Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Deuteronomi 18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVIII. Dliġe ná Leḃiteaċ ar Ofráiliḃ, ḋeaċṁaḋ, agus ar ċédṫoraḋ. 15 Biaiḋ críosd an fáiġ ion‐eisdeaḋ ris. 20 Aċ cuirfiḋear ċum báis an fáiḋ falsa.

1 Ni Ḃfuiġid na sagairt Leḃítiġ, agus treaḃ Léḃi uile, roinn nó oiġreaċt a Nisrael: íosuid síad ofrála an TIĠEARNA déanta lé teiniḋ, agus a oiġreaċd.

2 Uime sin ní ḃfuiġid oiġreaċd ar ḃiṫ a measg a ndearḃráiṫreaċ: sé an TIĠEARNA a noiġreaċdsan, mar a duḃairt sé riu.

3 ¶ Agus buḋ é so ceart na sagart ón ṗobal, ón droing ofralus ioḋbairt, ma daṁ nó ma caora; go ttiuḃraid don tsagart an slennéan, agus an dá ġíall, agus an ṁéudal.

4 Céadṫoraḋ harḃair mar an ecéadna, agus ṫfíona, agus hola, agus primidil lomraiḋ do ċáoraċ, do ḃéura tú ḋó.

5 Oír do ṫoġ do ṪIĠEARNA Día eision amaċ as do ṫreaḃuiḃ uile, do ṡeasaṁ do ḋéanaṁ serḃíse a nainm an TIĠEARNA, é féin agus a ṁic go bráṫ.

6 ¶ Agus má ṫig Leḃíteaċ as áon dot ḋoirsiḃ amaċ as Israel uile, mar a ndéarna sé coṁnuiġe, agus má ṫig sé maille re toil a inntinne don náit ṫoiġfeas an TIĠEARNA;

7 Ann sin do ḋéana sé miniostralaċd a nainm a ṪIĠEARNA Dé, mar do níd a ḋearḃráiṫre uile na Leḃitiġ, ṡeasas ann sin a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA.

8 Do ġeaḃuid uirid ré ċéile re iṫe, táoḃ amuiċ don ní ṫig ó ṁalairt a aṫarḋáċd.

9 ¶ A nuáir ṫiucfas tú don dúiṫċe do ḃeir do ṪIĠEARNA Día ḋuit, ní ḟoġluimfe tú ḋéanuṁ do réir aḋḟuaṫṁaireaċd na gcineaḋaċ sin.

10 Ní ḃfuiġṫior ḃur measc éanduine ḃéurus air a ṁac no air inġin dul ṫríd an tteiniḋ, nó ġnáṫuiġios fáistine, nó coiṁeaduiġe aimsior, nó geasadóir, nó luċd piséog,

11 Nó draói, nó fear ḋéanta coṁairle re leannan síṫ, nó faistineaċ, no duiḃelneaċ.

12 Oír a nuile ḋuine do ní na neiṫesi is aḋḟuaṫṁaireaċd don TIĠEARNA iad; agus do ċionn na ngraineaṁlaċdasa do ḋíbir do ṪIĠEARNA Día amaċ roṁad iad.

13 Biáiḋ tú iomlán ag do ṪIĠEARNA Día.

14 Oír do uṁluiġeadar na críoċasa, noċ ṡealḃoċus tú, do luċd aḋarṫa aimsear, agus do luċd fáistine: aċt ar do ṡonsa, nior ḟuiling do ṪIĠEARNA Día ḋuitsi sin do ḋéanaṁ.

15 ¶ Tóigfe do ṪIĠEARNA Día Fáiġ ḋuit as do lár féin amaċ, dot ḋearḃráiṫriḃ, mar misi; ḋó sin uṁloċtaoi;

16 Do réir a nuile neiṫe dar íarr tú ar do ṪIĠEARNA Día ann Horeb a ló an ċoṁċruinniġe, ġá ráḋ, Ná cluinim a rís guṫ mo ṪIĠEARNA Dé, agus ná faicim an teiniḋ róṁorso ní ís mó, ċor naċ ḃfuiġe mé bás.

17 Agus a duḃairt an TIĠEARNA riomsa, Is maiṫ a duḃradar ar laḃradar.

18 Tóigfe misi ḋóiḃ Fáiġ amaċ as a ndearḃráiṫriḃ féin, buḋ cosṁuil riotsa, agus cuirfe mé mo ḃríaṫra ann a ḃéul; agus laiḃeoruiḋ sé ríu a nuile ní dá naiṫeonadsa ḋe.

19 Agus is aṁla ḃías, giḋ bé ar biṫ naċ éistfiḋ ream ḃriaṫruiḃsi noċ laiḃeorus seision am ainmsi, beanfad cuntus de ann.

20 Aċd an fáiġ, ġeaḃus do laḃairt a mainmse, focal naċ ar aiṫin mise ḋe a laḃairt, nó laiḃeorus a nainm dee oile, cuirfiġear an fáiġ sin go deiṁin ċum báis.

21 ¶ Agus má deir tú ad ċroiḋe, Cionnus ḃías fios an ḟocail nár laḃair an TIĠEARNA aguinn?

22 A nuaír laiḃeorus fáiġ a náinm an TIĠEARNA, muna ttí an ní sin a gcriċ, nó naċ biáiḋ mar sin, sé sin un ní nár laḃair an TIĠEARNA, aċ do laḃair an fáiġ go handóṫċusaċ: ní ḃiaiḋ eagla ort roiṁe.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan