Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Daniel 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VII. Atáid na ceiṫre monarcaċa ba ṁó, fioġraiġte fa ċeiṫre ḃeaṫaċaiḃ.

1 Annsa ċéd ḃlíaḋuin do Ḃelsassar ríġ na Babilóine, do ċonnairc Dániel aisling agus fise a ċinn air a leabuiḋ: annsin do scríoḃ sé á naisling, agus dinnis sé suim na mbríaṫar.

2 Do laḃair Dániel agus a duḃairt, Do ċonnairc mé ann maisling san noiḋċe, agus, féuċ, do ṫroideadar ceiṫre gáoṫa neiṁe air an ḃfairge ṁóir.

3 Agus ṫangadar ceiṫre beaṫuiġ mora súas as an ḃfairge, éagsaṁuil gaċ áon ó ar oile.

4 Do ḃí an ċead aṁuil leoṁan, agus do ḃádar sciaṫáin iolair air: agus dfeaċus no gur ṫairngeaḋ a sciaṫain, do tógḃaḋ súas ón ttaláṁ é agus tugaḋ air seasaṁ air na cosaiḃ aṁuil duine, agus tugaḋ croiḋe duine ḋó.

5 Agus féuċ beaṫaċ oile, an dara, aṁail beiṫir, agus do ṫóg súas é féin ar táoḃ, agus do ḃí trí asna iona ḃéul idir a ḟiaclaiḃ: agus a duḃradar marso ris, Eiriġ, sluig mórán feóla.

6 Ná ḋiáiġso do ċonnairc mé, agus féuċ áon oile, aṁuil liopard, agá raiḃ ceiṫre sciaṫáin éin air a ḋruim; ceiṫre cinn fós air an mbeaṫaċ; agus tugaḋ tiġearnas dó.

7 Na ḋiáiġ so do ċonnairc mé a naislingiḃ na hoiḋċe, agus feuċ an ceaṫraṁaḋ beaṫaċ, úaṁnaċ agus imeaglaċ, agus ro neartṁar; agus do ḃádar fíacla móra íaruinn aige: do ṡluig sé agus do ḃris a mbloḋuiḃ, agus do ṗreab an ċuid oile le na ċosaiḃ: agus dob éagsaṁuil é do nuile ḃeaṫaċ ṫáinic roiṁe; agus do ḃádar deiċ naḋarca air.

8 Do ṁeas mé na haḋarca, agus, féuċ, ṫáinic súas iona measg aḋarc ḃeag oile, roiṁe a raiḃ a trí do na haḋarcaiḃ oile tairngṫe súas as a ḃfréuṁuiḃ: agus, féuċ, annsa naḋaircsi do ḃádar súile cosṁuil ré súiliḃ duine, agus béul ag laḃairt neiṫe móra.

9 ¶ Dféuċ mé nó gur teilgeaḋ na caṫaoire ríoġa síos, agus do ṡuiġ Sinsior na laéṫeaḋ, agá ráiḃ a ċulaiḋ coiṁġeal lé sneaċda, agus grúag a ċinn aṁuil olann ṁín: buḋ cosṁuil a ċaṫaóir ríoġa lé lasair ṫeineaḋ, agus a rioṫleáin aṁuil teine loiscniġ.

10 Ṫáinic sruṫ tinntiġe amaċ agus ṫáinic amaċ as a ċoinne: do ḃí míle do ṁíltiḃ ag miniostrálaċd dó, agus deiċ míle uáir deiċ míle do ṡeas as a ċoinne: do suiġeaḋ an breiṫeaṁnus, agus do hosclaḋ na leaḃair.

11 Dféuċ mé annsin do ḃríġ ġoṫa na mbríaṫar mór do laḃair a naḋarc: dféuċ mé nó gur marḃaḋ an beaṫaċ, agus gur milleaḋ a ċorp, agus gur tugaḋ don lasair ṫintiġe é.

12 A ttáoḃ na coda oile do na beaṫaċaiḃ, do beanaḋ a ttiġearnus díoḃ: giḋeaḋ do faduiġeaḋ a mbeaṫa air feaḋ tamuill agus aimsire.

13 Do ċonnairc mé a ḃfisiḃ na hoiḋċe, agus, féuċ, ṫáinic áon cosṁuil re Mac an duine lé neulluiḃ neiṁe, agus ṫáinic sé ċum Sinsir ná láeṫeaḋ, agus ṫugadar a ḃfogus dá laṫair é.

14 Agus tugaḋ tiġearnas, agus glóir ḋó, agus rioġaċt, ċor go ḃfoġnaḋ a nuile ṗobal, cineaḋ, agus teángṫa ḋó: is tiġearnas síorruiḋe a ṫiġearnas, naċ niomeoċaiḋ ṫort, agus sí a rioġaċt naċ díoġḃáiġfiġear.

15 Do ḃí misi Dániel doilġiosaċ ann mo spioraid a lár mo ċuirp, agus do ḃuáiḋriodar fise mo ċinn mé.

16 Ṫáinic mé a ḃfogus dáon díoḃ do ṡeas a ccoṁġar, agus dfíafruiġ mé a ḟírinne só uile ḋe. Annsin dinnis se ḋaṁ, agus ṫug orum fios céille na neiṫionn do ḃeiṫ agam.

17 Is ceiṫre ríġṫe, na ceiṫre beaṫuiġ ṁórasa, noċ éireoċus as an ttalaṁ.

18 Aċt géaḃuid naóiṁ an té is ro Airde an rioġaċd, agus sealḃoċuid an rioġaċd go bráṫ, go sáoġal ná sáoġal.

19 Annsin buḋ ṁían liom fios fírinne an ċeaṫraṁaḋ ḃeaṫuiġ dfaġáil, noċ dob éagsaṁuil ón ccuid eile uile, ro úaṫḃásaċ a raḃadar a ḟíacla díarann, agus a ingne do ṗrás; noċ do ṡluig, do ḃris a mbloḋuiḃ, agus do ḃrúiġ an ċuid oile le na ċosaiḃ;

20 Agus na ndeiċ naḋarc do ḃí ar a ċeann, agus a naóin oile ṫáinic súas, agus roiṁe ar ṫuitiodar tríur, eáḋon na haḋairce agá raḃadar súile, agus béul do laḃair neiṫe ro ṁóra, a raiḃ a ḟéuċuin niosa ró árrṫaċda náid a ċompanuiġ.

21 Do ċonnairc mé, agus do rinne a naḋarc ċéadnaso cogaḋ ris na náoṁuiḃ, agus do rug buáiḋ orra;

22 Nó go ttáinic Sinsior na laéṫeaḋ, agus tugaḋ breiṫeaṁnus do náoṁuiḃ an té is ro Airde; agus ṫáinic an tan gur ṡealḃuiġeadar na naóiṁ an rioġaċt.

23 Is marso a dúḃairt sé, Buḋ é an ceaṫraṁaḋ beaṫaċ an ceaṫraṁaḋ ríoġaċd air an ttalaṁ, noċ ḃías éagsaṁuil ó nuile rioġaċd, agus sluigfiḋ sé an talaṁ go hiomlán, agus sailteoruiḋ sé síos é, agus brisfiḋ a mbloḋuiḃ é.

24 Agus is deiċ ríġṫe na deiċ náḋarca éireoċus as an rioġaċd so: agus éireoċuiḋ ríġ oile na ndiaiġ; agus buḋ éaccosṁuil ón ċéid ríġ é, agus claóiḋfiḋ sé trí ríġṫe.

25 Agus laiḃeora sé bríaṫra móra a naġaiḋ an té is ro Airde, agus caiṫfiḋ amaċ naóiṁ an té is ró Airde, agus sáoilfiḋ aimsiora agus dliġṫe dáṫruġaḋ: do ḃéarṫar iona láiṁ íad go haimsir agus go haimsioruiḃ agus go roinn aimsire.

26 Aċt suiġfiḋ an breiṫeaṁnus, agus béaruid a ṫiġearnus úaḋa, da ḋíoṫ‐laiṫriuġaḋ agus da scrios go deireaḋ.

27 Agus béarṫar an rioġaċd agus an tiġearnas, agus mórḋaċd na rioġaċda faói neaṁ go hiomlán, do ṁuinntir náoṁ an té is ró Aírde, noċ ar rioġaċd síorruiḋe a rioġaċt, agus fóiġeonuid agus uiṁleoċuid a nuile ṫiġearnas dó.

28 Go nuige so atá críoċ a naḋḃair, Ar mo ṡonsa Dániel, do ḃuáiḋreadar mo smúaintiġṫe go mór mé, agus dáṫruiġ mo ḋealḃ ionnam: aċt do ċoiṁéad mé an ċúis ann mo ċroiḋe.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan