Ecclesiastes 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XI. Daónaċt do ċuiṁniuġaḋ, 7 le bás agus breiṫeaṁnas, a nam na hóige. 1 Teilg harán air na huisgeaḋuiḃ: óir do ġeaḃa tú é tar éis móráin do láeṫiḃ. 2 Taḃair cuid ronna do ṁóirṡeisior, agus mar an cceadna dóċtar; óir níor ḟeadair tú cred an tolc ḃías air an ttalaṁ. 3 Má ḃíd na néulla lán dfearṫuinn, folṁuiġid íad féin air an ttalaṁ: agus ma ṫuitionn an crann buḋ ḋeas nó buḋ ṫuáiḋ, annsa náit a ttuitfiḋ ann crann, is ann ḃías sé. 4 An té ġéillios don ġaóiṫ ní ṡíolċuirfiḋ sé; agus an té ḃéaras aire do na néulluiḃ, ní ḃainfe sé. 5 Mar naċ ḃfeadair tú créd é sliġe na spioraide, nó cionnus ḟásuid na cnáṁa a mbroinn na mná ḃíos torraċ: marsin naċ ḃfeadair tú oibreaċa Dé noċ do ní a nuile ní. 6 Cuir do ṡíol ar maidin, agus ná fill do láṁ tráṫnóna: óir níor ḟeadair tú cia ḃéaras biseaċ, so ná súd, nó an mbéid aráon coṁmaiṫ ré ċéile. 7 ¶ Go deiṁin is milis an solus, agus is ní solásaċ do na súiliḃ an ġrían dfeiṫioṁ: 8 Aċt má ṁairionn duine iomad blíaḋan, agus gáirdiuġaḋ ionnta uile; ṫairis sin cuiṁniġeaḋ sé láeṫe an dorċadais; óir buḋ iomadaṁuil íad. Is dioṁaóineas a nuile ní dá ttig. 9 ¶ Gáirdiġ, a ḋuine óig, ann hóige; agus cuireaḋ do ċroiḋe súgaċus ort a láeṫiḃ hóige, agus siuḃail a sliġṫiḃ do ċroiḋe, agus a raḋarc do ṡúl: aċt bíoḋ a ḟios agad, ar son na neiṫionnso uile go ttiuḃraiḋ Día ċum breiṫeaṁnus ṫú. 10 Ar a naḋḃarsin díbir dóbrón as do ċroiḋe, agus cuir úait olc as ṫfeóil: óir is díoṁaoineas leanbuiġeaċt agus óige. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society