Deuteronomi 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil X. Do aṫnuaḋuiġeaḋ an dá ċlár. 12 Do ḟúirail sé uṁlaċd spioradalta do ṫaḃairt ḋa aiṫintiḃ. 1 An sa namsin a duḃairt an TIĠEARNA riomsa, Snoiġ ḋuit féin ḋá ċlár ċloiċe aṁail na gcéad ċlár, agus tárr súas ċugamsa annsa tslíaḃ, agus déan aírc ṁaide ḋuit féin. 2 Agus scríoḃṫa misi ar na cláruiḃ na bríaṫra do ḃí ion sna céud ċláruiḃ noċ do ḃristú, agus cuirfe tú san náirc íad. 3 Agus do rinne misi aírc da ċrann sittim, agus do ṡnoiġ mé ḋá ċlár ċloiċe cosṁuil ris na céad ċláruiḃ, agus do ċuáiḋ mé súas ionsa tslíaḃ, agus an dá ċlár am láiṁ. 4 Agus do scríoḃ seision ar na cláruiḃ, do reir an ċéaidscríḃinn, na deiċ naiṫeanta, noċ do laḃair an TIĠEARNA riḃsi air a tsliaḃ amaċ as lár na teineaḋ a ló an ċoṁċruinniġ: agus ṫug an TIĠEARNA ḋaṁsa íad. 5 Agus do ḟill misi agus ṫáinig mé a núas as a tslíaḃ, agus do ċuir mé na cláir ann sa náirc do rinne mé; agus atáid siád ann sin, mar do aiṫin an TIĠEARNA ḋíom. 6 ¶ Agus do ġluáisiodar clann Israel ó Ḃeerot ċloinne Iaacan go Mosera: annsin déug Aáron, agus ann sin do háḋlaiceaḋ é; agus do miniostráil Eleásar a ṁac an oifig an tsagairt iona áit. 7 Ann sin do ġluáisiodar go Gudgodah; agus ó Ġudgodah go Iotbat, dúiṫċe aiḃneaḋ uisge. 8 ¶ Ann sa namsin do ḋealuiġ an TIĠEARNA treaḃ Léḃi, diomċar aírce ċunnarṫa an TIĠEARNA, do ṡeasaṁ as coinne an TIĠEARNA do ṁiníostralaċd dó, agus do ḃeannuġaḋ iona aínm, gus an lá a niuġ. 9 Is uime sin naċ ḃfuil roinn nó oiġreaċd a ḃfoċair a ḋearḃráiṫreaċd ag Léḃi; sé an TIĠEARNA as oiġreaċd dó, do réir mar do ġeall an TIĠEARNA do Ḋía ḋó. 10 ¶ Agus do ḟan misi annsa tslíaḃ, do réir na céud úaire, ḋá ḟiċiod lá agus ḋá ḟiṫċiod oiḋċe; agus do éíst an TIĠEARNA rium mar án gcéadna a nuairsin, agus níor ḃáill leis an TTIĠEARNA ṫusa do ṁilleaḋ. 11 Agus a duḃairt an TIĠEARNA riumsa, Eiriġ, glúais ann do ṡliġe roiṁe an bpobal, ċor go raċuid a steaċ agus go sealḃoċuid an fearann, do ṁionnuiġ mé dá naiṫriḃ do ṫaḃairt dóiḃ. 12 ¶ Agus a nois, a Israel, cread atá do ṪIĠEARNA Día diarraiḋ ort, aċt eagla do ṪIĠEARNA Día de ḃeiṫ ort, siuḃal iona ṡliġṫiḃ uile, agus a ġráḋuġaḋ, agus serḃís do ḋéanaṁ dot ṪIĠEARNA Día maille red uile ċroiḋe agus led uile anum, 13 Aiṫeanta an TIĠEARNA do ċoiṁéad, agus na reaċda, noċ aiṫníġimsi ḋíot aniuġ ar son do leasa? 14 Féuċ, an flaiṫeṁnus agus flaiṫeaṁnus na ḃflaiṫeaṁnus is leis an TTIĠEARNA do Ḋía é, an taluṁ mar an gcéadna gon a ḃfuil ann. 15 Aṁáin do ḃí dúil ag an TTIĠEARNA ion ḃur naiṫriḃsi dá ngráḋuġaḋ, agus do ṫóg sé a slioċd na ndíaiġ, eaḋon siḃsi os cionn gaċ uile ṗobail, fá mar atá a niuġ. 16 Uime sin timċillġearruiḋ croicinn tosuiġ ḃur ccroiḋe, agus ná biṫ ní ḃus mó cruáḋṁuineulaċ. 17 Oír an TIĠEARNA ḃur Ndía sé Día na ndée é, agus TTIĠEARNA na Ttiġearna, Día mór, cuṁaċdaċ, agus úaṫḃásaċ, naċ bionn meas aige ar ṗearsannuiḃ, agus naċ gaḃann coṁaiḋ: 18 Críoċnuiġiḋ sé breiṫcaṁnus na ndíllea hd agus na mbaintreaḃaċ, agus gráḋuiġ an coigcríoċ, ag taḃairt bíḋ agus éuduiġ ḋó. 19 Gráḋuiġsi ar a naḋḃarsin an coiṁiġṫeaċ: oír do ḃáḋḃair féin ḃair gcoiṁiḋṫeaċuiḃ a gcríċ na Hégipte. 20 Bíoḋ eagla an TIĠEARNA do Ḋía ort; is dó ḋéanas tú seirḃís, agus is dó aḋarfus tú, agus isé a ainm ṁionnoċus tú. 21 Is é do ṁolaḋ é, agus sé do Ḋía é, nóċ do rinne na neiṫe móra uaṫḃásaċso ḋuit, do ċonncadar do ṡuile. 22 Do ċuadar haiṫre síos don Négipt maille re deiċ agus trí fiċid pearsa; agus annois do rinne an TIĠEARNA do Ḋía ḋíot mar réulta niṁe ar iomadaṁlaċd. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society