Ecclesiastes 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil X. Anaġaiḋ onóir na nscráiste, 18 leisge, 20 agus ḋroċ‐rún attaoḃ an ríġ. 1 Do ḃeirid cuile ṁairḃ air ola an ṗotecari droċḃalaḋ do ċur amaċ: marsin do ní beagan leiṁe an té air a mbi meas gliocuis agus onóra. 2 Bí croiḋe an duine ġlic air a láiṁ ḋeis; aċt bí croiḋe an namadáin air a láiṁ ċlé. 3 A núair fós, ṡiuḃluiġios an té ḃíos ná óinṁid annsa tsliġe, cailliġ a eagna air, agus a deir sé ré gaċ áon gurab amadán é. 4 Ma éirġionn spiorad a núaċtaráin ad aġaiḋ, ná fág háit; óir cíunuiġ úṁla cionta móra. 5 Atá olc do ċonnairc mé faói an ngréin, aṁuil seaċrán ṫig ó núaċtarán: 6 Cuirṫear an leiṁe a nárraċtas ṁór, agus suiġid na saiḋḃre a náit ísil. 7 Do ċonnairc mé seirḃísiġ air eaċaiḃ, agus prionnsaḋa aṁuil seirḃisiġ ag siuḃal air an ttalaṁ. 8 An té ṫoċlas poll tuitfiḋ sé féin ann; agus giḋ bé ḃrisios fál, goirteoċuiḋ naiṫir niṁe é. 9 Giḋ bé áṫruiġios cloċa, goirteoċṫar léo é; agus biáiḋ an té scoiltios eonnaḋ a nguáis leis. 10 Má ḃíonn an tíarann máol, agus naċ géireoċuiḋ sé an faoḃar, caiṫfiḋ sé tuille neirt do ċur leis: aċt is tarḃaċ a neagna ċum tréoruiġṫe. 11 Go deiṁin goirteoċuiḋ a naiṫir niṁe gan droiġeaċt; agus ní féarr an síorċainteaċ. 12 Bid bríaṫra ḃéil an duine ġlic grásaṁuil; aċt sluigfid puisíne a namadáin é féin súas. 13 Is amadánaċt tosaċ ḃríaṫar a ḃéil: agus is buile urċóideaċ críoċ a ċainte. 14 Bí an tamadán fós lán do ḃriaṫruiḃ: ní ḟeidir duine créd ḃías ann; agus cía ḟéadas innsin, créd ḃías na ḋiáiġ? 15 Tuirsiġ sáoṫar na namadan gaċ áon aca fa leiṫ, do ḃríġ naċ éol dó dul don ċaṫruiġ. 16 ¶ A ṁairg ḋuit, a ṫír, a nuáir is leanaḃ do ríġ, agus iṫid do ṗrionnsuiḋe bíaḋ ar maidin! 17 Is sona ṫusa, a ṫír, a nuáir ḃus mac na nuásal do ríġ, agus ioṫuid do ṗrionnsuiḋe iona am féin, ċum neirt, agus ni ċum meisge! 18 ¶ Le hiomad leisge tuitiḋ an foirgneaḋ; agus tre ḋioṁaóineas na láṁ siliḋ an tiġ ṫríd. 19 ¶ Do níṫear féusta ċum sugarṫa, agus do ní an fíon súgaċ: agus freagraiḋ an tairgiod na huile neiṫe. 20 ¶ Ná malluiġ an ríġ, ní heaḋ ná déana ann hinntin; agus ná málluiġ an saiḋḃir ann do ṡeomra leapṫa: óir iomċóruiġ éun a naiéir do ġlór, agus an ní ar a ḃfuilid sciaṫáin inneosuiḋ sé an ċúis. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society