Daniel 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VIII. Iomlaite agus cláoċloḋ iomaraċ na riġeuċta. 1 Annsa treas blíaḋain do rioġaċd Ḃelsassar do ċonncas aisling ḋaṁsa, ḋaṁsa Dániel, tar éis an níġ do ċonnairc mé a ċéaduáir. 2 Agus do ċonnairc mé a naisling; (agus ṫáinic a ccríċ, a nuáir do ċonnairc mé, go raiḃ mé ann Súsan annsa ṗálás, noċ atá a bproḃinnsi Elam;) agus do ċonnairc mé a naisling, agus do ḃí mé ag aḃuinn Ulai. 3 Annsin do ṫóig mé súas mo ṡúile, agus do ċonnairc mé, agus, féuċ, do ṡeas as coinne na haḃann reiṫe air a raḃadar ḋá aḋairc: agus dob árd an dá aḋairc; aċd buḋ áirde áon ná an dara, agus ṫáinic a naḋarc buḋ áirde súas fa ḋeireaḋ. 4 Do ċonnairc mé an reiṫe ag gaḃáil, síar, agus buḋ ṫúaiġ, agus buḋ ḋeas; ionnus naċ seasfaidís beaṫuiġ ar biṫ ris, nó áon do ḟéadfaḋ ní do ṡáoraḋ as a láiṁ; aċt do rinne do réir a ṫola féin, agus dfás sé mór. 5 Agus mar do ḃí mé ag meas, féuċ, ṫáinic gaḃar firionn ó náird ṡíar ar aḋáiġ na talṁan uile, agus níor ḃean ris an ttalaṁ: agus do ḃí aḋairc oirḋeirc eidir ṡúiliḃ an ġaḃair. 6 Agus ṫáinic ċum an reiṫe agá raiḃ an dá aḋairc, noċ do ċonnairc mé na ṡeasaṁ ag a naḃuin, agus do rioṫ sé ċuige a ccúṫaċ a neirt. 7 Agus do ċonnairc mé é ag teaċd a ḃfogus don reiṫe, agus do ḃí sé lán dfíoċ na aġaiḋ, agus do ḃúail sé an reiṫe, agus do ḃris a ḋá aḋairc: agus ní raiḃ cuṁaċda aig an reiṫe seasaṁ ris, aċd do ṫeilg sé síos ċum na talṁan é, agus do ṡaltair air: agus ní, raiḃ aon do ḟéad an reiṫe do ṡáoraḋ as a láiṁ. 8 Uimesin dfás an poc roṁór: agus an tan do ḃí sé láidir, do briseaḋ a naḋarc ṁór; agus ṫáinic iona háit ceiṫre haḋarca móirṁeasta leaṫ ré ceiṫre gáoṫaiḃ neiṁe. 9 Agus ṫáinic aḋarc ḃeag amaċ as aón aca, naċ dfás go hanṁór, don leaṫ ṫeas, agus don leaṫ ṡoir, agus leaṫ ris an ndúṫaiġ aóiḃinn. 10 Agus dfás sé mór, eaḋon go sluáġ neiṁe; agus do ṫeilg síos cuid don tsluáġ agus do na réultuiḃ gus an ttalaṁ, agus do ṡaltair sé orra. 11 Aseaḋ, do ṁóruiġ sé é féin eaḋon go prionnsa an tsluáiġ, agus is leis rugaḋ as a nioḋbairt láeṫeaṁuil, agus do teilgioḋ síos áit a ṡanctora. 12 Agus tugaḋ slúaġ ḋó a naġaiḋ na híoḋbarṫa láeṫeaṁla do ḃríġ sáruiġṫe, agus do ṫeilg síos a nfírinne gus an ttalaṁ; agus do ġnáṫuiġ sé, agus ṫáinic air a aġaiḋ. 13 ¶ Annsin do ċúala mé áon náoṁ ag laḃairt, agus a duḃairt náoṁ oile ris a náoṁ áiriġsin do laḃair, Ga fad ḃías a naisling a ttáoḃ na híoḋbarṫa láeṫeaṁla, agus sáruiġṫe na háonránaċda, do ṫaḃairt aráon na sanctóra agus an tsluáiġ do ṡaltairt faoi ċois? 14 Agus a dúḃairt seision riomsa, Go dá ṁíle agus trí ċéud lá; annsin glanfuiġear an tsanctóir. 15 ¶ Agus tárla, an tan do ċonnairc misi, misi Dániel, a nfis, agus do lorgair mé a cíall, annsin, féuċ, do ṡeas as mo ċoinne mar ṫaisbeanaḋ duine. 16 Agus do ċúala mé gúṫ dúine eidir ḃrúaċaiḃ Ulai, noċ do ġoir, agus a duḃairt, A Ġabriel, taḃair ar an ḃfearso an nfis do ṫuigsin. 17 Annsin ṫáinic sé a ḃfogus do náit ar ṡeas mé: agus a nuáir ṫáinic sé, do ḃí mé eaglaċ, agus do ṫuit mé air maġaiḋ: aċt a dúḃairt seision riom, Tuig, a ṁic an duine: óir is a ndeireaḋ na haimsire ḃías a naisling. 18 Anois mar do ḃí sé ag laḃairt riom, do ḃí mé a ccodlaḋ ṫrom ar maġaiḋ leaṫ ris an ttalaṁ: aċt do ḃean seision riom, agus do ċuir sé súas go díreaċ mé. 19 Agus a duḃairt sé, Féuċ, do ḃéara misi ort a ḟios do ḃeiṫ agad cread ḃías annsa ċríċ ḋeiġionuiġ an dioġaltais: óir biáiḋ an deireaḋ san nam ċinte. 20 An reiṫe do ċonnairc tú agá raiḃ ḋá aḋairc isíad sin ríġṫe Média agus Persia. 21 Agus isé an gaḃar garḃ ríġ na Gréige: agus isé an ċéid ríġ a naḋarc ṁór atá eidir a ṡúiliḃ. 22 Ar na ḃriseaḋ sin, a náit ar ṡeasadar ceaṫrar súas air a ṡon, seasfuid ceiṫre rioġaċta súas as an ccineaḋ, aċt ní iona cuṁaċdaiḃsion. 23 Agus san naimsir ḋeiġionuiġ a rioġaċda, an tan coiṁlíonfuiġear luċt an néigceirt, seasfuiḋ súas, riġ gnúise ḃuirbe, agus ráiḋteaḋ ndorċa do ṫuicsin. 24 Agus buḋ cuṁaċtaċ a neart, aċt ní le na ċuṁaċdaiḃ féin: agus scriosfuiḋ sé go hiongantaċ, agus raċaiḋ sé air a aġaiḋ, agus ġnáṫeoċuiġ, agus scriosfuiḋ sé na cuṁaċdaiġ agus na daóine náoṁṫa. 25 Agus fós tré na ġliocas do ḃéara sé biseaċ air ċeilg iona láiṁ; agus mórfuiḋ é féin iona ċroiḋe, agus lé síoṫċáin scriosfaiḋ sé iomad: seasfuiḋ sé fós súas a naġaiḋ Ṗrionnsa na bprionnsaḋ; aċt brisfiġear é a néagṁuis láiṁe. 26 Agus is fíor fis an tráṫnóna agus na maidne noċ do hinniseaḋ: uimesin íaḋsa súas a nfis; óir is a ccionn ṁóráin laéṫeaḋ ḃías sí. 27 Agus danḃfáinniġ misi Daniel, agus do ḃáḋas tinn laeṫe áiriġ; na ḋiáiġsin déiriġ mé súas, agus do rinne mé ġnoṫuiġe an ríġ; agus do ḃí uáṫḃás orum fa a naisling, aċd níor ṫuig duine ar biṫ í. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society