Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Daniel 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IX. Urnaiġ Ḋaniel arson muinntir an braiġdionais, 20 agus fáiġeadoireaċt na seaċtṁoḋad seaċtṁuine.

1 Annsa ċéid ḃlíaḋuin do Ḋárius ṁac Ahasuerus, do ṡíol na Médianaċ, noċ dá ndéarnaḋ ríġ ós cionn rioġaċd na Ccaldeánaċ;

2 Ann sa ċéidḃlíaḋuin dá rioġaċt ṫuig misi Dániel lé leaḃruiḃ uiḃir na mblíaḋan, do ṫáoḃ a ttáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Ieremiah an fáiḋ, iondus go ccoiṁlíonaḋ sé seaċtṁoġad blíaḋan a ḃfásuġaḋ Ierusalem.

3 ¶ Agus do ċuir mé maġaiḋ air an Tiġearna DIA, dá íarruiḋ le hurnuiġ agus lé gearánuiḃ, maille re trosgaḋ, agus le saicéadaċ, agus lé luáiṫreaḋ.

4 Agus do ġúiḋ mé ċum an TIĠEARNA mo Ḋía, agus do rinne mé mo ḟaóisidin, agus a duḃras, A Ṫiġearna an Día mór báoġlaċ, ag coṁall an ċunnarṫa agus trócaire don druing ġráḋuiġios é, agus don drong ċoiṁéadas a aiṫeanta;

5 Do ṗeacuiġeamairne, agus do rinneamar éigceart, agus do rinneamar go holc, agus do ċogamar, eaḋon le dealuġaḋ ód ṫeagasgaiḃsi agus ód ḃreiṫeaṁnusaiḃ:

6 Ní mó déisdeamar le do seirḃíseaċ aiḃ na fáiḋe, noċ do laḃair ann hainmsi lé ar ríġṫiḃ, re ar bprionnsaḋuiḃ, agus re ar naiṫriḃ, agus ré huile ṗobal na tíre.

7 O a Ṫiġearna, fíreuntaċd ḋliġios tusa, aċt sinne náire aiġṫeaċ, aṁuil atá a níuġ; do ṁuinntir Iúdah, agus do áitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, agus do Israel uile, atá a ḃfogus, agus a nimċéin, air feaḋ na nuile ṫíorṫann ionar ḋíoṫċuir tusa íad, do ḃríġ a bpeacuiḋ noċ do ṗeacuiġeadar ad aġaiḋsi.

8 O a Ṫiġearna, dliġmidne náire aiġṫe, ar ríġṫe, ar bprionnsaḋa, agus ar naiṫre, do ḃríġ gur ṗeacuiġeamar ad aġuiḋsi.

9 Re ar Ttiġearna DIA ḃeanas trócaire agus maiṫeaṁnus, bíoḋ gur ċaṫaiġeamairne na aġaiḋ;

10 Ní mó dúṁluiġeamar do ġúṫ an TIĠEARNA ar Ndía, do ṡíuḃal iona ḋliġṫiḃ, noċ do ċuir sé roṁuinn le na ṡeirḃíseaċaiḃ na fáiġe.

11 Do ṡáruiġ fós, Israel uile do ḋliġeaḋ, agus sin le filleaḋ air ais, ċor naċ éisdedís red ġúṫsa; uimesin do dóirteaḋ an málluġaḋ oruinn, agus an mionn atá scríoḃṫa a ndliġeaḋ Ṁaóise seirḃiseaċ Dé, do ḃríġ gur ṗeacuiġeamar na aġaiḋ.

12 Agus do ċoiṁlíon sé a ḃríaṫra, noċ do laḃair se ar naġaiḋ, agus a naġaiḋ ar mbreiṫeaṁan ṫug breiṫeaṁnus oruinn, lé taḃairt uilc ṁóir oruinn: óir ní déarnaḋ faói neaṁ go hiomlán aṁuil do rinneaḋ air Ierusalem.

13 Aṁuil atá scríoḃṫa a ndliġeaḋ Ṁaóise, ṫáinic an tolcso uile oruinn, ṫairis sin ní ḋeárnamairne ar nguiḋe a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA ar Ndía, ionnus go bḟillfimís ó ar nolc, agus go ttuigfemís ṫfírinnesi.

14 Uimesin do ḟorḟairiġ an TIĠEARNA ar a nolc, agus ṫug sé oruinne é: óir atá an TTIĠEARNA ar Ndía fíréanta ann uile oibreaċuiḃ do ní sé: óir níor uṁluiġeamairne dá ġúṫ.

15 Agus a nois, a Ṫiġearna ar Ndía, noċ ṫug do ṗobal amaċ as críċ na Hégipte le láiṁ láidir, agus fuáir clú ḋuit féin, aṁuil atá a niuġ; do ṗeacuiġeamairne, do rinneamar go holc.

16 ¶ O a Ṫiġearna, do réir huile ḟíréantaċd, íarruim daṫċuinġe ort, filltear ar ais ṫfearg agus ṫfíoċṁaireaċd ó do ċaṫruiġ Ierusalem, do ṡlíaḃ náoṁṫa: do ḃríġ gurob ar son ar bpeacuiġne, agus ar son éigceart ar naiṫreaḋ, atá Ierusalem agus do ṗobal na scannail do nuile dá ḃfuil gaċa táoḃa ḋínn.

17 Annois ar a naḋḃarsin, O ar Ndía, éisd guiḋe do ṡeirḃísiġ, agus a ġearáin, agus taḃair air haġaiḋ déallruġaḋ air do ṡanctóir atá áonránaċ, ar son an Tiġearna.

18 O mo Ḋía, cláon do ċlúas, agus cluin; oscuil do ṡúile, agus féuċ ar náonránaċt, agus an ċaṫair noċ goirṫear as hainm: óir ní ċuirmidne ar nguiḋe dot laṫair ar son ar nionracuis, aċt ar son do ṁórṫrócaireaḋ féin.

19 O a Ṫiġearna, éisd; a Ṫiġearna, maiṫ; a Ṫiġearna, cluinn agus déan; ná mainniġ, ar do ṡon féin, O mo Ḋía: óir is as hainm goirṫear do ċaṫair agus do ṗobal.

20 ¶ Agus an feaḋ do ḃí mé ag laḃairt, agus ag guiḋe, agus ag adṁáil mo ṗeacuiġ agus peacaḋ mo ṗobail Israel, agus ag cur mo ġearáin a laṫair an TIĠEARNA mo Ḋía ar son ṡléiḃe náoṁṫa mo Ḋé;

21 Fós, an feaḋ do ḃí mé ag laḃairt a núrnaiġ, an fear céadna Gábriel, noċ do ċonnairc mé annsa ḃfis ar tús, air ar tugaḋ eitiol do ḋéanaṁ go deiṫniosaċ, do ḃean sé riom a dtimċioll aimsire íoḋbarṫa an tráṫnóna.

22 Agus do ṫeagaisg sé ḋaṁ, agus do ċoṁráiḋ sé riom, agus a dúḃairt, A Ḋániel, ṫainic misi anois amaċ do ṫaḃairt gliocuis agus tuicsiona ḋuitsi.

23 A ttosaċ híarratuis ṫáinic a náiṫna amaċ, agus atáimsi ar tteaċd dá ṫaisbeanaḋ ḋuitsi; óir áta tú ar do ġráḋuġaḋ go ro ṁór: uimesin tuig an taḋḃar, agus meas a nfis.

24 Seaċtṁoġad seaċtṁuin do cinneaḋ air do ṗobal agus air do ċaṫruiġ náoṁṫa, do ċur críċe air a tsáruġaḋ, agus críoċ do ċur air ṗeacaḋuiḃ, agus do ḋéanaṁ síoṫċána ar son éigceirt, agus do ṫaḃairt fíréantaċda síorruiḋe a steaċ, agus do ṡéulaḋ na fise súas agus na tairrġire, agus dungaḋ an té is ro Náoṁṫa.

25 Bioḋ a ḟios agad air a naḋḃarsin agus tuig, go mbía ó ḋul amaċ na háiṫne Ierusalem daisiog agus do ċur súas gus an Messiah an Prionsa seaċd seaċtṁuine, agus trí fiṫċid agus dá ṡeaċtṁuin: cuirfiġear an tsráid súas a rís, agus an balla, eaḋon a naimsioruiḃ buáiḋearṫa.

26 Agus tar éis dá ṡeaċdṁuin agus trí fiṫċid géarfuiġear amaċ Messiah, aċt ní ar a ṡon féin: agus scriosfuiḋ pobal an ṗrionnsa ṫiucfas an ċaṫair agus an tsanctóir; agus biáiḋ a ccríoċ sin lé tuile, agus go deireaḋ an ċogaiḋ do cinneaḋ a náonranaċt.

27 Agus daingneoċa sé an cunraḋ ré mórán air feaḋ aoin tseaċdṁuine: agus a lár na seaċdṁuine do ḃéara sé air a nofráil agus air a níoḋbairt scur, agus do ḃríġ foirleiṫne ġráineaṁlaċda do ḋéana sé áonránaċ í, eaḋon go nuige an ccríoċnuġaḋ, agus sin ar ccinneaḋ dóirtfiġear é air a nuáignios.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan