Deuteronomi 14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIV. Orduġaḋ ar cleaċdaḋ na ccineaḋaċ uma nṁarḃ, do ṡeaċna. 4 Ainṁintiġ glan agus neaṁġlun. 22 Gnáṫ agus foġna na deaċṁaḋ. 1 Is siḃ clann an TIĠEARNA ḃur Ndía: ní ġearrfuiḋe siḃ féin, agus ní ḋéantaoi lomaḋ ar biṫ eidir ḃur súiliḃ ar son an ṁairḃ. 2 Oír is pobal náoṁṫa ṫú don TIĠEARNA do Ḋía, agus do ṫoġ an TIĠEARNA ṫú ċum ḃeiṫ ad ṗobul áiriġ aige féin, tar gaċ uile ċineaḋ dá ḃfuil ar an ttaluṁ. 3 ¶ Ní íosa tú éinní aḋúaṫṁar. 4 Is íad so na hainṁiṫiġ íostaói: eaḋon an daṁ, an ċáora, agus an gaḃar, 5 Ann cáirrḟíaḋ, agus an pocrúaḋ, agus an fíaḋ fionn, agus an gaḃar fíaḋáin, agus an pigarg, agus an daṁ alluiġ, agus an ċaṁois. 6 Agus gaċ uile ḃeaṫaċ noċ roinneas an nionga, agus scoiltios an scoilteaḋ a ndá laḋuir, agus ċognas an ċír measg na nainṁinteaḋ, íostaói iadsin. 7 Giḋeaḋ ní íostaói íadso don ṁéid ċognas a ccír, nó roinneas a nionga scoilte; mar atá an caṁall, an geirrḟíaḋ, agus an coinín: óir cognaid an ċír, aċd ní roinnid an nionga; uime sin atáid neaṁġlan ḋíḃsi. 8 Agus na muca, do ċionn go roinnid an nionga, agus naċ ccognuid an ċír, atáid neaṁġlan dáóiḃ: ní iostaoi dá ḃfeóil, ní mó ḃainfúiḋe ré na gconablaċ marḃ. 9 ¶ Is iad so iostaói do nuile dá ḃfuil ionnsna huisgeḋíḃ: a nuile ar a mbía eiteaċ agus bláosca íostaói íad: 10 Agus giḋ be ar biṫ air naċ ḃfuil eiteaċ nó bláosca ní íostaói íad; atáid neaṁġlan daóiḃ. 11 ¶ Do nuile éun ġlan íostaói. 12 Aċt is iad so dá naċ iostaoi: an tiolar, an téan fionn, agus an tíascaire cáirneaċ, 13 Agus an préaċán gearr, agus an préaċán ceirteaċ, agus an préaċan ingneaċ do réir a ċiníl, 14 Agus gaċ uile ḟíaċ duḃ do réir a ċiníl, 15 Agus an tulċaḃcan, a náinléog, agus an ċúaċ, agus an seaḃac do réir a ċiníl, 16 An tulcaḃċan beag, agus an túlcaḃċan mór, agus a neala, 17 Agus an peliocan, agus an tiolar timċiollaċ, agus an fiaċ fairge, 18 Agus an ċorr ġlas, agus an ċorr ġrían do réir a ċiníl, agus an filbín, agus a níaltóg leaṫair. 19 Agus gaċ uile ní snáiġeaċ eitillios atá neaṁġlan duitsi: ní híostar iad. 20 Aċ féadṫaói gaċ uile éan glan diṫe. 21 ¶ Ni íostaói éinní reaċus déag uaḋ féin: do ḃéura tú é don ċoiṁiḋeaċ ḃías ann do ḋoirsiḃ, go niṫe sé é; nó féadfa tú a ḋíol ris an ndeóraiḋ: óir is pobal náoṁṫa ṫusa don TIĠEARNA do Ḋía. Ní ḃruiṫfe tú meannán a mbainne a ṁaṫar. 22 ¶ Do ḃéura tú úait go ceart an deaċṁaḋ dot uile ṡíol, noċ do ḃeir an taluṁ úaḋ gaċ a blíaḋain. 23 ¶ Agus íosa tú a ḃfiaḋnuisi do ṪIĠEARNA Dé, san náit noċ ṫoiġfeas sé a ainm do ṡuíḋiuġaḋ ann, deaċṁaḋ harḃa, ṫfíona, agus hola, agus primidil tsealḃann agus do ṫréud; ċor go ḃfoġlamaiḋ tú eagla do ṪIĠEARNA Dé do ḃeiṫ ort a gcoṁnuiḋe. 24 ¶ Agus má ḃíonn an tsliġe ro ḟada agad, as naċ ḃféudann tú a iomċur; nó má ḃíonn a náit roḟada uait, noċ ṫoiġfeas do ṪIĠEARNA Día do ċur a anma ann, a nuáir ḃeinneoċus do ṪIĠEARNA Día ṫú: 25 Ann sin do ḋéana tú airgiod de, agus ceaingeola tú an tairgiod súas ann do láiṁ, agus raċaiḋ tú don náit noċ ṫoiġfeas do ṪIĠEARNA Día: 26 Agus do ḃéura tú an tairgiod sin ar giḋ bé ní a mbía dúíl ag hinntin ann, ar ḋaṁuiḃ, nó ar ċaorċuiḃ, nó ar ḟionn, nó ar ḋiġ láidir, giḋ bé ní ḃus toil led inntinn: agus íosa tú annsin a ḃfiaḋnuisi do ṪIĠEARNA Dé, agus do ḋéana tú gáirdeaċus, ṫú fein, agus do ṁuintir, 27 Agus an Leḃíteaċ ḃías táoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ; ní ṫréigfe tú é; óir ni ḃfuil roinn ná oiġreaċd aige maille riot. 28 ¶ A ndeireaḋ ṫrí mblíaḋan do ḃeura tú amaċ deaċṁuiḋ do ḃisiġ uile an ḃlíaḋuin sin féin, agus cuirfe tú a ttaisge í taoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ: 29 Agus tiucfaiḋ an Leḃíteaċ, do ḃríġ naċ ḃfuil roinn nó oiġreaċd aige maille leaċdsa, agus an coiṁiġṫeaċ, agus an dílleaċda, agus an ḃaintreaḃaċ, atá táoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ, íosuid agus béid sáiṫeaċ; ċor go mbeinneoċuiḋ do ṪIĠEARNA Día ṫú an gaċ uile obair do láiṁe noċ do ní tú. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society