Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Deuteronomi 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I. Aṫ‐aiṫris ar ar ṫarlaḋ do Israel fan ḟásaċ. 34 Géursmaċd an TIĠEARNA arson ṁiċreideaṁ an ṗobuil.

1 Siadso na bríaṫra do laḃair Maóise re Hisrael uile don táoiḃsi do Iordan annsa ḃtásaċ, annsa réiteaċ ṫall as coinne na mara Ruáiḋe, idir ṗáran, agus Toṗel, agus Laban, agus Haserot, agus Disahab.

2 Uiḋe éanlá déag ó Horeb a sliġe ṡléiḃe Seir go Cádes‐barnea.

3 Agus tárla annsa ċeaṫraċdṁaḋ blíaḋan san néanṁaḋ mí déug, ar an ccéad lá don ṁí, gur laḃair Maóise re cloinn Israel, do réir a nuile ní do laḃair an TIĠEARNA ris do aiṫne ḋíoḃsan;

4 Tar éis Sihon riġ na Namoríteaċ do ṁarḃaḋ ḋo, noċ do áitreiḃ ann Hesbon, agus Og ríġ Básan, noċ do áitreiḃ ann Astarot ann Edréi:

5 Ar an táoiḃsi do Iordán, a ttír Ṁoab, do ṫionnsguin Maoisé an dliġeaḋso dfoíllsiuġaḋ, ġá raḋ,

6 ¶ Do laḃair an TIĠEARNA ar Ndía rinne an Horeb, gá ráḋ, Do ḟanaḃáir go lor ḟad ar a tslíaḃso:

7 Filliḋ, agus gluáisiḋ íonḃur sliġe, agus éirġiḋ go slíaḃ na Namoriteaċ, agus don nuile áit láiṁ ris, annsa réiteaċ, annsna cnocuiḃ, agus annsa ġleann, agus buḋ ḋeas, agus láiṁ ris an ḃfairge, go dúṫaiġ na Gcanaaníteaċ, agus go Lebanon, go suiġe an naḃuinn ṁóir, aḃuinn Euṗrates.

8 Feaċuiḋ, do ċuir mé an taluṁ as ḃar gcoinne: éirġiḋ a steaċ agus sealḃuíġiḋ an fearann do ḋearḃ an TIĠEARNA dá ḃur naiṫriḃ, Abraham, Isaac, agus Iácob, do ṫaḃairt doiḃ agus dá slioċd na ndiáiġ.

9 ¶ Agus do laḃair misi riḃse a nuáirsin, gá ráḋ, Ní ḃfuilimsi cumusaċ ar ḃur niomċar leam féin am áonar.

10 Do ṁéaduiġ an TIĠEARNA ḃur Ndía siḃsi, agus, féuċuiḋ, atáṫáoi a niuġ mar réulta niṁe ar iomadaṁlaċd.

11 Go ndéarna an TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ siḃsi míle uáir coṁiomadaṁuil is táṫáoi, agus go mbeannuiġiḋ sé siḃ, mar do ġeall sé ḋáoiḃ!

12 Cionnus is éidir liomsa aṁáin ḃur geúram diomċar, agus ḃur núalaċ, agus ḃur nimreasuin?

13 Glacuiḋsi ċugaiḃ dáoinne críonna, agus tuigsionaċa, agus aiṫeanta a measc ḃur ttréaḃa, agus do ḋéana misi uaċdaráin díoḃ ós ḃur gcionn.

14 Agus do ḟreagraḃairsi mé, agus a duḃraḃair, An ní do laḃair tú is maiṫ ḋúinne a ḋéanaṁ.

15 Annsin do ġlac mé toġa ḃur ttreaḃ, dáoine críonna, agus aiṫeanta, agus do rinneas cinn díoḃ ós ḃur gcionnsa, caiptíniġ ós cionn ṁílteaḋ, agus caiptíniġ ós cionn ċéud, agus caiptíniġ ós cionn ċáogad, agus caiptíniġ ós cionn deiṫneaṁair, agus óifigiḋ a measc ḃur ttreaḃ.

16 Agus do ċuir mé an tansin dúalaċ ar ḃur mbreiṫeaṁnuiḃ, gá ráḋ, Eístíġ na cúisionna idir ḃur ndearḃraiṫreiḃ, agus beíriḋ breaṫ go ceart idir gaċ éanduine agus a ḋearḃraṫair, agus an coiṁiḋṫeaċ ḃías na ḟoċair.

17 Ní ṫiuḃarṫáoi meas ar ṗearsannuiḃ a mbreiṫeaṁnus; aċd éistfiḋe an beag mar an mór; ní ḃiáiḋ eagla oruiḃ re gnúis ḋuine; óir is lé Día an breiṫeaṁnus: agus an ċúis ḃías roċruáiḋ oruiḃ, tugaiḋ ċugamsa, agus éistfe me í.

18 Agus do aiṫin me ḋíḃ a nuáirsin a nuile ní buḋ cóir ḋáoiḃ a ḋéanaṁ.

19 ¶ Agus a nuáir do ġluaisiomar as Hóreb, do ċúamar ṫríd an ḃfásaċ mór uaṫḃásaċ uile, noċ do ċonncaḃair ar sliġe ṡléiḃe na Namoríteaċ, mar do aiṫin an TIĠEARNA ar Ndía ḋínn; agus tangamar go Cádes‐barnea.

20 Agus a duḃairt misi riḃ, Ṫangaḃair go slíaḃ na Namoríteaċ, noċ do ḃéir an TIĠEARNA ar Ndía ḋúinn.

21 Féuċ, do ċuir an TIĠEARNA ar Ndía an dúṫaiġ roṁuiḃ: éirġiḋ agus sealḃuiġiḋ í mar a duḃairt an TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ; ná himeagluiḋiġ, agus na bíoḋ míṁeisneaċ oruiḃ.

22 ¶ Agus tangaḃair a ngar ḋaṁsa gaċ áon aguiḃ, agus a duḃraḃair, Cuirfeam dáoine roṁuinu, agus spíonfuid ḋúinn an dúṫaiġ, agus do ḃéaruid scéula ċuguinn cía an tsliġe a gcaiṫfeam dul súas, agus cía híad na caiṫreaċa ann a raċam.

23 Agus do ṫaitin an glór riomsa go maiṫ: agus do ṫoġ mé ḋá ḟear ḋeug agniḃ, áon as gaċ treiḃ:

24 Agus do ḟilleadar agus do ċúadar súas annsa tslíaḃ, agus tangadar go gleann Escol, agus do spíonadar amaċ é.

25 Agus do ġlacadar cuid do ṫoraḋ na tíre ann a laṁuiḃ, agus ṫugadar leó a núas ċuguinn é, agus ṫugadar scéula ċuguinn a rís, agus a duḃradar, Is maiṫ an taluṁ é, noċ do ḃeir an TIĠEARNA Día ḋúinn.

26 Giḋeaḋ níor ḃáill liḃsi dul súas, aċ do rinneaḃair caṫuġaḋ a naġuiḋ aiṫne an TIĠEARNA ḃur Ndía:

27 Agus do rinneaḃair iṫiomráḋ ann ḃur lóistíniḃ, agus a duḃraḃair, Do ċionn go raiḃ fúaṫ ag an TTIĠEARNA oruinne, ṫug sé amaċ sinn as críċ na Hégipte, dar ttaḃairt a láṁuiḃ na Namoríteaċ dar marḃaḋ.

28 Cáit a raċum súas? do ḋroiċṁeisniġeadar ar ndearḃráṫre ar gcroiḋe, ḋá ráḋ, Is mó agus is árraċduiġ na daoine úd ná sinne; atúid na caiṫreaċa mór agus ár na mballuġaḋ súas go neaṁ; agus fós do ċoncamar mic Anacim ann.

29 Annsin a duḃairt misi riḃ, Ná ċrioṫnuiġiḋ, agus nar ab mó ḃías eagla oruiḃ rompa.

30 Troidfiḋ an TIĠEARNA ḃur Ndía ar ḃur son, noċ ṫéid roṁuiḃ, do réir a nuile neiṫe do rinne ar ḃur son san Négipt as coinne ḃur súl.

31 Agus annsa ḃtásaċ, mar a ḃfaca tú cionnus do iomċair an TIĠEARNA do Día ṫú, mar diomċóraḋ duine a ṁac, annsa nuile ṡliġe dá ndeaċaḃair, nó go ttangaḃair a steaċ don náitsi.

32 Giḋeaḋ annsa nísi níor ċreideaḃair an TIĠEARNA ḃur Ndía,

33 Noċ do ċuaiḋ roṁuiḃ annsa tsliġe, do ṫóġa áite amaċ ḋiḃ ann a suiġeoċaḋ siḃ ḃur lóistíniġ, a tteiniḋ san noiḋċe, do ṫaisbéanaḋ ḋáoiḃ cía an tsliġe ánn a ngéuḃaḋ siḃ, agus a néull san ló.

34 ¶ Agus do ċúalaiḋ an TIĠEARNA fuáim ḃur mbríaṫar, agus do ḃí féarg aír, agus do ṁionnuíġ sé, ḋá ráḋ,

35 Go deiṁin ní ḟaicfiḋ duine ḋioḃso, an droiċġinealáċsa an dúṫaiġ ṁaiṫsi, noċ do ṁionnuiġ misi do ṫaḃairt dá ḃur naiṫriḃ,

36 Aċd aṁáin Cáleb ṁác Ieṗunneh; do ċífe seision í, agus is dósan do ḃéura mé an tír air ar ṡaltuir sé, agus dá ċloinn, do ċionn gur lean sé go hiomlán an TIĠEARNA.

37 Mar an gcéadna do ḃí an TIĠEARNA feargaċ riumsa ar ḃur sonsa, ḋá ráḋ, Ní raċa tú ann súd a steaċ.

38 Aċd Ioṡua ṁac Nun, noċ ṡeasfas ad laṫair raċaiḋ sé ann a steaċ: cuir meisneaċ ann: óir do ḃéura sé ar Israel an noiġreaċd do ṡealḃúġaḋ.

39 Os a ċionn sin ḃur ndáoine beaga, noċ a duḃraḃair a ḃeiṫ na ccreiċ, agus ḃur cclann, ag naċ raiḃ fios uilc nó maiṫeasa san ló sin, raċuid siadsion ann a steaċ, agus is dóiḃsion do ḃéura mé é, agus sealḃoċuiḋ síad é.

40 Aċd ar ḃur sonsa, filliḋ, agus éirġiḋ ann ḃur sliġe a steaċ ċum an nfásuiġ a sliġe na mara Ruáiḋe.

41 Annsin do ḟreagraḃairsi agus a duḃraḃair riumsa, Do ṗeacuiġeamar a naġaiḋ an TIĠEARNA, raċum súas agus troidfiom, do réir a nuile neiṫe do aiṫin an TIĠEARNA ar Ndía ḋínn. Agus a nuáir do iaḋ gaċ áon aguiḃ é féin na arm cogaiḋ, do ḃáḃair ulluṁ ċum dul súas annsa ċnoc.

42 Agus a duḃairt an TIĠEARNA riumsa, abair riú, Ná héirgiḋ súas, agus na troidiḋ; óir ní ḃfuilimsi ḃur measc; deagla go muirfíḋe siḃ a laṫair ḃur náṁad.

43 Mar sin do láḃair mé riḃ; agus níor éisteaḃair rium, aċd do ċaṫuiġeaḃáir a naġuiḋ aiṫne an TIĠEARNA, agus do ċúaḃair go handóṫċusaċ súas fan ċnoc.

44 Agus tangadar na Hamorítiġ, noċ do áitreiḃ annsa tslíaḃsin, amaċ ann ḃur naġaiḋ, agus do ruáigeadar siḃ, mar do níd beiċe, agus do scriosadar siḃ a Seir, go nuige Hormah.

45 Agus dó ḟilleaḃair agus do ġuileaḃair a laṫair an TIĠEARNA; aċd níor éist an TIĠEARNA re ḃur nglor, agus ní ṫúg cluas dáoiḃ.

46 Mar sin do ḟanaḃair ann Cádes mórán do laéṫiḃ, do réir na laéṫeaḋ do ḟanaḃaír annsin.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan