Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Deuteronomi 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil III. An cor ar ḃuaḋuiġ Israel ar Og rí Ḃásan. 12 Crannċar ṡlioċd Reuben agus Gad. 23 Ní bfuair Maoise dul a steaċ a ttír Ċanaain.

1 Ann sin do iontoiġeamar, agus do ċuáḋ suas air an tslíġe go Basan: agus ṫáinic Og riġ Ḃásan amaċ ár naġuiḋ, é féin agus a ḋáoine uile, ċum caṫa ag Edrei.

2 Agus a duḃairt an TIĠEARNA riomsa, Ná bíoḋ eagla ort roiṁe: óir do ḃéara misi é féin, agus a ḋáoine uile, agus a ḋúṫaiġ, ad láiṁ; agus do ḋéana tú ris mar do rinne tú ré Sihon riġ na Namoríteaċ, noċ do áitriḃ an Hesbon.

3 Mar sin ṫug an TIĠEARNA ar Ndía ann ar láṁuiḃ mar an gcéadna Og, ríġ Ḃásan, agus a ḋáoine úile: agus do ḃuáileamar é go nár fágḃaḋ áonduine béo aige.

4 Agus do ġaḃamar a ċaiṫreaċa nile an tansin, ní raiḃ caṫair aca naċ ar ḃaineamar ḋíoḃ, trí fiċṫid caṫair tír Argob uile, rioġaċd Og a Mbasan.

5 Do ċuṁdniġeaḋ na caiṫreaċa uile le balluiġiḃ arda, lé geatuiḋiḃ, agus lé barruiḋiḃ; taoḃ amuiġ do ṁórán mór do ḃailtiḃ gan ḃalla.

6 Agus do scriosamar ṫríd amaċ uile íad, mar do rinneamar re Sihon ríġ Hesbon, ag scrios go hiómlán na ḃfear, na mban, agus na leanaṁ, an gaċ aonċaṫair.

7 Aċd do ġlacamar mar ċreiċ ḋuinn féin, a náirnéis uile, agus éadáil na gcaiṫreaċ.

8 Agus do ḃaineamar a nuáir sin amaċ as láiṁ ḋá ríġ na Namoríteaċ an dúṫaiġ do ḃí don táoiḃsi do Iordan, ó aḃuinn Arnon go slíaḃ Hermon;

9 An Hermonsin as de ġoirid na Sidonianuiġ Sirion; agus goirid na Hamorítiġ Senir ḋe;

10 Caiṫreaċa an réitiġ uile, agus Gileád uile, agus Básan uile, go Salċah agus Edrei, caiṫreaċa do rioġaċd Og a Mbásan.

11 Oír do bé Og riġ Básan aṁáin do ṁair dtuiġioll na naiṫeaċ; féuċ, do ḃí a leaba na leaba híarann; naċ ḃfuil sí a Rabbat ċloinne Ammon? náoi ccuḃaid do ḃí na fad, agus ceiṫre cuḃaid na leiṫead, do réir ċuḃad fir.

12 ¶ Agus ṫug misi an dúṫaiġsi, noċ do ṡealḃuiġeamar a nuáir sin, ó Aroer, noċ atá láiṁ ris a naḃuinn Arnon, agus leaṫ sléiḃe Gilead, agus a ccaiṫreaċa sin, do na Reubenítiḃ agus do na Gadítiḃ.

13 Agus ṫug mé an ċuid oile do Ġilead, agus Básan uile, eaḋon rioġaċd Og, do leiṫ ṫreiḃe Manasseh; rioġaċd Argob, uile maille re Basan uile, noċ dá ngorṫáoi dúṫaiġ na naiṫeaċ.

14 Do ġlac Iair ṁac Manasseh tír Argob uile go himliḃ Gesúri agus Maaċati; agus do ġoir ḋíoḃ do réir a anma féin, Basan‐Haḃotiair, agus a ninġ.

15 Agus ṫug mé Gilead do Ṁaċir.

16 Agus ṫug mé ó Ġilead go sruṫ Arnon do na Reubenítiḃ agus do na Gadítiḃ, leaṫ an ġleanna, agus an timiol air fad go sruṫ Iabboc, noċ is teóra do ċloinn Ammon;

17 An réiteaċ fós, agus Iordan agus an teóra, ó Ċinnerei go nuige fairge an réitiġ, a nfairge ṡailte, fáoi Asdot‐pisgah táoḃ ṡoir.

18 ¶ Agus do aiṫin misi ḋáoiḃ a nuairsin, ḋá ráḋ, Ṫug an TIĠEARNA ḃur Ndía an fearannsa ḋáoiḃ dá ṡealḃuġaḋ: raċṫáoi ṫairis armṫa a laṫair ḃur ndearḃráiṫreaċ clann Israel, a nuile ḋuine dá ḃfuil iomċuḃaiḃ ċum an ċogaiḋ.

19 Aċ fanfuid ḃur mna, agus ḃur cclann ḃeag, agus ḃur náirnéis, ann ḃur gcaiṫreaċaiḃ, nóċ ṫug misi dáoiḃ, (óir atá a ḟios agum go ḃfuil iomad áirnéisi aguiḃ;)

20 Nó go ttugaiḋ an TIĠEARNA suáiṁneas dá ḃur ndearḃraiṫriḃ, coṁmaiṫ agus dáoiḃsi, agus nó go sealḃuiġid síad mar an gcéadna an fearann ṫug an TIĠEARNA ḃur Ndía ḋóiḃ táoḃ ṫall do Iordan: agus annsin fillfiḋe gaċ éanduine aguiḃ ċum a ṡeilḃe, noċ ṫug misi ḋáoiḃ.

21 Agus do aiṫin misi a nuáirsin do Iosua, ġá ráḋ, Do ċonncadar do ṡúile gaċ ní da ndeárna an TIĠEARNA do Ḋía ris an dá ríġsé: mar sin ḋéunas an TIĠEARNA ré gaċ uile rioġaċd a ngéaḃa tusa.

22 Ní ḃiáiḋ eagla oruiḃ rompa: óir troidfiḋ an TIĠEARNA ḃur Ndía ar ḃur son.

23 ¶ Agus do ġuiḋ misi an TIĠEARNA fá namsin, ġá ráḋ,

24 A TIĠEARNA Día, do ṫosuiġis ar do ṁórḋaċd, agus do láiṁ ċuṁaċduiġ do ṫaisbeanaḋ dod ṡearḃḟoġantuiġ: óir cía an Día ar neaṁ nó ar talaṁ, ḟéudas a ḋéanaṁ do réir hoibreaċsa, agus do réir do neirt?

25 Guiḋim ṫú, léig ḋaṁ dul anonn, dféaċuin a nfearuinn ṁaiṫ atá táoḃ ṫall do Iordan, an slíaḃ maiṫ sin, agus Lebanon.

26 Aċ do ḃí an TIĠEARNA feargaċ riomsa ar ḃur sonsa, agus níor ḃáill leis méisdeaċd: agus a duḃairt an TIĠEARNA riom, Go maḋ lór ḋuit sin; ná laḃair ní is mó rium fá naḋḃarsa.

27 Eiriġ súas go mullaċ an ċnoic, agus tóg súas do ṡúile leaṫ ṡíar, agus leaṫ ṫuáiġ, leaṫ ṡoir, agus leaṫ ṫeas, agus féuċ é léd ṡúiliḃ: óir ni raċa tú tar an Iordanso ánonn.

28 Aċ aiṫin do Iosua, agas cuir meisneaċ ann, agus neartuiġ é: óir raċuiḋ seision anonn roiṁe na dáoiniḃsi, agus do ḃéura sé orra an dúṫaiġ do ṡealḃuġaḋ a noiġreaċd noċ do ċífe tusa.

29 Mar sin do ċoṁnuiġeamar san ngleann ṫall as coimne Ḃeṫ‐peor.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan