Ecclesiastes 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IV. Méaduiġiḋ an míoṫaitneaṁ, leaṫtrom 4 tnú, 5 leisge, 7 Faint, 9 aónranaċt, 13 agus crosdaċt na ndaóine. 1 Marsin dfill mé, agus do ṁeas mé a nuile leaṫtrom do níṫear fá ngréin: agus féuċ déora na druinge do ḃí fa leaṫtrom, agus ní raiḃ caḃárṫaċ aca; agus air ṫáoḃ na muinntire do rinne léaṫtrom orra do ḃí neart; aċd ní raiḃ caḃarṫaċ air biṫ acasan. 2 Uimesin do ṁol mé na mairḃ do ehúaiḋ déag ċeana ní sa ṁó ná an droug atá béo fós. 3 Aċd, is féarr na íad aráon, an té naċ ttáinic fós, naċ ḃfacaiḋ an droiċġníoṁ do niṫear faói an ngréin. 4 ¶ Do ṁeas mé a rís, gaċ uile ṡáoṫar, agus gaċ uile obair ċeart, gurab air a ṡonso ṫnúṫuiġios duine re na ċoṁarsain. Is díoṁaóineas so fós agus buáiḋreaḋ spioraide. 5 ¶ Filliḋ a nóinṁiḋ a láṁa fá ċéile, agus iṫiḋ a ḟeóil féin. 6 Is féarr lán duirn le suáiṁneas, ná an dá láiṁ lán lé sáoṫar agus le buáiḋreaḋ spioraide. 7 ¶ Annsin diompoiġ mé, agus do ċonnairc mé díoṁaóineas fáoi an ngréin. 8 Atá áon aṁain ann, agus ní ḃfuil a leiṫéid eile; ni ḃfuil fós leanaḃ nó dearḃraṫair aige: giḋeaḋ ní ḃí críoċ air a ṡaoṫar eile; agus ní ṡástar a ṡúil ré saiḋḃrios; ní mo a deir sé, Cía ḋá ḃfuilim ag sáoṫruġaḋ, agus dá seaċnuim manam ar ṁaiṫ? Is díoṁaóineas so fós, agus, is droċṡáoṫar é. 9 ¶ Is féarr días nó aon duine; do ḃríġ go ḃfuil luáiġeaċt ṁaiṫ aca ar son a sáoṫair. 10 Oír má ṫuitid síad, toigeoḃuiḋ an fear oile a ċompánaċ: aċt a ṁairg don té ḃíos na áonar a nuáir ṫuitios sé; óir ní ḃí duine oile aige do ċungnaṁ a ṫógṫa súas. 11 A rís, má luiġionn días a ḃfoċair a ċéile, annsin biáiḋ síad te: aċt cionnus ḟéadas duine na aonar a ḃeiṫ té. 12 Agus má ḃuáiḋionn áon na aġáiḋ, seasfuid días leis; an ní furas córda fillte trí huáire do ḃriseaḋ. 13 ¶ Is féarr leanaḃ boċt agus críonna ná ríġ seannda amadánaċ, naċ géaḃa teagasg ní sa ṁó. 14 Oír is as príosún ṫig seision do ríoġaḋ; an té fós beirṫior iona rioġaċt fásuiġ sé boċt. 15 Do ṁeas mé a nuile ní béo noċ ṡiuḃlus fan ngréin, ris an dara leanaḃ ṡeasfas súas iona áit. 16 Ní ḃfuil críoċ air an bpobal uile, do nuile dá raiḃ rompa: an ṁéid fós ṫiucfas na ndiáiġ ní ḋéanaid gáirdeáċus annsan. Go deiṁin fós is díoṁaóinios so agus buáiḋreaḋ spioraide. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society