Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ecclesiastes 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VI. Míoṫaitneaṁ an tsaiḋḃir, ṡanntaiġ, ġortaiġ.

1 Ata olc do ċonnairc mé faói an ngréin, agus is coitċionn a measg na ndaóine é:

2 Duine ḋa ttug Día saiḋḃrios, maóin, agus onóir, iondus naċ bí éinní deasḃuiḋ air ḋa anam do nuile ní buḋ mían leis, giḋeaḋ ní ḃeir Día cuṁaċta ḋó iṫe ḋe sin, aċt iṫiḋ coiṁṫiġeaċ é: is díoṁaóineas so, agus is olc a neasláinte í.

3 ¶ Má ġeinion duine céud do ċloínn, agus go mairfiḋ mórán blíaḋan, ionnus go mbéid láeṫe a ḃliaḋan iomadaṁuil, agus naċ líontar a anam do ṁaiṫ, agus fós naċ ḃfúiġe sé aḋlacaḋ; a deirim, gur feárr gin naċ ttig a hionḃuiḋ ná é.

4 Oír ṫig seision a steaċ lé díoṁaóineas, agus imṫiġ sé a ndorċadas, agus foileoċṫar a ainm lé dorċaċt.

5 Tuilleaṁ fós ní ḟaca sé an ġrían, agus ní raiḃ éolus aige: is mó an socaṁal atá aigesion ná aige súd oile.

6 Má ṁairionn sé fós, míle blíaḋan fa ḋó, ṫairis sin ní ḟaca sé maiṫ ar biṫ: naċ ttíaġaid uile a náonḃall?

7 ¶ Is ċum a ḃéil ḃíos uile ṡáoṫar an duine, aċt ċeana ní coiscṫear a ainṁían.

8 Oír cred atá ag an duine ġlic ní sa ṁó ná atá ag amadán? cred atá ag an mboċt, do ḟeidir siuḃal as coinne na mbéo?

9 Is féarr raḋarc na súl ná seaċrán na toile: is díoṁaóineas so mar an gcéadna agus buáiḋreaḋ spioraide.

10 ¶ An ní do ḃí ann do hainmniġeaḋ sin ċeana, agus is fiosaċ gur bé an duine é: agus ní ḟéadann imreasan ris an té is neartṁuire ná é.

11 O atáid mórán do neiṫiḃ ṁéaduiġios díoṁaóineas, cred an maiṫ atá ag an duine ann?

12 Oír cía ḋar fios cred is maiṫ don duine san tsáoġalso, a láeṫiḃ a ḃeaṫa díoṁaóine uile noċ ċaiṫios aṁuil sgáile? óir cía ḟéadas a innisin do ḋuine cred ḃías na ḋíaiġ faói an ngréin?

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan