Deuteronomi 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil V. Aṫ‐aiṫris agus miniuġaḋ na ndeiċ aiṫeanta. 25 Eagal an ṗobail fa ġuṫ an TIĠEARNA . 1 Agus do ġoir Maóise Israel uile, agus a duḃairt riú, Eist, ó a Israel, ris na statúide agus na breiṫeaṁnuis noċ laḃruimsi ann ḃur ccluasuiḃ a niuġ, go ḃfoġlumṫáoi íad, agus go ccoiṁéadfáoi, agus go ndeantáoi íad. 2 Do rinne an TIĠEARNA ar Ndía cunnraḋ rinn an Horeb. 3 Ní ḋeárna an TIĠEARNA an cunnraḋso ler naiṫriḃ aṁáin, aċd rinne, eaḋon rinne, noċ atá beó annso a niuġ. 4 Do laḃair an TIĠEARNA riḃ aġuiḋ ar aġuiḋ annsa tslíaḃ amaċ as lár na teineaḋ, 5 (Do ṡeas mísi idir an TIĠEARNA agus siḃsi an tansin, do ṫaisbéanaḋ ḃreiṫre an TIĠEARNA ḋíḃ: óir do ḃí eagla oruiḃ do ḃríġ na teineaḋ, agus ni ḋeaċaḃair súas annsa tslíaḃ;) ḋá ráḋ, 6 ¶ Is misi an TIĠEARNA do Ḋía, noċ ṫug amaċ ṫú as críċ na Hégipte, as tiġ na dáoirsi. 7 Ní ḃía Dia ar biṫ oile agad am láṫairsi. 8 Ní ḋéana tú ḋuit féin íoṁáiġ ar biṫ ġraḃálta, nó cosaṁlaċd neiṫe ar biṫ dá ḃfuil a ḃflaiṫeaṁnus ṡúas, nó ḋá ḃfuil san taluṁ ṡios, nó ḋá ḃfuil ansna huisgeḋiḃ faói an taluṁ: 9 Ní ċláonfa tú ṫú féin sios dóiḃ ní ḋéana tú serḃís dóiḃ: óir misi an TIĠEARNA do Ḋía is Día éudṁar mé, agrus cionnta na naiṫreaḋ ar an gcloinn go nuige an treas agús an ceaṫráṁaḋ glún don ṁéid ḟuáṫuiġios mé, 10 Agus ṫaisbeanas trócaire do ṁiltiḃ don luċd ġráḋuiġios mé agus ċoiṁéadas maiṫeanta. 11 Ní ṫiuḃra tú ainm an TIĠEARNA do Ḋé go dioṁáoin: óir ní ṁeasfuiḋ an TIĠEARNA neiṁċiontaċ an té ḃeir a ainm go díoṁaóin. 12 Coiṁéid lá na Sábbóide ḋá náoṁaḋ, mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ḋía ḋíot. 13 Sé lá oibreoċus tú, agus ḋéanas tú hobair uile: 14 Aċd an seaċdṁaḋ lá sé Sábboid an TIĠEARNA do Ḋé é: ní ḋéana tú obair ar bíṫ ann, ṫú féin nó do ṁac, nó hinġean, nó hóglaċ, nó do ḃanóglaċ, do ḋaṁ, nó hassál, nó áon dod áirnéis, nó an coiṁiḋeaċ at á táoiḃ a stiġ dod ḋoirsiḃ; go maḋ féidir léd óglaċ agus led ḃanógláoiċ suaiṁneas do ġlacaḋ mar ṫú féin. 15 Agus cuiṁniġ go raiḃ tú féin ad ṡeirḃiseaċ a ccríċ na Hégipte, agus go ttug an TIĠEARNA do Ḋía amaċ as sin ṫú lé láiṁ láidir agus lé riġe ṡínte amaċ: uime sin do aiṫin an TIĠEARNA do Ḋía ḋíot an tsábbóid do ċoiṁéud. 16 ¶ Taḃair onóir dod aṫair agus dod ṁaṫair, mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ḋía ḋíot; ċor go ḃfaideoċṫáoi do laéṫe, agus go raċaḋ go maiṫ ḋuit, annsa dúṫaiġ noċ do ḃeir an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit. 17 Ní ḋéana tú dúnṁarḃaḋ. 18 Ní ḋéana tú aḋaltrannus. 19 Ní ḋéana tú goid. 20 Ní ḋéana tú fiaḋnuise bréige a naġaiḋ do ċoṁarsann. 21 Ní ṡainteoċa tú bean do ċoṁarsann, ní mó ṡainteoċus tú tiġ do ċoṁarsann, a ḟéarann, nó a óglaċ, nó a ḃanóglaċ, a ḋaṁ, nó a assal, nó éinní is lé do ċoṁarsuinn. 22 ¶ Do laḃair an TIĠEARNA na bríaṫrasa re ḃur ccoiṁṫionól uile annsa tslíaḃ amaċ as lár na teineaḋ, an néill, agus an dorċaduis ṫiuġ, ré guṫ mór: agus níor ċuir ní is mó leis. Agus do scrioḃ íad an ndá ċlár ċloiċe, agus ṫug ḋamsa íad. 23 Agus tarla, a nuáir do ċúalaḃairsi an guṫ amaċ as lár an dorċaduis, (óir do las an slíaḃ le teiniḋ,) go ttangaḃair laiṁ riumsa, cinn ḃur ttreaḃ, agus ḃur sinnsir; 24 Agus a duḃraḃair, Féuċ do ṫaisbéin an TIĠEARNA ar Ndía a ġloir ḋúinn agus a ṁórḋaċd, agus do ċúalamar a ġuṫ amaċ as lár na teineaḋ: do ċonncamar a niuġ go laḃrann Día ré duine, agus go mairionn sé. 25 Annois ar a naḋḃarsin cread fá ḃfuiġimisne bás? óir loiscfiḋ an teine ṁórsa sinn: má ċluinmíd guṫ an TIĠEARNA ar Ndía ní is mó, annsin do ġeaḃam bás. 26 Oír cía atá ann do nuile ḟeóil, noċ do ċúaluiḋ guṫ Dé ḃí ag laḃairt amaċ as lár na teineaḋ, mar do ċúalamairne, agus ṁair? 27 Eíriġsi a ḃfogus, agus éist re gaċ ní dá naibeóra an TIĠEARNA ar Ndía: agus laḃairsi rinne a nuile ní déaras an TIĠEARNA ar Ndía riot; agus éistfiumne, agus do ḋéanum é. 28 Agus do ċúaluiḋ an TIĠEARNA foġar ḃur mbríaṫar, a nuáir do laḃraḃair riomsa; agus a duḃairt an TIĠEARNA riom, Do ċúalaiḋ mé fúaim ḃríaṫar na muinntiresi, noċ do laḃradar riotsa: is maiṫ a dúḃradar a nuile ní dár laḃradar. 29 O gan a leiṫéid sin do ċroiḋe ionnta, go mbía meaglasa orra, agus go gcoiṁéadaidís maiṫeanta a ccoṁnuiḋe, ċor go mbiáiḋ sé go maiṫ aca, agus agá ccloinn go bráṫ. 30 Eíriġ abair riú, Eirġiḋe dá ḃur lóistiniḃ a rís. 31 Aċd ar do ṡonsa, seas am ḟoċairsi annso, agus laiḃeóra mé riot na haiṫeanta uile, agus na statúide, agus na breiṫeaṁnuis, noċ do ṫeagóscus tú ḋóiḃ, ċor gó ndéanuid iad, annsa dúṫaiġ do ḃéara misi ḋóiḃ re na sealḃuġaḋ. 32 Do ḃéarṫáoi dá ḃur naire ar a naḋḃarsin go ndeárntáoi mar do aiṫin an TIĠEARNA ḃur Ndía ḋíḃ: ní ċasfuiḋe a leaṫṫáoiḃ ar ḃur láiṁ ḋeis nó ċlé. 33 Siuḃólfáoi annsna huile ṡliġṫiḃ dar aiṫin an TIĠEARNA ḃur Ndía ḋíḃ, ċor go mairfiḋe, agus go mbeiṫear go maiṫ aguiḃ, agus go ḃfáídeoċṫáoi ḃur laéṫe annsa dúṫaiġ noċ ṡealḃoċṫáoi. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society