Deuteronomi 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XI. Traċdar ar ciall na céd aiṫne. 26 Beannuġaḋ agus malluġaḋ ar na na cur rompa. 1 Ar a naḋḃarsin gráiḋeoċa tú an TIĠEARNA do Ḋía, agus coiṁéadfa tú a ċúram, agus a reaċda, agus a ḃreiṫeaṁnuis, agus a aiṫeanta, a gcoṁnuiḋe. 2 ¶ Agus bíoḋ a ḟios agad aniuġ: óir ní laḃraim re ḃur cclainn ag naċ raiḃ a ḟíos, agus naċ ḃfacuiḋ smaċd an TIĠEARNA ḃur Ndía, a ṁórdaċd, agus a láṁ láidir, agus a riġ sínte amaċ, 3 Agus a ionganta, agus a ġníoṁraḋ, noċ do rinne sé a méaḋón na Hégipte ré Ṗáraoh ríġ na Hégipte, agus re na ḋúiṫċe uile; 4 Agus mar do rinne sé ar ṡlúaġ na Hégipte, re na neaċuiḃ, agus re na gcarbaduiḃ; mar do ċur sé dfíaċuiḃ ar uisge na mara Ruáiḋe éirġe ós a ccionn a núair do leanadar siḃsi, agus mar do ṁill an TIĠEARNA íad gus an ló a niuġ; 5 Agus cread do rinne sé ḋíḃse san ḃfásaċ, nó go ttangaḃair don náitsi; 6 Agus cread do rinne sé re Datan agus re Abiram, mic Eliab, ṁic Reuben: cionnus do oscuil an taluṁ a ḃéul, agus do ṡluig síos íad, agus a muintír, agus a lóistíne, agus a nuile ṡubstaint do ḃí iona seilḃ, a measc Israel uile: 7 Aċ do ċonncadar ḃur súilesi uile ġníoṁraḋ móra an TIĠEARNA noċ do rinne sé. 8 Uime sin coiṁéadfuiḋe na huile aiṫeanta noċ aiṫniġimsi ḋiḃ a niuġ, ċor go mbeiṫí láidir, agus go reaċdaói a steaċ agus go sealḃóċuiḋe an fearann, a ḃfuiltí ag dul dá ṡealḃuġaḋ; 9 Agus go maḋ heídir liḃ ḃur laéṫe dfadúġaḋ ann sa tír, do ṁionnuiġ an TIĠEARNA da ḃur naiṫriḃ do ṫaḃairt doiḃ agus dá síol, dúiṫċe noċ ṫúiltiġios lé bainne agus le mil. 10 ¶ Oír an fearann, a ḃfuil tú ag dul dá ṡealḃuġaḋ, ní mar ċríċ na Hégipte atá sé, ó ttangaḃairsi amaċ, mar ar ċuir tú do ṡíol, agus ar ḟliuċ tú é léud ċois, mar ġáirdín luiḃionn: 11 Aċt an fearann, a ḃfuiltiġe ag dul dá ṡealḃuġaḋ, is fearann cnoc agus gleann é, agus iḃéas uisge dfearṫuinn nimbe: 12 Dúiṫċe agá ḃfuil suim ag an TTIĠEARNA do Ḋía innte: óír atáid súile do ṪIĠEARNA Día uirre a gcoṁnuiġe, ó ṫosaċ fós go deireaḋ na blíaḋna. 13 ¶ Agus tiucfa a gcríċ, ma éistionn siḃ go dúṫraċdaċ rém aiṫeantuiḃsi noċ aiṫniġim ḋaóiḃ a niuġ, an TIĠEARNA ḃur Ndía do ġráḋuġaḋ, agus seirḃís do ḋéanaṁ ḋó lé ḃur nuile ċroiḋe agus le ḃur nuile anum, 14 Go ttiuḃra misi ḋáoiḃ fearṫuínn ḃur ttalṁan na ham féin, an ċéud fearṫuinn agus an ḟearṫuinn ḋeiġionaċ, ċor go ccruinneoċá tú a steaċ harḃar, agus ṫfíon, agus hola. 15 Agus cuirfe mé féur ád ṁaċairiḃ dot áirnéis, ċor go maḋ heidir leaċd ní diṫe agus ḃeiṫ sáiṫeaċ. 16 Tugaiḋ ḃur naire ḋáoiḃ féin, naċ mbiáiḋ ḃur gcroiḋe meallta, agus go ḃfillfeaḋ siḃ a leaṫtáoḃ, agus serḃís do ḋeanaṁ do ḋéeiḃ oile, agus aḋraḋ ḋóiḃ; 17 Agus ann sin go lasfaḋ fearg ḃar TTIĠEARNA Día ḃur naġuiḋ, agus go ndúinfeaḋ súas neaṁ, ionnus naċ mbíaḋ fearṫuin ar biṫ ann, agus naċ ttiuḃraḋ an taluṁ a ṫoraḋ; agus deagla go nimeoċaḋ siḃ seaċad go hobann ón ttaluṁ ṁaiṫ noċ do ḃeir an TIĠEARNA ḋáoiḃ. 18 ¶ Ar a naḋḃarsin cuirfiḋe iad so mo ḃriaṫrasa a ttaisge ion ḃur ccroíḋṫiḃ agus ion ḃur nanum, agus ceaingéoltáoi íad mar ċoṁarṫa ar ḃur láiṁ, ċor go mbeiṫdís mar éadanán eidir ḃur súiliḃ. 19 Agus múinfiḋe íad dá ḃur gcloinn, ag laḃairt orra a nuáir ṡuiḋfios tú ion do ṫiġ, agus a nuáir ṡiuḃolus tú annsa tsliġe, a nuáir luiḋfios tú síos, agus a nuáir éireoċus tú súas. 20 Agus scríoḃṫa tú íad ar ṗostuiġiḃ ḋoruis do ṫiġe, agus ar do ġeatuiġiḃ: 21 Ċor go ḃfaduiġṫe ḃur láeṫe, agus láeṫe ḃur ccloinne, an sa dúiṫċenoċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA dá ḃur naiṫriḃ do ṫaḃairt dóiḃ, mar laéṫe niṁe ar an ttaluṁ. 22 ¶ Oír má ċoiṁéudṫáoisi go dúṫraċdaċ na huile aiṫeantasa noċ aiṫniġimsi ḋáoiḃ, do ḋéanaṁ, an TIĠEARNA ḃur Ndía do ġráḋuġaḋ, siuḃal iona ṡliġṫiḃ uile, agus ceangal leis; 23 Annsin cuirfiḋ an TIĠEARNA amaċ na fineaḋaċasa uile roṁad, agus sealḃóċṫáoisi cineaḋ is mó agus is cuṁaċduiġ na siḃ féin. 24 Gaċ uile ḃall a sailteoruiḋ boinn ḃur ccos buḋ liḃ féin é: ón ḟásaca agus ó Lebanon, ó naḃuin, aḃann Euṗrátes, eaḋon go nuige an ḃfairge is faide amaċ is eaḋ ḃías ḃur ttéora. 25 Ní feadfaiḋ duine ar biṫ seasaṁ roiḃ: óir cuirfe an TIĠEARNA ḃur Ndía ḃur neagla agus ḃur gcrioṫnuġaḋ ar a nuile ḟearann ar a sailteorṫáoi, fá mar a duḃairt sé riḃ. 26 ¶ Feuċuiḋ, do ċuir mé roṁuiḃ a niuġ beannuġaḋ agus malluġaḋ; 27 Beannuġaḋ, má uṁluiġionn siḃ daiṫeantaiḃ an TIĠEARNA ḃur Ndía, noċ aiṫniġimsi ḋáoiḃ a niaġ: 28 Agus malluġaḋ, muna nuṁluiġṫí daiṫeantuiḃ an TIĠEARNA ḃur Ndía, aċd iómpoḋ a leaṫtáoiḃ as an tsliġe noċ aiṫniġimsi ḋáoiḃ a niuġ, do ḋul do leanṁuin deé oile, nar ḃaiṫniḋ dáoiḃ. 29 Agus tiucfa a ccríċ, a nuair ḃéuras an TIĠEARNA do Ḋía ṫú a steaċ ionsa ḃfearann ċum a ttéid tú ḋá ṡealḃuġaḋ, go couirfe tú an beannuġaḋ ar ṡliaḃ Gerisim, agus an malluġaḋ ar ṡliaḃ Ebal. 30 Naċ ḃfuilid síad ar an ttaóiḃ oíle do Iordan, ar a tsliġe mar a ttéid an ġrían faói, a ttír na Gcanaaníteaċ, noċ áitreaḃus ann sa réiteaċ ṫall as coinne Ġilgal, láiṁ ré maċairiġiḃ Ṁóreh? 31 Oir reaċṫáoi tar Iordan do ḋul a steaċ do ṡealḃuġaḋ a nfearuinn do ḃeir an TIĠEARNA ḃur Ndía ḋaoíḃ, agus sealḃoċṫaói é, agus áiteoċṫaói ann. 32 Agus do ḃéarṫaoi aire do ċoiṁlionaḋ na huile reaċda agus ḃreiṫeaṁnuis ċuirimsi síos daóiḃ a niuġ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society