Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Deuteronomi 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XII. Traċdar ar ċiall na dara haiṫne 13 na neiṫe naoṁṫa iṫċe sna haitiḃ naoṁṫa. 19 Gan an Leḃiteaċ do ṫréigean.

1 Siadso na statúide agus na breiṫeaṁnuis, ċoiṁéadfuiḋe ré a ndéanaṁ annsa tír, do ḃeir an TIĠEARNA Día haiṫreaḋ ḋuit dá sealḃuġaḋ, ar feaḋ na láeṫeaḋ ṁairfiḋe ar taluṁ.

2 Léirscriosfuiḋ siḃ a nuile áit, a ndearnadar na cineaḋaċa noċ ṡealḃoċṫaoi serḃís da ndéeiḃ, ar na sléiḃtiḃ árda, agus ar na enocuiḃ, agus faói gaċ éanċrann ġlas:

3 Agus scriosfuiḋe síos a naltóra, agus brisfiḋe a bpileiri, agus loiscfíḋe a ngarráin lé teiniḋ; agus snoiḋfiḋe síos íoṁáiġe gráḃalta a ndée, agus scriosfuiḋe a nanmanna amaċ as a náit sin.

4 ¶ Ní ḋéantaoi mar sin ris an TTIĠEARNA ḃur Ndía.

5 Aċ ċum na háite ṫoiġfeas an TIĠEARNA ḃur Ndía amaċ as ḃur ttreaḃuiḃ uile do ċur a anma ann, eaḋon dá ionad ċoṁnuiġe iarrfuiḋesi dul, agus is ann ṫiocfuiḋe:

6 Agus is ann sin do ḃéurṫaói ḃur nofrála loiscṫe, agus ḃur nióḋbairt, agus ḃur ndeaċṁaḋ, agus ofráil ṫógṫa ḃur láṁ, agus ḃur móide, agus ḃur nofrála toileaṁla, agus primidil ḃur nealḃann agus ḃur ttréud:

7 Agus is annsin iostaói a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA ḃur Ndía, agus do ḋéantaoi gáirdeaċus ion gaċ uile ni dá ccuirfiġe ḃur láṁ ann, siḃ féin agus ḃur muinntir, mar ar ḃeannuiġ an TIĠEARNA ḃur Ndía siḃ.

8 Ní ḋéantaói do réir gaċ éainneiṫe dá ndéanmaoidne ionso a níuġ, gaċ duine gibe ní ta ceart do réir a ṫola féin.

9 Oír ní ṫangaḃairse fós ċum an tsuáiṁnis agus ċum na hoiġreaċda, do ḃeir an TIĠEARNA ḃur Ndía ḋáoiḃ.

10 Aċd a núair reaċdaói a nonn tar Iordan, agus áitreoċṫaói annsa ḃfearann do ḃeir an TIĠEARNA ḃur Ndía ḋaóiḃ mar oiġreaċd, agus a núair do ḃéara suaiṁneas daóiḃ ó ḃur naiṁdiḃ uile ar gaċ ean taoḃ fá gcúairt, ċor go náitreoċṫaoi go suaiṁneaċ:

11 Ann sin biáiḋ ionad noċ ṫoiġfeas an TIĠEARNA ḃur Ndía do ṫaḃairt fa deara a ainm do aitreaḃ ann; ċum a nionaid sin do ḃeurṫaoi gaċ uile ní dá naiṫniġimsi ḋáoiḃ; ḃur nófrala loiscṫe, agus ḃur níoċbarṫa, agus ḃur ndeaċṁaḋa, agus ofrála togṫa ḃur láṁ, agus ḃur móide uile noċ do ṁóideaḃair don TIĠEARNA:

12 Agus biáiḋ gáirdeaċus oruiḃ a laṫair an TIĠEARNA ḃur Ndía, siḃ féin, agus ḃur mic, agus ḃur ninġeana, agus ḃur nóglaoiċ, agus ḃur mbanóglaóiċ, agus an Leḃíteaċ ḃías táoḃ a stiġ dá ḃur ndoirsiḃ; do ḃríġ naċ ḃfuil roinn nó oiġreaċd aige maille riḃ.

13 Taḃair haire ḋuit féin naċ nofrála tú hofráil loisge ann gaċ áit dá ḃfaiceann tú:

14 Aċd annsa náit ṫoiġfeas an TIĠEARNA a naon dá ḃur ttreaḃuiḃ, ann sin ofrailfios tú hofráil loisge, agus ann sin do ḋéana tú gaċ a naiṫniġimsi ḋíot.

15 ¶ Giḋeaḋ is éidir leaċd feóil do ṁarḃaḋ agus diṫe an do uile ġeataḋuiḃ, giḋ be ar a mbía dúil ag hinntinn ann, do réir ḃeannuiġ an TIĠEARNA do Ḋía noċ ṫug sé duit: féaduiġ an glan agus an neaṁġlan sin diṫe, eaḋon mar don nfíaḋ ḟionn, agus don ċairrḟíaḋ.

16 Aṁáin ní iostaói a nfuil; dóirtfiḋe ar an ttaluṁ í aṁuil uisge.

17 ¶ Ní héidir leaċd deaċṁaḋ harḃair diṫċe táoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ, nó ṫfíona, nó hola, nó primidil healḃana nó do ṫréud, nó éanṁóid dá ttug tú, no hofráil ṫoileaṁuil, nó ofráil ṫógṫa do láiṁe:

18 Aċd íosa tú íad a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA do Ḋía ann sa náit ṫoiġfeas an TIĠEARNA do Ḋía, ṫú féin, agus do ṁac, agus hinġion, hóglaċ, agus do ḃanóglaċ, agus an Leḃíteaċ ḃías táoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ: agus biáiḋ lúṫġáir ort a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA do Ḋía an gaċ uile ní a ccuirfe tú do láṁa.

19 ¶ Taḃair haire ḋuit féin naċ ttréigfe tú an Leḃíteaċ an feaḋ ṁairfeas tú ar an ttalaṁ.

20 ¶ A nuair ḟairseongas an TIĠEARNA do Ḋía do ṫéora, mar do ġeall sé ḋuit, agus déara tusa, Iosa mé feóil, (do ċionn go ḃfuil fonn féola ar hanum); is féidir leaċd féoil díṫe, giḋ bé ar biṫ a mbiáiḋ dúil ag hanam ann.

21 Má ḃíonn a náit do ṫoġ an TIĠEARNA do ċur a anma féin ann, a ḃfad úait, annsin muirfiḋ tú dot ealḃa agus dot ṫréud, noċ ṫug an TIĠEARNA ḋuit, mar do aiṫin misi ḋíot, agus íosa tú ann do ḋoirsiḃ féin giḋ bé ní iona mbía dúil ag hanum.

22 Aṁuil iṫtear an fíaḋ fionn agus an fíaḋ rúaḋ, mar sin íosas tusa iad: ionnan íosas an neaṁġlan agus an glan díoḃ.

23 Aċd aṁáin bí deiṁin naċ iósa tú a nfuil: óir isí a nfuil an tanum; agus ní cóir ḋuitsi an tanum diṫe maille ris an ḃfeóil.

24 Ní íósa tú í; dóirtfiḋ tú í ar an ttaluṁ aṁuil uisge.

25 Ní iosa tú í; ċor go raċuiḋ go maiṫ ḋuit, agus dot ċloinn ad ḋiáiġ, a nuáir do ḋéana tú an ní is cóir a raḋarc an TIĠEARNA.

26 ¶ Aṁáin na neiṫe náoṁṫa ḃías agad, agus do ṁóide, do ḃéura tú leaċd íad, agus raċa tú san náit ṫoiġfeas an TIĠEARNA:

27 Agus íoḋboruiḋ tú hofráil loisge, an nfeóil agus an nfuil, ar altóir an TIĠEARNA do Ḋía: agus dóirtfiġear fuil hioḋbarṫa amaċ ar altóir an TIĠEARNA do Ḋía, agus iosa tú an nfeóil.

28 Coiṁéud agus cluinn na briaṫraso uile noċ aiṫniġimsi ḋíot, ċor go raċuiḋ go maiṫ ḋuit, agus dot ċloinn ad ḋíáiġ go bráṫ, a núair ḋéanas tú an ní is maiṫ agus is ceart a raḋarc an TIĠEARNA do Ḋía.

29 ¶ A núair ġearrfas an TIĠEARNA do Ḋía na cineaḋaċa sin amaċ roṁad, mar a raċa tú dá sealḃuġaḋ, agus go ngéaḃa tusa a náit, agus go náitreaḃaiġ tú iona ndúiṫċe;

30 Taḃair haire ḋuit féin naċ gaḃṫar a ndul ṫú ó na leanṁuin, tar éis a scriosta roṁad; agus naċ déana tú loirgaireaċd air a ndeéiḃ, ġa ráḋ, Cionnus do rinneadar na fineaḋaċasa serḃís dá ndeéiḃ? is mar sin do ḋéana misi mar an gcéadna.

31 Ní ḋéana tusa sin red ṪIĠEARNA do Ḋía: óir gaċ éainni is aṫḟúaṁar lé Día noċ a ḟuaṫian sé do nídís sin re na ndeéiḃ féin; eaḋon a mic agus a ninġiona do loisgedis ansa teiniḋ dá ndeéiḃ.

32 Giḋ bé ar biṫ ní aiṫéonus misi ḋaoiḃ, coiṁéaduiġ a ḋéanaṁ, ni ċuirfe tú éinní na ċionn, agus ní mó ḃeanfas tú ḋe.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan