Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ecclesiastes 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XII. Foillsiuġaḋ fioġarḋa ar an aóis arsaiḋ, 3 agus ar an ard‐ċúis.

1 Cuiṁniġ a nois do Ċruṫaiġṫeóir a láeṫiḃ hóige, suil ṫiocfuid na droċláeṫe, nó ḋruidfid na blíaḋna ríot, a naibeora tú, Ni ḃfuil sólás air biṫ agam iontaḋ;

2 An fad naċ bía an ġrían, nó an solus, nó an ġealaċ, nó na réulta, dorċaiḋṫe, nó naċ ḃfillid na néulla tar éis fearṫanna:

3 Ann sa ló a ccrioṫnoċuid coiṁéaduiġṫe an tiġe, agus a ccláonfuid na daóine láidre íad féin, agus a scuirfid na meillteóiriġ do ḃríġ go ḃfuilid tearc, agus an drong ḟéuċas amaċ annsna fuinnéogaiḃ go mbíd dorċaiḋṫe,

4 Agus go ndruidfiġṫear na doirsi annsna sráidiḃ, a nuáir ḃios fuáim na meilte ísiol, agus go néireoċa sé súas lé guṫ a néin, agus go ttiuḃarṫar uile inġeana an ċeóil go hísiol;

5 A nuáir fós ḃías eagla orra ó ní árd, agus ó ċriṫeagal annsa tsliġe, agus ḃláiṫeoċus an crann almonda, agus go maḋ húalaċ an dréollán teasḃuiḋ, agus ḟailleoċus an fonn: do ḃríġ go ttéid an duine go háit a ṡáoġail, agus go ttéid na cuṁṫuiġ timċioll na sráideann:

6 No suil sgaóilfiḋṫear an córda airgid, nó brisfiġṫior an bulla órḋa, nó ḃías an meadar briste ag an ttobar, nó an roiṫ briste ag an ttiubruid.

7 Annsin fillfiḋ an luáiṫreaḋ ċum na críaḋ már do ḃí sé: agus fillfiḋ an spiorad ċum Dé noċ ṫug úaḋ é.

8 ¶ Díoṁaóineas na ndíoṁaóineas, ar an seanmóntuiġ; is díoṁaóineas a nuile.

9 Agus tuilleaṁ fós, do ḃríġ go raiḃ an seanmóntuiġ glic, do ṁúin sé éolus do ġnáṫ don ṗobal; ṫug sé fós aire ṁaiṫ, agus do spíon sé amaċ, agus do ċuir móran seanḟocal a nórduġaḋ.

10 Do ṫairg an seanmóntuiġe briaṫra toġṫa dfaġáil amaċ: agus an ní do scríoḃaḋ do ḃí sé díreaċ, bríaṫra na fírinne.

11 Atáid bríaṫra a neagnuiḋ aṁuil cleaṫa, agus aṁuil tairngiḋ ar na ndaingniuġaḋ ré maiġistriḃ na noireaċtas, noċ do ḃeirṫior ó áon tréaduiġe aṁáin.

12 Agus tuillioṁ, a ṁic, maille riu so, gaḃ múnaḋ: ní ḃí críoċ air iomad leaḃar do ḋéanaṁ; agus is cuirṫe do nfeóil iomad an stuidéir.

13 ¶ Cluinmíd críoċ na cúise uile: Eagluiġ Día, agus coiṁéad a aiṫeanta: óir sé so iomlán an duine.

14 Oír do ḃéaruiḋ Día gaċ uile obair ċum breiṫeaṁnuis, maille re gaċ uile ní secréideaċ, mas maiṫ, ná mas olc é.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan