Deuteronomi 21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXI. Reaċd ar ṁarḃaḋ ḟoluiġeaċ, 10 Banḃráġaid 15 An ċed‐ġin. 38 An ṁac ċeannlaidir, 22 agus ar an ḟear do ċroċṫar. 1 Ma ġeiḃṫior duine marḃ san tír noċ do ḃeir do ṪIĠEARNA Día ḋuit dá ṡealḃuġaḋ, na luiḋe san ṁaċaire, agus gan fios cía ṁarḃ é: 2 Ann sin tiocfaiḋ do ṡeanóiriġe agus do ḃreiṫeaṁuin, agus toiṁeosuid ċum na ccaiṫreaċ atá tímċioll an tí muirfiġear: 3 Agus is aṁluiḋ ḃías, an ċaṫair ḃus foigse don duine ṁarḃ, glacfaid seanóiriġe na caiṫreaċ sin colpaċ, le nar hoibriġeaḋ, agus nar ṫarruing annsa ċuing; 4 Agus béuruid seanóiriġe na caiṫreaċ sin an ċolpaċ síos go gleann garḃ, naċ ar treaḃaḋ agus naċ ar cuireaḋ, agus gearrfuid ansin a muineal don ċolpuiḋ ansa ngleann: 5 Agus tiucfuid na sagairt mic Léḃi a laṫair; (óir is íad do ṫoġ do ṪIĠEARNA Día do ṁiniostralaċd dó, agus do ḃeannuġaḋ a nainm an TIĠEARNA; agus is lé na mbreiṫir críoċnuiġṫear gaċ uile imreasain agus gaċ uile ḃuille:) 6 Agus niġfid seanóiriġe na caiṫreaċ sin uile, is foicsi don duíne ṁairḃ, a láṁa ós cionn na colpuiġ dar baineaḋ a ceann ansa ngleann: 7 Agus freagoruid agus a déaruid, Ní híad ar láṁainne do ḋóirt an nfuilsi, ní mó do ċonncadar ar súile é. 8 Bí trócaireaċ, a ṪIĠEARNA, dot ṗobal Israel, noċ do ḟúascuil tú, agus ná cuir fuil neiṁċiontaċ a leiṫ do ṗobail Israel. Agus maiṫfiġear an ḟuil dóiḃ. 9 Mar sin ċuirfeas tú uáit coir na fola neiṁċiontuiġ ó ḃeiṫ eadruiḃ, a nuáir do ḋéana tú an ní is ceart a raḋarc an TIĠEARNA. 10 ¶ A nuáir raċus tú amaċ do ċaṫuġaḋ a naġuiḋ do náṁad, agus má ṫug do ṪIĠEARNA Día ad láṁuiḃ íad, agus gur ġaḃ tú íad na mbraiġdiḃ, 11 Agus go ḃfaicionn tú a measc na mbraiġde bean ḋeaġṁaiseaċ, agus a mbía dúil agad innte, go maḋ mían leaċd a beiṫ agad na mnaói; 12 Ann sin do ḃéara tú don ḃaile í dot ṫiġ; agus beárrfa sí a ceann, agus beanfa sí a hingne ḋi; 13 Agus cuirfe sí a culaiḋ ḃráiġdionuis di, agus fanfuiḋ ann do ṫiġsi, agus biáiḋ cuṁaiḋ a haṫar agus a maṫar uirre mí iomlán: agus na ḋiáiġ sin do ḋéana tú bean di, agus buḋ tú a fear, agus buḋ isi do ḃeansa. 14 Agus is aṁla ḃías, muna raiḃ dúil agad innte, annsin do ḃéara tú cead di dul mar ar toil lé féin; aċd ní reacfa tú í ar éanċor ar airgiod, ní ḋéana tú arraḋ ḋi, do ċionn gur uṁluiġ tú í. 15 ¶ Ma ḃíonn días ban ag duine, bean iouṁuin, agus bean neiṁionṁuin, agus go mbéaruid clann dó, an ḃean ġráḋaċ agus an ḃean ḟuaṫṁar; agus go maḋ leis an mnaoi ḟuaṫṁur an ċéaidġin ṁic: 16 Iseaḋ ḃías de sin, a nuáir do ḃéara sé sealḃ dá ṁacuiḃ don ní ḃías aige, naċ ḃféadfa céidġin do ḋéanaṁ do ṁac na mná ionṁuine roiṁe ṁac na mná neiṁionṁuine, noċ as é go deiṁin an ċéidġin: 17 Aċd aidṁeoċuiḋ sé mac na mná náċ ionṁuin leis mar a ċéidġin, maille re roinn ḋúbalta do ṫaḃairt dó dá gaċ uile ní ḃías aige: óir ís eision céadṫús a neirt; is leis ceart na céidġine. 18 ¶ Má ḃíonn mac ceannláidir easurramaċ ag duine, naċ uiṁleoċuiḋ do ġlór a aṫar, no do ġlór a ṁaṫar, naċ uiṁleoċuiḋ ḋóiḃ, a nuáir smaiċdeoċuid é: 19 Ann sin glacfuiḋ a aṫair agus a ṁaṫair é, agus ḃéaruid amaċ é ċum sinsear a ċaiṫreaċ féin, agus go nuige dorus a áite; 20 Agus déaruid re sinnsearuiḃ a ċaiṫreaċ, An macsa aguinne atá sé borb easurrumaċ, ní uṁluiġion sé dar nguṫ; atá sé cráosaċ, misgeaṁuil. 21 Agus cloċfuid lúċd a ċaiṫreaċ uile é lé cloċuiḃ, nó go raiḃ marḃ: mar sin ċuirfeas tú an tolc ar gcúl uáit; agus cluinfiḋ Israel uile sin, agus biáiḋ eagla orra. 22 ¶ Agus má ní éanduine coir ṫuillios bás, agus go mbía ḋa ċur ċum báis, agus go ccroċfa tú ar crann é: 23 Ní ḃiáiḋ a ċorp ar feaḋ na hoiḋċe san ċrann, aċd aḋlocuiḋ tú ar gaċ éanċor an lá sin féin é; óir an té croċtar atá sé malluiġ ó Ḋía; ċor naċ ttruáilleoċṫar ṫfearann, noċ do ḃeir do ṪIĠEARNA Día ḋuit mar oiġreaċd. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society