Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Deuteronomi 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IV. Brosduġaḋ ċum uṁluċd. 14 Na trí ċaṫreaċa dídne ar ṫaoḃ ṫall Iordain.

1 Annois ar a naḋḃarsin éistiġ, ó a Israel, ris ná reaċduiḃ agus ris na breiṫeaṁnusuiḃ, noċ do ṁúin mé ḋáoiḃ, ċum a ndeanta, ċor go mainfiḋe, agus go raċṫáoi a sdeaċ agus go sealḃuiġṫáoi an dúṫaiġ do ḃeir an TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ ḋáoiḃ.

2 Ní ċnirfiḋe a gcionn an nfocail aíṫeanus misi ḋíḃ, ní mó laiġdeoċṫáoi éinní ḋe, ċor go gcoiṁéadfuiḋe aiṫeanta an TIĠEARNA ḃur Ndía noċ aiṫniġimsi ḋíḃ.

3 Do ċonncadar ḃur súile féin cred do rinne an TIĠEARNA a ttáoḃ Ḃaalpeor: óir a nuile ḋuine dar lean Baalpeor, do scríos an TIĠEARNA ḃur Ndia as ḃur measc íad.

4 Aċ siḃsi noċ do ġreamuiġ don TIĠEARNA ḃur Ndía atáṫáoi beó gaċ éanduine aguiḃ a niuġ.

5 Féuċaiḋ, do ṁúin mé ḋáoiḃ reaċda agus breiṫeaṁnuis, do réir mar do aíṫin an TIĠEARNA mo Ḋía ḋíom, ionnus go ndéuntáoisi sin annsa tír a ḃfuiltí ag dul dá sealḃuġaḋ.

6 Coiṁéuduiġ uime sin agus déanuiḋ íad; óir is í so ḃur críonnaċd agus ḃur ttuígsin a raḋarc na gcineaḋáċ, noċ ċluinfeas na statúidesi uile, agus a déara, Go deiṁin is dáoine críonna agus tuigseaċa an cineaḋ mórsa.

7 Oír cía he an cineaḋ atá combmór sin, a ḃfuil Día coṁḟogus sin dóiḃ, martá an TIĠEARNA ar Ndíane annsna huile neiṫiḃ a ngoirmid air?

8 Agus cía an cineaḋ coṁmór sin, agá ḃfuilid reaċda agus breiṫeaṁnuis coiṁċeart ris an dliġeaḋso uile, noċ órduiġimsi ḋáoiḃ a niuġ?

9 Aṁáin taḃair aire ḋuit féin, agus coiṁéud ṫanam go dúṫraċdaċ, deagla go ndearmadfá na neiṫe do ċonnairc do ṡúile, agus deagla go scairfaidís ré do ċroiḋe uile laéṫeaḋ do ḃeaṫá: aċd múin dod ṁacuiḃ íad, agus do ṁacuiḃ do ṁac;

10 Go háiriġ an lá do ṡeas tú a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA do Ḋía ann Hóreb, a nuáir a duḃairt an TIĠEARNA riumsa, Cruinniġ ċugam na dáoine a ḃfoċair a ċéile, agus do ḃéara mé orra mo bríaṫra do ċloisdin, ċor go ḃfoġlamid eagla do ḃeiṫ aca roṁam ar feaḋ laéṫeaḋ a saoġail ar an ttalaṁ, agus ċor go múínfid a clann.

11 Agus tangaḃairsi a ḃfogus agus do ṡeasaḃair fáoi an tslíaḃ; agus do las an slíaḃ lé teinid go nuige meaḋon niṁe, le dorċadas, le néuluiḃ, agus lé dorċadus tiuġ.

12 Agus do laḃair an TIĠEARNA riḃ as lár na tineaḋ: do ċúalaḃair fuáim na mbríaṫar, aċd ní ḟacaḃair saṁluġaḋ ar biṫ; aċd aṁáin go ccúalaḃair guṫ.

13 Agus do ḟoillsiḋ sé ḋáoiḃ a ċunnraḋ, noċ do aiṫin sé ḋíḃ do ċoiṁlionaḋ eaḋon deiṫ naiṫeanta; agus do scríoḃ sé íad a ndá ċlár ċloiċe.

14 Agus do aiṫin an TIĠEARNA ḋíoṁsa a nuáirsin reaċda do ṁúnáḋ ḋáoiḃ agus breiṫeaṁnuis, ċor go ndéantáoi íad annsa dúṫaiḋ a raċṫáoi a nunn ḋá ṡealḃuġaḋ.

15 ¶ Tugaiḋsi ar a naḋḃarsin aire ṁaiṫ ḋáoiḃ féin; óir ní ḟacaḃair gné ar biṫ ṡaṁluiġṫe an lá do laḃair an TIĠEARNA riḃ an Hóreb amaċ as lár na teineaḋ:

16 Deagla go ttruaillfiḋṫiġ siḃ féin, agus go ndéanaiḋ siḃ íoṁáiġ ġraḃálta, cosaṁlaċd ḟiḋreaċ ar biṫ, cósaṁlaċd fir nó mná,

17 Cosaṁlaċd éainḃeaṫaiġ dá ḃfuil ar an ttalaṁ, cosaṁlaċd éoin air biṫ sciaṫanuiġ noċ eitíollus san naieir,

18 Cosaṁlaċd éainneiṫe dá ngluaisionn ar an dtaluṁ, cosaṁlaċd éisc ar biṫ dá ḃfuil ann sna huisgeḋiḃ fáoi an dtalaṁ:

19 Agus deagla go ttóigfeá do ṡúile súas ċum niṁe, a nuáir do ċífeá an ġrían, agus an ġealaċ, agus na réulta, sluáġ níṁe uile, go ttáireongṫáoi ṫú ċum a naḋarṫa, agus do ḋéanaṁ serḃíse ḋóiḃ, noċ do roinn an TIĠEARNA do Ḋía ris a nuile ċineaḋ fáoi neaṁ uile.

20 Aċ do ġlac an TIĠEARNA siḃsi, agus ṫug amaċ siḃ as an ḃfuirnéis íaruinn, amaċ as an Négipt, go mbeiṫ siḃ mar ṗobal oiġreaċda aige féin, mar atáṫáoi a niuġ.

21 Os a ċionn sin do ḃí an TIĠEARNA feargaċ riumsa ar ḃur sonsa, agus do ṁionnaiġ sé naċ raċfuinn anonn tar Iordan, agus naċ raċfuinn a steaċ don dúṫaiġ ṁaiṫsin, noċ do ḃeir an TIĠEARNA do Ḋía ḋuitsi mar oiġreaċd:

22 Aċ caiṫfiḋ misi bás dfaġáil annsa tirsa, caiṫfiḋ me gan dul anonn tar Iordan: aċ raċṫáoisi anonn, agus sealḃoċuiḋe an fear ann maiṫsin.

23 Tugaiḋ ḃur naire ḋíḃ féin, deagla go ndearmadaḋ siḃ cunnraḋ an TIĠEARNA ḃur Ndía, noċ do rinne sé riḃ, agus go ndéanaḋ siḃ ḋíḃ féin íoṁáiġe ġraḃálta, nó cosaṁlaċd éainneiṫe dár ṫoirmisc an TIĠEARNA ḃur Ndía oruiḃ.

24 Oír is teiniḋ ḋíoġḃálaċ an TIĠEARNA ḃur Ndía, Día éadṁar.

25 ¶ A nuáir ġeinfeas tú clann, agus clann ċloinne, agus ḟanfuiḋe a ḃfad annsa dúṫaiġ, agus ṫruaillfiġiḋ siḃ féin, agus do ḋeantáoi íoṁáiġ ġraḃálta ḋíḃ féin, no cosaṁlaċd neiṫe ar biṫ, agus do ḋéantáoi olc a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA ḃur Ndía, dá ḃrostuġaḋ ċum feirge:

26 Goirimsi neaṁ agus taluṁ dfiaġnuisi ḃur naġuiḋ a niuġ, go sgriosfuíġear siḃ go haiṫġearr ṫríd amaċ as an ndúṫaiġ ann a ḃfuilti ag dul anonn tar Iordan ḋá ṡealḃuġaḋ; ní ḟaideoċṫéoi ḃur laéṫe uirre, aċd sgriosfuiġear siḃ go huiliḋe.

27 Agus spréiġfiḋ an TIĠEARNA siḃ a measc na gcineaḋaċ, agus fúigfiġear siḃ beag a nuiḃir a measc na ngeinteaḋ mar a mbéaruiḋ an TIĠEARNA siḃ.

28 Agus annsin do ḋéantáoi serḃís do ḋéeiḃ, oibreaċa láṁ dáoine, do ċrann agus ċloiċ, naċ ḃfaiceann fós, agus naċ ccluineann, naċ iṫeann, agus naċ ḃoltanuiġeann.

29 Aċd má ġuiḋeann tú an TIĠEARNA do Ḋía as sin, do ġeaḃa tú é, má íarrann tú od uile ċroiḋe agus od uile anam é.

30 A nuáir ḃías tú a mḃuaiḋreaḋ, agus ṫiocfas na neiṫesi uile ort, eaḋon annsna laéṫiḃ deiġeanaċa, má ḟiliéann tú ċum an TIĠEARNA do Ḋía, agus go mbía tú uṁal dá ġuṫ;

31 (Oír an TIĠEARNA do Ḋía as Día grásaṁuil é); ní ṫréigfe sé ṫú, agus ní scriosfa sé ṫú, agus ní mó ḋearmadfaiḋ sé cunnraḋ haiṫreaḋ noċ do ṁionnuiġ sé ḋóiḃ.

32 ¶ Oír fíafruiġe á noís ó na laéṫiḃ do ċuáiḋ ṫort, noċ do ḃí roṁad, ón ló fár ċruṫaiġ Día an duine ar an ttaluṁ, agus fíafruiġ ón ttáoḃ go ċéile do ḟlaiṫeaṁnus, an raiḃ leiṫéid an neiṫe ṁóirsí, nó ar ċlos a leiṫéid?

33 An ccúaladar dáoine riaṁ guṫ Dé ag laḃairt amaċ as lár na teineaḋ, mar do ċúala tusa, agus é ṁarṫuinn?

34 Nó ar ġaḃ Día a láiṁ imṫeaċd agus cíneaḋ do ġlacaḋ ċuige as lar ciniḋ eile, lé caṫuiġiḃ, lé coṁarṫuiḃ, agus lé hiongantuiḃ, agus lé cogaḋ, agus le láiṁ laidir, lé láiṁ ṡínté amaċ, agus lé húaṫḃásuiḃ móra, do réir a nuile neiṫe dá ndeárna an TIĠEARNA ḃur Ndía riḃsi san Négipt as coinne ḃur súl?

35 Ḋáoiḃsi do ṫaisbeanaḋ é, ċor go mbía a ḟios aguiḃ gur bé an TIĠEARNA is Día ann; agus naċ ḃfuil Díu ann aċ é.

36 As flaiṫeaṁnus ṫug sé ort a ġuṫ do ċluinsin, ċor go tteigeoscaḋ sé ṫú: agus ar an ttaluṁ do ṫaisbéin sé a ṫeiniḋ ṁór ḋuit; agus do ċualaiḋ tú a ḃríaṫra amaċ as lár na teineaḋ.

37 Agus do ḃríġ gur ġráḋuiġ sé haiṫre, uime sin do ṫoġ sé a síol na ndiáiġ, agus ṫug se ṫusa amaċ a laṫair lé na ċuṁaċduiḃ neartṁara as an Négipt;

38 Do ḋíbirt cineaḋaċ roṁad amaċ fá ṁó agus fá láidre ná ṫú féin, dod ṫaḃairtsi a steaċ, ċum a ḃfearannsan dá ṫaḃairt ḋuit mar oiġreaċd, mar atá sé a niuġ.

39 Bíoḋ a ḟios agad a niuġ ar a naḋḃarsin, agus meas é ann do ċroiḋe, gur bé an TIĠEARNA as Día a ḃflaiṫeaṁnus ṡúas, agus ar an ttaluṁ ṡíos: ní ḃfuil éan oile ann.

40 Coiṁéadfa tú ar a naḋḃarsin a státuide, agus a aiṫeanta, noċ aiṫniġimsi ḋíot a niuġ, ċor go raċaiḋ sé go maiṫ ḋuit, agus dod ċloinn ad ḋiáiġ, agus go ḃfaduiġe tú do laéṫe ar an ttalaṁ, noċ do ḃeir an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit, go bráṫ.

41 ¶ Annsin do órduiġ Maóise trí caiṫreaċa ar an dtáoḃsi do Iordan leaṫ ré héirġe gréine;

42 Lé ḃféadfaḋ an marḃṫaċ teiṫeaṁ ionta, noċ do ṁuirfeaḋ a ċoṁarsa gan ḟios dó féin, agus naċ raiḃ fúaṫ aige air annsa naimsir do ċuáiḋ ṫort; agus ar tteiṫeaṁ go caṫruiġ ḋíoḃ go ḃféadaḋ marṫuinn:

43 Eaḋon, Béser annsa ḃfásaċ, a ttír réiġ, na Reubeniteaċ; agus Rámot ann Gílead, na Ngadíteaċ; agus Golan ann Basán na Mannassíteaċ.

44 ¶ Agus sé so an dliġeaḋ do ċuir Maóise síos do ċloinn Israel:

45 Siadso na fiaḋnuiseaḋ, agus na reaċda, agus na breiṫeaṁnuis, noċ do laḃair Maóise ré cloinn Israel tar éis teaċd amaċ as an Négipt,

46 Don táoiḃsi do Iordan, annsa ġleann as coinne Ḃet‐peor, a ttir Ṡihon ríġ na Namoriteaċ, noċ do áitriḃ an Hesbon, noċ do ḃuáil Maóise agus clann Israel, tar éis teaċd amaċ as an Négipt:

47 Agus do ṡealḃuiġeadar a ḋúṫaiġ, agus dúṫaiġ Og ríġ Basan, ḋá ríġ na Namoriteaċ, noċ do ḃí ar an ttáoibsi do Iordan leaṫ re héirġe na gréine;

48 O Aroer, noċ atá láiṁ re brúaċ na haḃann Arnon, go nuige slíaḃ Síon ré ráiḋṫear Hermon,

49 Agus an réiteaċ uile don táoiḃsi do Iordan leaṫ ṡoir, eaḋon go nuige an ḃfairge don réiteaċ, fáoi ṫoibreaċuiḃ Pisgah.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan