Ecclesiastes 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil II. Mioṫaitneaṁ na saiṁe, 4 na náitreaḃ sciaṁaċ, 8 agus an tsaiḋḃris, &c. 1 A Duḃairt mé ann mo ċroiḋe, Faicim anois, deirḃeoċuiḋ mé ṫú le suḃaċus, uimesin bíoḋ aóiḃneas agad: agus, féuċ, is díoṁaóineas so mar an ccéadna. 2 A duḃairt mé a ttáoḃ an ġáire, Atá sé ar buile: agus fan tsúgraḋ, Cred dá ḃfoġnann sé? 3 Díarr mé ann mo ċroiḋe mé féin do ṫaḃairt dfíon, (aċd ag cur dúil mo ċroiḋe ar eagna); agus greim do ġlacaḋ don leiṁe, nó go ḃfaicinn cred buḋ maiṫ do ṁacaiḃ na ndáoine, do ḋéanaidís faói neaṁ ar feaḋ uile láeṫe a mbeaṫa. 4 Do rinne mé ḋaṁ féin oibreaċa móra; do ċuir mé tiġṫe súas daṁ; do ṗlannduiġ mé luḃġoirt ḟíneaṁna ḋaṁ féin: 5 Do rinne mé gáirdíne agus uḃallġuirt daṁ féin, agus do ṗlannduiġ mé croinn ionnta do nuile ṡórt toruiḋ: 6 Do rinne mé loċáin uisge ḋaṁ, do ḟliuċaḋ na fioḋḃuiḋe léo as a ttigeaḋ croinn: 7 Fuáir mé seirḃísiġ agus cailíniġe ḋaṁ, agus rugaḋ seirḃísiġ ann mo ṫiġ; do ḃádar fós sealḃa móra dáirnéis ṁóir agus ḃig agam ós cionn a nuile ḋuine dá raiḃ ann Ierusalem roṁam: 8 Do ċruinniġ mé ḋaṁ féin airgiod agus ór, agus ionnṁus spesialta na ríoġ agus na bproiḃinnseaḋ: fuáir mé ḋaṁ féin fir ċeóil agus mná ceóil, agus áoiḃneas ṁac na ndaóine, mar atáid aḋḃa ċiúil, agus sin do nuile ṡórt. 9 Marsin do ḃí mé mór, agus dfás mé ní is mó ná a nuile ḋuine do ḃí roṁam ann Ierusalem: dfan fós mo ġliocus agam. 10 Agus giḋ bé ní do ṡantuiġeadar mo ṡúile, níor ċonnaiṁ mé úaṫa é, níor ċonnuiṁ mé mo ċroiḋe ó ṡólás ar biṫ; óir do ġairdiġ mo ċroiḋe ann muile ṡáoṫar: agus do bé so mo ċuid dom ṡáoṫar uile. 11 Annsin dféuċ mé air a nuile obair dá ndéarnadar mo láṁa, agus air an tsáoṫar do oibriġ mé do ḋéanaṁ: agus, féuċ, do ḃí sé uile na ḋíoṁaóineas agus na ḃuáiḋreaḋ spioraide, agus ní raiḃ tarḃa faói an ngréin ann. 12 ¶ Agus diompoiġ mé mé féin do ṁeas gliocuis, agus buile, agus leiṁe: óir cred ḟéadas an duine do ḋéanaṁ ṫig a ndiáiġ an ríġ? an ni ċéadna do roinneaḋ roiṁe. 13 Annsin do ċonnairc mé go sáruiġionn gliocus an leiṁe, mar ṡáruiġios solus an dorċadus. 14 Bíd súile an duine ġlic iona ċionn; aċt siuḃluiġ an tamadán san dorċadus: agus maille ris sin do ṫuig misi gur ḃionann críoċ ḋeiġionaċ ḋóiḃ uile. 15 Annsin a duḃairt mé ann mo ċroiḋe, Mar ṫeagṁas don namadán, is mairsin féin ṫeagṁas daṁsa; agus uimesin cread as a raiḃ mé ní sa glioca? Annsin a duḃairt mé ann mo ċroiḋe, gur dioṁaoineas so mar an gcéadna, 16 Oir ní ḃí cuiṁne ar biṫ ar an duine nglic ni sa ṁó na ar a namadán go síorruiḋe; ó ḃíos an ní atá anois ann ar na ḋearmad annsna láeṫiḃ atá ag teaċt. Agus cionnus éugus an glic? mar a namadán. 17 Uimesin dfúaṫuiġ mé an beaṫa; do ḃríġ an tsáoṫair oibriġṫior faói an ngréin gur doiliġ ḋaṁsa é: óir is dioṁaoineas a nuile ní agus buáiḋreaḋ spioraide. 18 ¶ Fós, dfúaṫaiġ mé muile ṡaoṫar noċ fuáir mé faói an ngréin: do ḃríġ go ḃfúigfinn é ag an té do ṫiucfaġ am ḋiáiġ. 19 Agus cía ḋar fiós an mbía sé na ḋuine ċríonna ná na amadán? aċt ċeana biáiḋ úaċtaránaċt aige ós cionn mo ṡáoṫairsi uile ionar sáoṫruiġ mé, agus ionar ḟoillsiġ mé mé féin glic faói an nġréin. Is díoṁaóineas so mar an ccéadna 20 Ar a naḋḃarsin do ċuir mé roṁam mo ċroiḋe do ṫarruing tar ais ó nuile ṡáoṫar fuair mé faói an ngréin. 21 Oír bí duine ann agá mbí a ṡáoṫar a ccríonnaċt, agus a néolus, agus a ccoṁṫrom; giḋeaḋ is ag an duine nar ṡáoṫruiġ annsin ḟúigfios sé é na ċuid ronna. Is díoṁaóineas so fós agus olc mór. 22 Oír cred atá ag duine ḋa uile ṡáoṫar, agus dá ḃuáiḋreaḋ croiḋe, iona ḃfuáir sé sáoṫar fan ngrein? 23 Oír is doilġiosa a láeṫe uile, agus is dóḃrón a ṡaoṫar; ní ġlacann fós, a ċroiḋe suáiṁneas san noiḋċe. Is díoṁaóineas so mar an ccéadna. 24 ¶ Ni ḃfuil ní ann is féarr do ḋuine, ná iṫe agus ól, agus áoiḃneas do ṫaḃairt da anum ann a ṡáoṫar. Do ċonnairc mé so aṁluiḋ, gur ab ó láiṁ Dé ṫig sé. 25 Oír cía ḟéadas iṫe, nó cía eile ḟéadas deiṫfriúġaḋ ċuige, nísa mó ná misi? 26 Oír do ḃeir Día don duine an ní is maiṫ iona raḋarc eagna, agus éolus, agus sólás: aċt don ṗeacaċ do ḃeir sé sáoṫar, do ċruinniuġaḋ agus do ċur ar muin a ċéile, ċor go ttiuḃraḋ don té is maiṫ a ḃfiaḋnuise Dé. Is díoṁaóineas so fós agus buáiḋreaḋ spioraide. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society