Ecclesiastes 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III. Naċ bfuil suáiṁneas ar biṫ do ċroiḋe duine ó neiṫiḃ claoċloiḋeaċ. 1 Ata am ag gaċ uile ní, agus aimsir ag gaċ uile ṫionnsgnáṁ faói neaṁ. 2 Aimsior ċum beirṫe, agus aimsir dfaġáil ḃáis; aimsir do ṗlannduġaḋ, agus aimsir ċum an neiṫe do plannduiġeaḋ do ṫarruing súas; 3 Aimsir ċum marḃṫa, agus aimsir ċum leiġis; aimsir do leagaḋ síos, agus aimsir do ċur súas; 4 Aimsir ċum gola, agus aimsir ċum gáire; aimsir ċum dóláis, agus aimsir ċum daṁsa; 5 Aimsir do ṫeilgion cloċ amaċ, agus aimsir do ċruinniuġaḋ cloċ a gceann a ċéile; aimsir ċum gráḋuiġṫe, agus aimsir ċum cosg ó ġráḋuġaḋ; 6 Aimsir le faġáil, agus aimsir le caill; aimsir ċum taisgiḋ, agus aimsir ċum cur a muġa; 7 Aimsir re stíallaḋ, agus aimsir ré fúaiġeal; aimsir re toċd, agus aimsir re laḃairt. 8 Aimsir re gráḋuġaḋ, agus aimsir ré fúaṫuġaḋ; aimsir re cogaḋ, agus aimsir re síoṫċáin. 9 Cred an tarḃa atá ag an té oibriġios annsa ní ṡáoṫruiġios? 10 Do ċonnairc mé an sáoṫar, ṫug Día do ṁacaiḃ na ndaóine dá núṁluġaḋ fein ann. 11 ¶ Do rinne sé gaċ uile ní sgíaṁaċ iona am féin: do ċuir sé an sáoġal fós ann a ccroiḋṫiḃ, iondus naċ ḃfaġann duine ar biṫ amaċ fios na hoibre do ní Día ó ṫús go deireaḋ. 12 ¶ Atá a ḟios agam naċ ḃfuil maiṫ ar biṫ ionnta, aċt go mbíaṫ duine gáirdeaċ, agus go ndéanaḋ sé maiṫ ar feaḋ a ḃeaṫa. 13 Agus fós go niṫeaḋ agus go niḃeaḋ gaċ aonduine, agus go solásuiġeaḋ sé iona uile ṡáoṫar féin, sé sin tioḋlacaḋ Dé. 14 Atá a ḟíos agam, gaċ a ndéanann Día, go mbía sin siorruiḋe: ní féidir éinní do ċur na ċionn, nó éainní do ḃuáin de: agus do ní Día so, ċor go mbíaṫ eagla ag na daoiniḃ roiṁe. 15 An ní do ḃí atá sé ann anois; agus an ní ḃías do ḃí sé ann ċeana; agus íarruiḋ Día an ní do ċuáiḋ ṫort. 16 ¶ Agus tuilleaṁ oile do ċonnaire mé fan ngréin áit an breiṫeaṁnuis, go raiḃ urċóid annsin; agus a náit an ċeirt, go raiḃ éaigceart ann. 17 Agus a duḃairt mé ann mo ċroiḋe, Breiṫneoċuiḋ Día an fíréan agus an droċḋuine: óir atá am ann ċum gaċ uile oibre agus ċum gaċ uile ṫionscanta. 18 ¶ A duḃairt mé ann mo ċroiḋe a ttáoḃ staide ṁac na ndaóine, ċo go ḃfoillseoċaḋ Día íad, agus go ḃfaictidis féin naċ ḃfuil ionnta aċt ainṁiġṫe. 19 Oír an ní ṫeagṁas do ṁacaiḃ na ndaoine teagṁaiḋ do na hainṁiġṫiḃ; aoinní aṁáin ṫeagṁas dóiḃ: óir mar ṫéid cuid aca déag, is marsin éagas an ċuid oile; fós, is áonanál aṁáin atá aca; marsin naċ ḃfuil uáisle ag an nduine ṫar a nainṁiḋe: óir is díoṁaóineas iad ré ċéile. 20 Raċaid uile a naonḃall aṁáin; don luáiṫreaḋ íad uile, agus iompóċuid uile ċum luáiṫriġ a rís. 21 ¶ Cía agá ḃfuil a ḟios go ttéid spiorad an duine súas, agus go ttéid spiorad an nainṁiḋe síos ċum na talṁan? 22 ¶ Uimesin measuim naċ ḃfuil ní is féarr, ná sólás do ḃeiṫ ar ḋuine iona oibreaċaiḃ féin; óir isé sin a ċuid de: óir cía ḃéaras é dféaċuin cred ḃías na ḋiáiġ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society