartuiġ an gliocus duine crionna ní is mó ná deiṫneaṁar do ḋaoiniḃ cuṁaċtaċa atá annsa ċaṫruiġ. 20 Oír ní ḃfuil duine fíréanta air an ttalaṁ do ní maiṫ, agus naċ bpeacuiġionn. 21 Ná taḃair aire fós do gaċ áonḟocal dá laiḃeorṫar; deagla go ccluinfea do ṡearḃḟoġantuiġe dot ṁalluġaḋ: 22 Oír is minic fós ḃíos a ḟios ag do ċroiḋe gur ṁalluiġ tú féin aṁluiḋsin daóine oile. 23 ¶ Le heagna do ḋearḃ mé so uile: a duḃairt mé, Biáiḋ mé glic; aċt dob ḟada sin uáim. 24 An ni sin atá ro ḟada uáim, atá ro ḋoṁuin, cia ḟéadus a ṫuicsin? 25 ¶ Ṫug mé mo ċroiḋe dfaġáil eoluis, agus do spíonaḋ, agus díarruiḋ eagna, agus réusuin neiṫeaḋ, agus dfios urċoide na leiṁe, eaḋon na hamadánaċda agus na buile: 26 Agus do ġeiḃim ní is seirḃe ná an bás an ḃean, ag ar paintéir agus líonta a croiḋe, a láṁ aṁuil géiḃionn: giḋ bé do ní toil Dé raċaiḋ sé as uáiṫe; aċt géaḃṫar an peacaċ lé. 27 Féuċ, fúair mé so, (ar an seanmontuiġ), ag meas gaċ aón lé haón, dfaġail ḟeasa na céille amaċ: 28 Noċ atá manam díarruiḋ fós, aċt ní ḟaġaim é: fuáir mé aóinḟear a measg míle; aċt bean na measg sin uile ní ḃfuáir mé. 29 Féuċ, ag so aṁáin fuáir mé, go ndéarnuiḋ Día an duine fíréanta; aċt díarradar féin iomad smuáintiġṫe amaċ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society