Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ecclesiastes 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil V. Liáiġeas ar na díoṁáineassa reaṁráiḋte.

1 Coinniṁ do ċos a nuair raċus tú go tiġ Dé, agus go maḋ réiḋe ḃias tú do ċluinsion, ná do ṫaḃairt íoḋbarṫa na namadán uáit: óir ní ṁeasuid síad go ndéanuid olc.

2 Ná bí obann le do ḃéal, agus ná bíoḋ do ċroiḋe lúaṫ do laḃairt éinneiṫe a laṫair Dé: óir atá Día air neaṁ, agus atá tusa air talaṁ: uimesin go má tearc do ḃríaṫra.

3 Oír ṫig aisling tre iomad na ngnoṫuiġeaḋ; agus aiṫeantar guṫ a namadáin lé hiomad na mbríaṫra.

4 A nuáir do ḃéarus tú móid do Ḋía, ná cuir cáirde air a díol; óir ní ḃfuil dúil aige annsna hamadánuiḃ: íoc an ní do ṁóidiġ tú.

5 Is féarr ḋuit gan móid do ṫaḃairt, ná móid do ṫaḃairt agus gan a coṁall.

6 Ná léig lé do ḃéul a ṫáḃairt ar ṫfeóil peacuġaḋ; agus na habair a laṫair a naingil, gurab earráid é: créd as a mbeiṫ fearg ar Ḋía fa do ġlórsa, agus obair do láṁ do ṁilleaḋ?

7 Oír a niomad na naislingeaḋ agus a niomad na mbríaṫar atá iomad díoṁaoinis: aċt bíoḋ eagla fós Dé ortsa.

8 ¶ Má ċí tú fóirneart air an mboċt, agus cláonaḋ éigiontaċ breiṫeaṁnuis agus ceirt a bproiḃinnse, ná bíoḋ iongnaḋ agad annsa ċúis: óir airiġiḋ an té is airde ná an té is ro áirde: agus atá ann ní is áirde ná íadsan.

9 ¶ Tuilleaṁ oile; is fa ċoinne gaċ aónduine atá tarḃa na tahnhan: do ní an maċaire seirḃís den ríġ féin.

10 An té ġráḋuiġios airgiod ní sástar lé hairgiod é; nó an té ġráḋuiġios iomarcaiġ ré bíseaċ: is díoṁaóineas so mar an gcéadna.

11 A nuáir ḟásas an ṁaóin, fásuiġ an luċt iṫios é: agus cred é an ṁaiṫ don tí ler leis íad, aċt a ḃfeiṫioṁ aṁáin lé na súiliḃ?

12 Is milis codlaḋ an tsáoṫruiġṫe, maḋ beag nó mór íosas sé: aċt ní léigionn a niomadaṁlaċt don tsaiḋḃir codlaḋ.

13 Atá olc roṁór do ċonnairc mé faói an ngréin, saiḋḃris dá ṫaisgiḋ don droing ler leis é ċum a ndoċair féin.

14 Aċt imṫiġe an saiḋḃrios sin seaċad le droċṡáoṫruġaḋ: agus giniḋ seision mac, agus ní ḃíonn éainní iona láiṁ.

15 Mar ṫáinic sé amaċ as broinn a ṁaṫar, fillfiḋ sé tárrnoċd dimṫeaċt mar ṫáinic sé, agus ní ḃéara sé eínni ḋa ṡáoṫar, do ḃéaraḋ sé leis iona láiṁ.

16 Agus is géar an tolcsa mar an gcéadna: air an ṁoḋ céadna a ttáinic sé, go nimṫeoċa sé aṁluiġ: agus cred é an soċar atá ag an té do ṡáoṫruiġ ní don ġaóiṫ?

17 Ar feaḋ a uile láeṫeaḋ iṫiḋ sé a ndorċadas, agus bí sé lán do ḋóbrón agus dfeirg ré na easláinte.

18 ¶ Féuċ an ní sin do ċonnairc misi: is maiṫ agus is breáḋa do ḋuine iṫe agus ól, agus sólásuġaḋ a maíṫ a ṡáoṫair uile noċ ġlacas sé faói an ngréin air feaḋ uile laeṫe a ṡáoġail, noċ do ḃeir Día ḋó: óir isé sin a ċuid ronna.

19 Gaċ uile ḋuine fós dá ttug Día saiḋḃrios agus maóin, agus dá ttug sé cuṁaċta íṫe ḋe, agus a ċoṁroinn do ġlacaḋ, agus sólásuġaḋ ann a ṡáoṫar; sé so tioḋlacaḋ Dé.

20 Oír ní mór ċuiṁneoċus sé láeṫe a ṡáoġail; do ḃríġ gur ḟreagair Día é a sólás a ċroiḋe.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan