Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Daniel 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil V. Smaċt Ḃelsassar déis a ċráos agus a ṗótaireaċt.

1 Do rinne an ríġ Belsassar féusta mór do ṁíle ḋá ṫiġearnaḋuiḃ, agus diḃ sé fíon as coinne an ṁíle sin.

2 Dáiṫin Belsassar, an fad do ḃí sé ag blasaḋ a nfíona, na soiġṫiġe óir agus airgid do ṫaḃairt ċuíge noċ ṫug a aṫair Nebuċadnessar as an tteampall ó Ierusalem; ċor go nioḃaḋ an ríġ, agus a ṗriónnsaḋa, a ṁná, agus a leannáin, deoċ asda.

3 Annsin ṫugadar leó na soiġṫiġe óir rugaḋ as an tteampall ó ṫiġ Dé noċ do ḃí ann Ierusalem; agus diḃ an ríġ agus a ṗrionnsaḋa, a ṁná, agus a leannáin, deoċ asta.

4 Diḃiodar fíon, agus do ṁoladar na dée óir, agus airgid, agus práis, agus íaruinn, agus crainn, agus cloiċe.

5 ¶ Fa namsin féin ṫáinic amaċ méur láiṁe duine, agus do scríoḃ ṫall as coinne an ċoinnléora ar ṗlástráil ḃalla ṗáláis an ríġ: agus do ċonnairc an ríġ an ċuid don láiṁ do scríoḃ.

6 Annsin dáṫruiġ gnúis an ríġ, agus do ḃuáiḋreadar a smúaintiġṫe é, iondus go raḃadar ailt a leasruiġ scaóilte agus gur ḃuáiliodar a ġlúine a naġaiḋ a ċéile.

7 Dfúagair an ríġ go hárd na hastroluiġṫe, na Caldéanuiġ, agus an luċt áisdine do ṫaḃairt a steaċ. Agus do laḃair an ríġ, agus a duḃairt ré daóiniḃ eagnuiġe na Babilóine, Giḋ bé ar bioṫ léiġfios an scríḃinnsi, agus ṫaisbeanfus a cíall daṁsa, éideoċar é lé scáirléad, agus do ġeaḃuiḋ sé slaḃraḋ óir timċioll a ḃráġad, agus biáiḋ sé na ṫreas úaċtarán san rioġaċt.

8 Annsin ṫángadar uile ḋaóine críonna an ríġ a steaċ: agus níor ḟéadadar an scríḃinn do léaġaḋ, nó a cíall dinnisin don ríġ.

9 Annsin do ḃí an ríġ Belsassar ar na ḃuaiḋreaḋ go mór, agus daṫruiġ a ċruṫ uime, agus do ḃádar a ṫiġearnaḋa míoṡuáiṁneaċ.

10 ¶ Anois ṫáinic an ḃainríoġan do ḃriġ ḃríaṫar an ríġ agus a ṫiġearnaḋ go tiġ na fleiḋe: agus do laḃair an ḃainríoġan agus a duḃairt, A ríġ, mair go bráṫ: ná buáiḋreaḋ do smuáintiġṫe ṫú, agus ná háṫruiġeaḋ do ġnúis:

11 Atá duine ann do rioġaċd, iona ḃfuil spiorad na ndée náoṁṫa; agus a láeṫiḃ haṫar, fríṫ solus agus tuicse agus eagna ann, cosṁuil ré heagna na ndée; noċ dá ndéarna an ríġ Nebuċadnessar haṫair, an ríġ, a deirim, haṫair, maiġistir ar na draóiṫiḃ, air na hastroluiġṫiḃ, air na Caldeánaċaiḃ, agus air na faistineaċaiḃ;

12 Do ḃríġ gur fríṫ spiorad oirḋeirc, agus éolus, agus tuigsi, cialluġaḋ aislingṫeaḋ, agus taisbeanaḋ cceastanna ccruáiḋ, agus fúasclaḋ cuntaḃart annsa Dániel sin, dá ngoireaḋ an ríġ Beltesassar: a nois goirṫear Dániel, agus foillseoċuiḋ sé an ċíall.

13 Annsin rugaḋ Dániel a steaċ a laṫair an ríġ. Agus do laḃair an ríġ agus a duḃairt ré Dániel, An tusa an Dániel úd, noċ atá do ċlainn daóirsine Iúdah, noċ ṫug an ríġ mo aṫair as tír Iúduiġe?

14 Do ċúalaiḋ misi iomráḋ dot ṫaóiḃ, go ḃfuil spiorad na ndée ionnad, agus gur fríṫ solus agus tuicsi agus eagna oirḋeirc ionnad.

15 Agus anois tugaḋ na daóine glioca, agus na hastroluiġṫe a steaċ dom laṫairse, iondus go leiġdis an scríḃinnsi, agus a cíall dfoillsiuġaḋ ḋaṁ: aċt níorḟéadadar cíall an neiṫe dfoillsiuġaḋ:

16 Agus do ċúala mé dot ṫaoiḃsi, go ḃféudann tú cíalluġaḋ, agus fúasclaḋ ceastann: a nois má ḟéadann tú an scríḃinnsi do léaġaḋ, agus a cíall dinnisin daṁsa, éideoċar lé scáirléad ṫú, agus biáiḋ slaḃraḋ óir fád ḃráġaid, agus biáiḋ tú ad ṫreas úaċdarán annsa rioġaċt.

17 ¶ Annsin do ḟreagair Dániel agus a duḃairt a laṫair an ríġ, Bídís do ḃronta agad féin, agus taḃair do luáiġeaċd do neaċ oile; giḋeaḋ léiġfiodsa an scríḃinn don ríġ, agus foillseoċa mé a cíall dó.

18 Ṫusa a ríġ, ṫug an Día is ro áirde dot aṫair Nebuċadnessar rioġaċd, agus morḋaċd, agus glóir, agus onóir:

19 Agus do ḃríġ na mórḋaċda ṫug sé ḋó, do ċrioṫnuiġiodar a nuile ṗobal, cineaḋaċa, agus teangṫa, agus do ḃí eagla orra roiṁe: do ṁarḃaḋ sé an té do ṫograḋséféin; do ċongṁaḋ sé beo an tí do ṫograḋ sé; agus do ċuireaḋ sé súas an tí ṫograḋ; agus do ċuireaḋ sios an tí do báill leis.

20 Aċt an tan tógḃaḋ a ċroiḋe súas, agus do ċruáiḋ a inntin a núaḃar, do cuireaḋ as a ċaṫaóir ríoġa é, agus do ḃeanadar a ġlóir ḋe:

21 Agus do díoṫċuireaḋ é ó ṁacaiḃ na ndaóine; agus do rinneaḋ a ċroiḋe cosṁuil ris na beaṫaċaiḃ, agus do ḃí a ċoṁnuiḋe a ḃfoċair na nassal ḃfíaḋta: do ḃíaṫadar é lé féur aṁuil daiṁ, agus do ḃí a ċorp fliuċ lé drúċt neiṁe; nó gur ṫuig sé gur bé an Día is ro áirde ríaġlas a rioġaċd na ndaóine, agus go nórduiġionn sé ós a ccionn an té is áill leis.

22 Agus ṫusa a ṁacsan, a Ḃelsassar, níor úṁluiġ tú do ċroiḋe, giḋ gur ḃfeas duit so uile;

23 Aċt dárduiġis ṫú féin a naġaiḋ Ṫiġearna neiṁe; agus ṫugadar soiġṫiġe a ṫiġe ann ṫfíaġnuisi, agus diḃ tusa, agus do ṫiġearnaḋa, do ṁná, agus do leannáin, fíon asda; agus do ṁol tú na dée airgid, agus óir, práis, íaruinn, crainn, agus cloiċe, naċ ḃfaicionn, naċ ccluin, agus naċ feasaċ: agus ní ṫug tú glóir do Ḋía, a láiṁ a ḃfuil hanál, agus gur leis huile ṡliġṫe:

24 Annsin do cuireaḋ an ċuid don láiṁ uáḋa, agus do scríoḃaḋ an scriḃinnsi.

25 ¶ Agus sí so an scríḃinn do scríoḃaḋ, MENE, MENE, TECEL, UṖARSIN.

26 Isí so cíall na ḃfocal: MENE; Dáiriṁ Día do rioġaċt, agus do ċríoċnuiġ sé í.

27 TECEL; Do toiṁseaḋ ṫú annsa meaḋ, agus do fríṫ easḃuiḋeaċ ṫú.

28 PERES; Do roinneaḋ do rioġaċd agus tugaḋ do na Medianaċaiḃ agus do na Persianaċaiḃ í.

29 Annsin dfúagair Belsassar, agus déaduiġeadar Dániel le scáirléad, agus lé slaḃraḋ óir fá na ḃráġaid, agus ṫugadar fógra ḋa ṫaóiḃ, go mbíaḋ sé na ṫreas úaċdarán san rioġaċd.

30 ¶ A noiḋċesin do marḃaḋ Belsassar ríġ na Ccaldeánaċ.

31 Agus do ġlac Dárius an Médianaċ an rioġaċd, ar mbeiṫ ḋó timċioll ṫrí ḃfiṫċid agus dá ḃlíaḋan daóis.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan